Tintreach

Faightear eolas faoi shuíomhanna na tintrí ó theachtaireachtaí WMO SFERIC (SFUK).

Is ainm páirteach é SFUK don chód a úsáidtear chun tuairisciú ar shuíomh geografach na bhfoinsí aerthormáin.
Tá aerthormáin áirithe nach féidir a bhrath, is ionann an meánéifeachtacht braite agus > 90%. Uaireanta tarlaíonn torthaí bréagacha aonraithe. Tá tuilleadh eolais faoi bhrath tintreach ag Valentia anseo.

Táimid thar a bheith buíoch d’Oifig Mheitéareolaíochta na RA as cead a thabhairt dúinn úsáid a bhaint as sonraí suímh tintrí dá gcuid Difríocht Ama Sroichte (DAS).

Taispeántar stailceanna tintreach, nuair a tharlaíonn, mar chros. Ar dtús, tá siad dearg ach athraíonn siad oráiste agus ansin buí tar éis tréimhse, ansin imíonn siad.