Innéacsanna Athraithe Aeráide

Figiúr 1: Tarraingíonn innéacsanna aeráide aird ar threochtaí téimh in Éirinn (léirithe anseo ag Ionad Breathnaithe Dhairbhre)

Is acmhainn úsáideach iad Innéacsanna Aeráide chun athraitheacht aeráide agus treochtaí gaolmhara a thomhas agus a chainníochtú.

Is ionann innéacsanna ETCCDI agus tacar de phríomhinnéacsanna aeráide, a úsáidtear chun monatóireacht a dhéanamh ar mhinicíocht teochtaí agus frasaíochta foircní. Meitheal a raibh na Náisiúin Aontaithe ag tacú léi ab ea ETCCDI a bunaíodh chun measúnú a dhéanamh ar na dea-chleachtais a bhain le tréithriú na hathraitheachta aeráide agus an athraithe aeráide.

Páirteach anseo tá 27 innéacs, bunaithe ar bhreathnóireacht laethúil ar theocht agus ar fhrasaíocht. Ríomhtar na 27 innéacs chun críche luachanna bliantúla a sholáthar ach ríomhtar fothacar de na hinnéacsanna seo ar bhonn séasúrach agus míosúil freisin.

Tá 16 innéacs bunaithe ar theocht. Tá siad seo dírithe go príomha ar theochtaí foircneacha fuara agus teo d’íosteocht laethúil (TN) agus d’uasteocht laethúil (TX), cosúil le luachanna uasta/íosta, sárú tairsí buaine agus tairseacha atá bunaithe ar pheircintíl freisin.

Tá na 11 innéacs frasaíochta bunaithe ar charnadh frasaíochta iomlán, teagmhais titime báistí atá bunaithe ar thairseach agus teagmhais fhoircneacha titime báistí uasta.

Tá tuilleadh eolais faoi na hinnéacsanna le fáil sna táib thíos, lena n-áirítear bileoga eolais do gach innéacs aonair.

 

Íoslódáil de réir Dáta
Is féidir innéacsanna a íoslódáil trí na naisc seo a leanas:

Bliantúil Séasúrach Míosúil Suímh na Stáisiún