Tá go leor duaiseanna buaite ag Met Éireann as a sheirbhísí thar na blianta
Buann Podchraoladh Met Éireann an duais don Phodchraoladh Aeráide is Fearr ag Duaiseanna Podchraolta na hÉireann 2023
Bronnadh an duais ar Met Éireann ag Duaiseanna Podchraolta na hÉireann bliantúil
Bronnadh an duais “An Podchraoladh Aeráide is Fearr na Bliana” ar ‘Podchraoladh Met Éireann’ ag Duaiseanna Podchraoladh na hÉireann. Bhí an searmanas bronnta bliantúil ar siúl ar an 21 Samhain, in Óstán Morrison i mBaile Átha Cliath. Bhí Podchraoladh Met Éireann curtha ar an ngearrliosta in éineacht le roinnt podchraoltaí den scoth sa chatagóir Aeráide agus roghnaigh painéal na moltóirí é chun an gradam a thabhairt abhaile.
Bhí láithreoir an phodchraolta, an Dr Noel Fitzpatrick, agus an t-oifigeach Cumarsáide Digiteach, Joanne Walker, i láthair ar an oíche chun an duais a ghlacadh.
“ Tá lúcháir orainn duais an Phodchraolta Aeráide is Fearr a bhuachan ” a dúirt Noel. “Tá dea-chumarsáid eolaíochta thar a bheith tábhachtach, go háirithe i réimse na haimsire agus na haeráide. Táimid fíorbhuíoch de na moltóirí as aitheantas a thabhairt dár n-iarrachtaí. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil lenár n-aíonna iontacha as a gcuid ama agus as a saineolas a roinnt, agus lenár n-éisteoirí iontacha go léir as tiúnáil isteach linn”.
Is beag rud a théann i bhfeidhm orainn go laethúil cosúil leis an aimsir; conas a oibrímid agus a thaistealaímid, conas a dhéanaimid aclaíocht agus sóisialú, conas a fhásaimid ár mbia, ár sábháilteacht agus fiú conas a mhothaímid. Tá ár n-aimsir agus ár n-aeráid ag athrú, agus is féidir le tuiscint níos fearr ar ár n-atmaisféar cabhrú linn ár mbealach a dhéanamh trí na hathruithe sin.
Fiosraíonn Podchraoladh Met Éireann gach rud a bhaineann leis an aimsir agus leis an aeráid, mistéirí ár n-atmaisféir, agus buaileann sé leis na daoine a oibríonn chun iad a thuiscint. Bíonn aíonna nua i dteannta an Dr. Noel Fitzpatrick i ngach eagrán agus iad ag cabhrú leis an eolaíocht agus a tionchair fhairsinge a nochtadh.
Is féidir leat éisteacht nó liostáil le Podchraoladh Met Éireann cibé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí, nó is féidir leat tiúnáil isteach anseo tríd ár suíomh gréasáin.
Moladh Onórach an EDM (an Eagraíocht Dhomhanda Mheitéareolaíochta) don Aip Met Éireann
Ar an 15 Nollaig 2020, reáchtáíl an EDM a céad searmanas do Ghradaim Idirnáisiúnta na nAipeanna Aimsire, inar fógraíodh torthaí an chomórtais seo, a seoladh i mí Lúnasa 2020. Reáchtáladh an ócáid ar líne ar a gcainéal YouTube anseo.
“Tugann Comórtas Gradaim na nAipeanna Aimsire aitheantas do shármhaitheas i réimse na n-aipeanna soghluaiste atá ag feabhsú i gcónaí, agus atá anois ar an mbealach is forleithne don phobal chun rochtain a fháil ar fhaisnéis aimsire agus chun í a úsáid.”
Bhí sé mar aidhm ag an EDM, trína fiontar Rannpháirtíochta Poiblí-Príobháideach, ‘aitheantas a thabhairt agus forbairt aipeanna soghluaiste atá ag feabhsú i gcónaí a bhaineann le faisnéis aimsire agus aeráide a spreagadh’ Léigh níos mó..
