Tá roinnt céimeanna le tógáil sula léann réamhaisnéiseoir amach Réamhaisnéis na Limistéar Farraige ar an raidió náisiúnta nó sula ndéanaimid tvuíteáil ar réamhaisnéis ghearr. Is iad na ceithre chéim:
- Breathnóireachta a Bhailiú
- Comhshamhlú Sonraí
- Tuar Aimsire Uimhriúil
- É ar fad a thabhairt le chéile chun réamhaisnéis a chur ar fáil
Breathnóireachta
Tá Met Éireann ag déanamh taifeadadh ar bhreathnóireachta den iliomad paraiméadar aimsire ar fud na tíre gach nóiméad de gach lá. Déantar taifeadadh ar luas agus treo na gaoithe, méideanna frasaíochta, teochtaí, léamh brú agus roinnt mhaith réimsí eile. Tá thart ar 25 stáisiún aimsire ag déanamh na mbreathnóireachta uathoibríocha sin agus ansin cuirtear ar ais iad chuig an gCeanncheathrú i nGlas Naíon. Seolann ár stáisiún i bhFaireachlann Dhairbhre balún raidió sondála gach lá, a thomhaiseann paraimeadair fisiciúla áirithe agus é ag dul in airde sa spéir.
Comhshamhlú Sonraí
Cén fáth a bhfuilimid ag bailiú na mbreathnóireachta sin? Chun réamhaisnéis a chur ar fáil caithfimid staid reatha an atmaisféir a dhearbhú ar dtús. Déantar é seo trí Chomhshamhlú Sonraí.
Le Comhshamhlú Sonraí cuirtear réamhaisnéis a bhí ann cheana i gcomparáid leis na fíor-bhreathnóireachta. Déantar nuashonrú ar staid an mhúnla ansin chun na breathnóireachta is mó atá cothrom le dáta a léiriú. Tugtar anailís ar seo.
chomhshamhlú ag cur le rud éigin ar a dtugtar Feidhm Costais, J (féach cothromoid thíos). Caithfear an Fheidhm Chostais seo a íoslaghdú chun go mbeimid ag an túsphointe is fearr chun réamhaisnéis a thabhairt. Glaoitear sonraí athrúchánacha tríthoiseacha nó 3D-Var ar mhodh amháin chun é seo a bhaint amach. Tugann an graf a leanas forbhreathnú ar 3D-Var. Trí bhreathnóireachta a chomhcheangal le réamhaisnéis a rinneadh cheana faighimid an meastachán is fearr ar na coinníollacha reatha san atmaisféar. Is féidir linn é seo a chur chun cinn in am trí mhúnlaí réamhaisnéise Thuar Aimsire Uimhriúil a úsáid.
Múnla Réamhaisnéise Thuar Aimsire Uimhriúil
Rithimid múnla Harmonie Aimsire Uimhriúil (NWP) i Met Éireann. Tóg sé múnla ar an atmaisféar ag baint úsáide as bunchothromóidí na meitéareolaíochta.
Táthar ag rith an múnla sin ar sár-ríomhairí ag Ionad na hÉireann um Ríomhaireacht Ardleibhéil (ICHEC). Beidh Met Éireann ag aistriú múnla NWP chuig an Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin i mbliana.
Cuireann an múnla sonraí réamhaisnéise ar fáil d’éagsúlacht leathan paraiméadair dhromchla ar nós gaoth, báisteach, teocht agus frasaíocht. Cuireann múnla NWP réamhaisnéisí ar fáil mar sin féin, ní hamháin ag leibhéal na talún, ach do leibhéil bhrú suas go 30km. Tugtar na sonraí sin ansin do na Rannóga Réamhaisnéise agus Eitlíochta i Met Éireann.
Met Éireann’s Harmonie NWP model domain
Grid points: 1000 x 900
Vertical levels: 65
Mesh size: 2.5km
É ar fad a thabhairt le chéile chun réamhaisnéis a chur ar fáil
Coinníonn Met Éireann faire aimsire 24 uair an chloig, 7 lá na seachtaine, 365 lá sa bhliain. Oibríonn réamhaisnéiseoirí in oifigí na Réamhaisnéise Ginearálta agus Eitlíochta araon lá agus oíche chun réamhaisnéisí a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, do chustaiméirí speisialaithe, d’aerfoirt agus do na seirbhísí éigeandála. Léirshamhlaítear na sonraí réamhaisnéise trí chóras Aimsire Infheicthe IBL. Tugann sé sin bealach do na reamhaisneoirí na sonraí réamhaisnéise a fheiceáil agus an réamhaisnéis a chur ar aghaidh, zúmáil isteach i láithreacha ar leith agus trasghearrtha a chur ar fáil d’úsáideoirí na heitlíochta.
Baineann réamhaisnéiseoirí úsáid as líonra fhairsing stáisiúin bhreathnóireachta chomh maith le radar agus íomhánna satailíte chun cabhrú le réamhaisnéisí aimsire a chruthú. Is trí chraolta raidió agus teilifíse, nuashonraí ar ár láithreán gréasáin agus aipeanna soghluaiste chomh maith le tvuíteanna a chuirtear na réamhaisnéisí sin ar fáil don phobal i gcoitinne.
Ansin, ag braith ar cén dualgas a bhfuil an réamhaisnéiseoir ag obair air, cuirfidh siad script ar fáil le tarchur ar RTÉ Raidió 1, nó mar réamhaisnéis bheo teilifíse ar cheann de stáisiúin teilifíse RTÉ. D’fhéadfaidís TAF nó Réamhaisnéis Aeradróim Críochfoirt a chur ar fáil do réamhaisnéiseoirí eitlíochta . Uaireanta iarrann na seirbhísí éigeandála cúnamh ar Met Éireann le linn oibríocht chuardaigh agus tarrthála.
Tosaíonn na réamhaisnéisí sin ar fad le breathnóireachta a bhailiú ar fud na tíre ó Chionn Mhálanna sa tuaisceart go hInis Arcáin sa deisceart.