Múnlú Aeráide

Déanann Met Éireann taighde aeráide, ar scála réigiúnach agus ar scála domhanda, mar thacaíocht don Chreat Oiriúnaithe Náisiúnta um Athrú Aeráide Éireann agus an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC).

Tionscadal Idirchomparáide Múnla Cúpláilte (CMIP)

Tá CMIP eagraithe faoin gClár Taighde Aeráid an Domhain agus socraíodh suas é chun tuiscint níos fearr a fháil ar athrú aeráide san am atá caite agus amach romhainn. Ó cuireadh tús leis tá sé ina chuid thábhachtach de Thuarascálacha Measúnaithe an Phainéil Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC). Tá rití déanta ag Met Éireann don 5ú céim de chuid CMIP (CMIP5) leis an múnla CE-an Domhan agus beidh sé á dhéanamh don CMIP6 atá ag teacht aníos.

CE-an Domhan

Bunaíodh an cuibhreannas CE-an Domhan chun múnla aeráide domhanda atmaisféire-aigéin-talúna-bithsféire nua agus feabhsaithe agus cúpláilte go hiomlán a fhorbairt. Déanann Met Éireann agus Ionad na hÉireann um Ríomhaireacht Ardleibhéil suas cuibhreannas CE-an Domhain d’Éire.

Baill chuibhreannais CE-an Domhan

Tá ball atmaisféarach (ECMWF múnla IFS, timthriall 36r4), ball aigéin (NEMO múnla imshruthaithe aigéin dhomhanda) agus ball oighir-farraige (múnla oighir farraigeLIM, Ollscoil Louvaine-la-Neuve), agus cinn eile ag múnla aeráide CE-an Domhain. Tá forbairt leanúnach ar siúl le CE-an Domhan bainfear úsáid as an leagan deiridh (3.2) i gcomhair CMIP6 (Figiúr 2). Tá múnla fásra agus bithgheoimice agus tiomsaitheoir nuashonraithe mar chuid den leagan is déanaí.

Múnla Aeráide CE-an Domhain

Rinne Met Éireann sraith de rití ensemble CMIP5 go 2100, faoi fhórsáil radantach meán go hard RCP. Déantar tomhas ar athrú san aeráid trí bhreathnú ar an athrú i bparaiméadar áirithe idir tréimhse dhearfa áirithe sa todhchaí agus tréimhse bonnline. Taispeántar an t-athrú i dteocht 2m bhliantúil maidir le bonnlíne 1961-1990, do chásanna arda agus ísle RCP (4.5 agus 8.5) sa bheochan a leanas:

Tá ullmhúchán i gcomhair CMIP6 ag dul ar aghaidh agus tá sé i gceist go dtosófar ar rití CMIP6 níos déanaí in 2017.