Ba chuid de cheiliúradh 70 bliain na heagraíochta in 2020 an searmanas bronnta duaiseanna, a raibh an Comórtas Féilire bliantúil do ghrianghrafadóireacht aimsire mar chuid de.
Fuair an comórtas 118 iontráil ó gach cearn den domhan. Bhí cothromaíocht mhaith sna haighneachtaí idir an earnáil phoiblí (38%), an earnáil phríobháideach (41%), agus eile (21%), lena n-áirítear ollscoileanna, institiúidí taighde agus díograiseoirí aimsire príobháideacha.
D’aithin an giúiré idirnáisiúnta 13 bhall, ina raibh saineolaithe san aimsir agus san aeráid, i dTF, i gcumarsáid agus san eolaíocht shóisialta, 18 buaiteoir agus 14 Moladh Onórach thar thrí chatagóir.
Tá lúchair orainn gur bhuaigh aip Met Éireann an Moladh Onórach i nGrúpa 3, fochatagóir 1: Duais as Ábhar Faisnéise – úsáideacht, iontaofacht, cainníocht agus cáilíocht na faisnéise a cuireadh isteach ón earnáil phoiblí (aipeanna na SNMH). Is aitheantas agus onóir é Moladh Onórach a fháil dár n-aip do cháilíocht agus do mhéid na réamhaisnéisí aimsire a sholáthraíonn sé. Seasann sé mar fhianaise ar shaineolas ár réamhaisnéiseoirí aimsire agus forbróirí RAU go háirithe, chomh maith le hiarrachtaí níos leithne na foirne dearaidh agus tástála.
Catagóirí Duaise:
Grúpa 1 – Nuálaíocht agus cur chun cinn úsáid faisnéise aimsire agus aeráide le haghaidh forbartha.
Grúpa 2 – Catagóir duaise d’aipeanna speisialaithe.
Grúpa 3 – Réamhaisnéisí agus faisnéis aimsire poiblí (catagóir ghinearálta).
Fochatagóir 1. Duais as ábhar faisnéise – úsáideacht, iontaofacht, cainníocht agus cáilíocht na faisnéise
Fochatagóir 2. Duais as dearadh agus cur i láthair na faisnéise – so-láimhsitheacht don úsáideoir, rochtain, oiriúnú
Léigh níos mó faoin searmanas agus féach ar an liosta iomlán de na Buaiteoirí agus na Moltaí Onóracha in alt nuachta an EDM anseo
Duaiseanna Aipe agus searmanas féilire an EDM ar YouTube
Ag nóiméad 32, pléann an giúróir Neil Gordon an próiseas roghnúcháin do Ghrúpa 3, ag léiriú meas ar leith ar ghnéithe ar aip na hOifige Meitéareolaíochta, amhail léarscáileanna rabhaidh inchliceáilte agus dathchódaithe, chomh maith le comhairle bunaithe ar thionchar agus gníomhartha poiblí molta.
Ag nóiméad 37, Pléann Gerry Fleming an próiseas roghnúcháin do chatagóirí Ghrúpa 3. I bhFochatagóir 1, rinneadh moltóireacht ar úsáideacht, iontaofacht, cainníocht agus cáilíocht faisnéise na n-aipeanna.
Bua ag Met Éireann ag Gradaim eRialtais na hÉireann
Aithníonn Gradaim agus Cruinnithe Mullaigh eRialtais na hÉireann, i gcomhpháirtíocht le eir Business agus Cisco, na nuálaithe agus na ceannairí físeacha atá ag déanamh athruithe ceannródaíocha agus ag feabhsú seachadta seirbhísí poiblí ar líne ar fud oileán na hÉireann .
Is iad na Gradaim an t-aitheantas is mó le rá in Éirinn i réimse an eRialtais, ag ceiliúradh na gceannairí atá ag cur seirbhísí digiteacha, cumarsáide agus daonlathais ar líne chun cinn.
Reáchtáladh searmanas Gradaim eRialtais na hÉireann i Halla na Cathrach ar an 11 Meán Fómhair.
Gearrliostaíodh Met Éireann i gceithre chatagóir:
Gradam Dearaidh Uilíoch arna urrú ag an UNM – don Suíomh Gréasáin agus Aip nua Met Éireann
Gradam na hAipe Móibíleach – don Aip nua Met Éireann
Gradam Margaíochta agus na Meán Sóisialta – Twitter Met Éireann
Gradam na Gaeilge – Seirbhís Gaeilge Met Éireann
Bhí lúchair orainn Gradam Margaíochta agus na Meán Sóisialta agus Gradam Dearaidh Uilíoch a bhuachan!
Gradam Margaíochta agus na Meán Sóisialta do Twitter Met Éireann
Tá ról lárnach ag na meáin shóisialta i gcumarsáid Met Éireann leis an bpobal Éireannach.
Thosaíomar ár láithreacht ar Twitter i Meán Fómhair 2014. I mí Iúil 2017, chuireamar tús le hathbheochan ar ár gcuntas Twitter leis an aidhm freastal ar níos mó daoine in Éirinn agus feabhas a chur ar cháilíocht ár rannpháirtíochta. Trí nuálaíochtaí teicneolaíochta a ghlacadh agus cruthaitheacht agus samhlaíocht a spreagadh (gan aon chostas breise don eagraíocht), d’fhásamar ár leantóirí Twitter ó 85,000 i mí an Mheithimh 2017 go 210,000 faoi mhí Mheán Fómhair 2019.
Bhí 1.1 milliún amharc leathanaigh in aghaidh na míosa in 2017. Sa bhliain 2019, bhí sé 6 mhilliún. Is méadú 550% é seo.
Tá Met Éireann anois i measc an dá sheirbhís náisiúnta meitéareolaíochta is fearr san Eoraip i dtéarmaí leantóirí Twitter.
Comhghairdeas le Gavin Gallagher, Joanne Walker agus an fhoireann chumarsáide san Oifig Réamhaisnéise.
Joanne Walker ó Met Éireann, ag glacadh leis an nGradam Margaíochta agus na Meán Sóisialta do Twitter Met Éireann. Bronnta ag Mary Mitchell O’Connor, TD. Aire Stáit ag an Roinn Oideachais
- Joanne Walker from Met Éireann, accepts the Marketing & Social Media Award for Met Éireann Twitter. Presented by Mary Mitchell O’Connor TD. Minister of State at the Department of Education
Gradam Dearaidh Uilíoch do Shuíomh Gréasáin agus Aip Met Éireann
Tá aitheantas faighte ag ár suíomh gréasáin www.met.ie as faisnéis mheitéareolaíochta ardchaighdeáin a sholáthar i bhformáid atá inrochtana go héasca do raon leathan úsáideoirí.
Tá Met.ie ar cheann de na suíomhanna gréasáin is mó cuairt san earnáil phoiblí le breis is 7.2 milliún úsáideoir agus breis is 60 milliún amharc leathanaigh ó seoladh é i mí Aibreáin 2018. Tá an caighdeán Idirnáisiúnta Inrochtaineachta gréasáin WCAG 2.0 Leibhéal AA.
Íoslódáladh ár n-aip breis agus 550,000 uair.
Met.ie has a high bounce rate of 60% which tells us that over half of users can gain the required information from just one page. Met.ie is also fully mobile responsive.
Accessibility information is available here https://www.met.ie/accessibility This link is available in the website footer.
The location-based forecasts were designed to show all important weather forecast data in an easy to access and understand design, especially on the app.
The Accessible Forecast page https://www.met.ie/forecasts/accessible-forecast/ and the whole website is fully screen-reader accessible, allowing visually impaired users to be informed of issued weather warnings, on the header on all pages, thus enhancing our public safety role.
- Donal Rice from the NDA, with Joanne Walker from Met Éireann, winner of the Universal Design Award with Mary Mitchell O’Connor TD,
#egovawards2019
Gradaim RÉALTA an RTRÁO
Bhuaigh The Met Éireann Podcast gradam ag Gradaim RÉALTA 2021 an RTRÁO. Liostáil pé áit a fhaigheann tú do phodchraoltaí
Gradaim RÉALTA 2020
Ag Gradaim RÉALTA an RTRÁO i mí Iúil 2019, bhuaigh suíomh gréasáin agus aip Met.ie Gradam Buaiteoir na Roinne.
Bhuaigh tionscadal IREPS de chuid Rannóg Taighde Met Éireann an Gradam Ardmholta.
Roghnaíodh Met.ie agus an aip freisin le bheith ainmnithe ag gradaim Sármhaitheasa agus Nuálaíochta na Státseirbhíse níos déanaí i mbliana.
Foilsithe ar an 13 Meán Fómhair 2019
Gradaim Sábháilteachta Uisce na hÉireann
Bhronn Sábháilteacht Uisce na Éireann (SUÉ) “Gradam Pobail agus Freagrachta Sóisialta SUÉ” ar Met Éireann Dé Céadaoin an 28 Samhain 2018 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Roger Sweeney, POF Sábháilteacht Uisce na hÉireann; Evelyn Cusack, Ceannasaí na Roinne Réamhaisnéise, Met Éireann; Seán Canney TD, Aire Stáit um Fhorbairt Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach
Bhí Ceannasaí na Réamhaisnéise i Met Éireann, Evelyn Cusack, i láthair, mar aon lena comhghleacaithe Joanne Walker agus Andrew Doran-Sherlock, chun an gradam a ghlacadh. Bronnadh an gradam ag an Uasal Seán Canney TD, Aire Stáit um Fhorbairt Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Is comhlacht deonach reachtúil agus carthanas cláraithe é Sábháilteacht Uisce na hÉireann a bunaíodh chun sábháilteacht uisce a chur chun cinn agus bá in Éirinn a laghdú. Díríonn siad ar Fheasacht Phoiblí agus Oideachas maidir le sábháilteacht uisce.
Bhain Met Éireann leas as ár seasamh údaráis chun comhairle faoi Shábháilteacht Uisce na hÉireann a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin le nasc feiceálach ar ár leathanach baile chuig suíomh gréasáin Shábháilteacht Uisce na hÉireann www.iws.ie ó Mheitheamh go Samhain agus chuireamar comhairle sábháilteachta faoi Shábháilteacht Uisce na hÉireann chun cinn ar ár leathanaigh meán sóisialta freisin.
Sábháladh tríocha sé duine ar a bhá ag tarrthálaithe a fuair aitheantas ag Searmanas Bronnta Náisiúnta Bliantúil Shábháilteacht Uisce na hÉireann in Ionad Comhdhála Hibernia, Caisleán Bhaile Átha Cliath Dé Céadaoin an 28 Samhain 2018, 2.30pm – 5 pm. Bhronn an tUasal Seán Canney TD, Aire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, “Duais Tarrthála Díreach in Am Seiko” ar na tarrthálaithe mar bhuíochas as an oiread sin beatha a shábháil. ‘Is mór an onóir dom ómós a thabhairt do na faighteoirí cróga seo. Ar an drochuair, báitear meán de 127 duine in Éirinn gach bliain. Cé go bhfuil barraíocht ann sin, bheadh sé níos airde fós mura mbeadh gníomhartha gaisce na ndaoine seo a tharrtháil daone eile óna mbá, mar aon le hobair dhíograiseach oibrithe deonacha Sábháilteachta Uisce na hÉireann
atá ag múineadh scileanna snámha agus tarrthála uisce.”
Bronnadh Gradaim d’Oibrithe Deonacha Fadseirbhíse ar 63 oibrí deonach, mar aitheantas ar 1,315 bliain seirbhíse eatarthu de scileanna snámha, tarrthála uisce agus marthanais a roinnt le pobail ar fud na tíre. Tugann obair oibrithe deonacha Shábháilteacht Uisce na hÉireann maidir le Gardaí Tarrthála a mhúineadh agus a mheasúnú torthaí tarrthála beatha ar ár n-uiscebhealaí gach bliain. An samhradh seo amháin, tharrtháil Gardaí Tarrthála 331 duine óna bhá, gur thug siad garchabhair ar 4,496 ócáid, agus thug siad 329 leanbh caillte a fuarthas ag spaisteoireacht leo féin in aice leis an uisce ar ais le chéile lena dteaghlaigh arís.” “Iarraim ar gach duine fásta iad féin a chur ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann le bá”, a dúirt an tAire Canney ansin. “Is féidir le tragóid tarlú laistigh de chúpla soicind, ach is furasta é a chosc má fhoghlaimíonn daoine faoi na guaiseacha agus má ghlacann siad freagracht phearsanta as a sábháilteacht féin. Iarraim ar gach duine a gcairde agus a dteaghlach a spreagadh chun treoirlínte Sábháilteachta Uisce na hÉireann a léamh ag www.iws.ie ionas go mbeidh an t-eolas, na scileanna agus na dearcaí riachtanacha acu chun nach mbeidh siad ina staitistic báite eile.”
- Seán Canney TD, Evelyn Cusack, Martin O’Sullivan Chairman of IWS, Andrew Doran-Sherlock, Joanne Walker
- Evelyn was honoured to have her photo taken with Finn Bell Ryan who won a SEIKO Just In Time award for saving the life of a three-year-old boy while on holiday in Portugal. He is the youngest ever recipient of this award.
- Image of link to Irish Water Safety website www.iws.ie on our homepage during summer months
Réadlann Dhairbhre Aitheanta mar Stáisiún Breathnóireachta Céad Bliain an EDM
D’aithin an the Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO) Réadlann Dhairbhre le déanaí mar Stáisiún Breathnóireachta Céad Bliain, ag ceiliúradh breis agus 100 bliain de shonraí meitéareolaíochta comhsheasmhacha, ardchaighdeáin a taifeadadh ag an Réadlann. Ar an 17 Feabhra, comóradh an gharsprioc seo ag an Réadlann i gCathair Saidhbhín, Co. Chiarraí, le nochtadh plaice ag Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins.
Le linn na searmanais, tugadh camchuairt don Uachtarán de chláir eolaíochta na Réadlainne agus de Theach stairiúil Westwood; Bhí an deis aige balún aimsire a lainseáil freisin. Tar éis óráidí agus nochtadh na plaice, bronnadh cuimhneachán ar an Uachtarán den chéad bhreathnóireacht aimsire a taifeadadh i nDairbhre sa bhliain 1860. Bhronn Peer Hechler ón EDM an teastas creidiúnaithe foirmiúil ar Stiúrthóir Met Éireann, Eoin Moran. D’fhreastail thart ar 200 duine ar an ócáid, lena n-áirítear aíonna speisialta, baill den phobal, Peer Hechler ón Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (EDM), Simon Gilbert ó Oifig Meitéareolaíochta na RA, an tAire Stáit Damien English, agus an tAire Brendan Griffin. Bhí grúpa mór baill foirne atá ar scor i láthair freisin, a raibh ról lárnach ag a gcuid ranníocaíochtaí i gcabhrú le Réadlann Dhairbhre creidiúnú den chéad scoth a fháil.

An Stiúrthóir Eoin Moran agus Emila Main ag lainseáil balún aimsire leis an Uachtarán Higgins.
Féach ar ár suíomh gréasáin le haghaidh tuilleadh eolais faoi stair agus cláir eolaíochta Réadlann Dhairbhre.

Peer Hechler (EDM) ag bronnadh an teastais chreidiúnaithe ar Eoin Moran.
Gradam Meitéareolaí Craolta CME 2018 do Evelyn Cusack
Ba mhaith linn comhghairdeas ó chroí a dhéanamh lenár sárchraoltóir féin, Evelyn Cusack, Ceannasaí na Roinne Réamhaisnéise i Met Éireann, as Gradam Meitéareolaí Craolta CME 2018 a fháil!
Tugann an gradam seo onóir do shaothar saoil meitéareolaí craolta den scoth. Thosaigh a gairm bheatha fhada agus céimiúil san eolaíocht mheitéareolaíochta i 1981 mar réamhaisnéiseoir aimsire, agus i 1988, leathnaigh sí a scileanna craoltóireachta chun teilifís a áireamh.
Seo nasc chuig an alt i gCumann Meitéareolaíochta na hEorpa:
https://www.emetsoc.org/broadcast-meteorologist-award-for-evelyn-cusack/