The Met Éireann Podcast

Is beag rud a théann i bhfeidhm orainn go laethúil cosúil leis an aimsir; conas a oibrímid agus a thaistealaímid, conas a dhéanaimid aclaíocht agus sóisialú, conas a fhásaimid ár mbia, ár sábháilteacht agus fiú conas a mhothaímid. Tá ár n-aimsir agus ár n-aeráid ag athrú, agus is féidir le tuiscint níos fearr ar ár n-atmaisféar cabhrú linn ár mbealach a dhéanamh trí na hathruithe sin.
Fiosraíonn Podchraoladh Met Éireann gach rud a bhaineann leis an aimsir agus leis an aeráid, mistéirí ár n-atmaisféir, agus buailtear leis na daoine a oibríonn chun iad a thuiscint. Bíonn aíonna nua i dteannta an Dr. Noel Fitzpatrick i ngach eagrán agus iad ag cabhrú leis an eolaíocht agus a tionchair fhairsinge a nochtadh. Chun tuilleadh a fháil amach, féach met.ie/podcast.
Mar sin, is cuma más éisteoir nua nó reatha thú, bí cinnte liostáil le sraith Phodchraoladh Met Éireann cibé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí.
Tá leagan Gaeilge den phodchraoladh againn freisin – Podchraoladh Met Éireann

Cliceáil ar an seinnteoir thíos chun éisteacht leis an eagrán is déanaí agus tuilleadh.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann Podchraolta ag podcast@met.ie nó úsáid #MetEireannPodcast on Twitter

Séasúr 4 Eagrán 10 – TRANSLATE

Tá gá le gníomhaíocht thapa éifeachtach chun cabhrú leis an athrú aeráide a mhaolú agus chun cabhrú le dul in oiriúint dá thionchair. Leis méadú leanúnach ar líon na staidéar aeráide ina léirítear fianaise ar athrú aeráide agus ina sonraítear éifeachtaí amach anseo, tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag lucht ceaptha beartas agus ag an bpobal ar fhaisnéis shoiléir bheacht.

In eagrán na míosa seo de Phodchraoladh Met Éireann, táimid ag fiosrú thionscadal TRANSLATE; tionscnamh chun foinse aontaithe faisnéise aeráide agus réamh-mheastacháin aeráide a sholáthar d’Éirinn. In éineacht le Noel, tá an Dr. Claire Scannell, fisiceoir agus taighdeoir le Met Éireann. I gcomhluadar a chéile, pléann siad na réamh-mheastacháin aeráide d’Éirinn amach anseo, agus conas is féidir leis an tionscadal TRANSLATE cabhrú le cinnteoirí ullmhú don athrú agus bearta a dhéanamh chun na tionchair is measa a sheachaint. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi thionscadal TRANSLATE anseo :

Séasúr 4 Eagrán 9 – Falscaithe

Tá falscaithe ag tarlú ar ár bpláinéad leis na milliúin bliain, rud a chabhraíonn le fás agus éagsúlacht nua a thabhairt d’fhoraoisí agus d’éiceachórais. Tá ról lárnach ag an aimsir agus ag an aeráid i bhfalscaithe. Tá tionchar ag athruithe ar ár n-aeráid, áfach, agus éifeachtaí gníomhaíochta daonna, ar phatrúin falscaithe, rud a fhágann go bhfuil baol níos mó ann go dtarlóidh mórimeachtaí falscaithe cosúil leo siúd a chonacthas an samhradh seo san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh agus san Áise.

San eagrán seo, táimid ag fiosrú falscaithe, conas a thosaíonn siad, conas a scaipeann siad, conas is fearr dul i ngleic leo agus iad a chosc, agus an ról atá ag an athrú aeráide iontu. Labhraíonn Noel ar dtús le comhraiceoir dóiteáin agus teagascóir falscaithe ó Bhaile Átha Cliath Darren O’Connor faoi na dúshláin agus faoin eolaíocht a bhaineann le dul i ngleic le falscaithe agus na teicnící a úsáidtear chun na lasracha a bhainistiú. Tá Noel in éineacht ansin le Jennifer Baron, taighdeoir falscaithe in Ollscoil British Columbia i gCeanada, chun plé a dhéanamh ar na tinte ollmhóra a bhí acu le blianta beaga anuas agus conas a chuaigh gníomhaíocht dhaonna agus athrú aeráide i bhfeidhm ar a bpatrúin.
Is féidir leat féachaint ar Innéacs Aimsire Dóiteáin Met Éireann a nuashonraítear go laethúil.

Séasúr 4 Eagrán 8 – Beathaí a Shábháil ar Muir

Tá báid tarrthála INRBT ag sábháil beathaí daoine in uiscí na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe ó 1824 i leith. Agus é á reáchtáil beagnach go hiomlán ag oibrithe deonacha, tá an INRBT tar éis breis is 144,000 duine a tharrtháil ó bunaíodh é, go minic i ndálaí an-dúshlánach.

San eagrán seo de Phodchraoladh Met Éireann, tugann Noel cuairt ar stáisiún Bád Tarrthála Chuan Shligigh, agus labhraíonn sé leis an gcriú faoin gcaoi a ndéanann siad a gcuid oibre ríthábhachtaí agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an aimsir ar a gcuid oibríochtaí. Tugann an Bainisteoir Oibríochtaí Willie Murphy turas ar an stáisiún do Noel ar dtús, agus ansin tá sé ar bord i dteannta na mná stiúrach Eithne Davis chun cur síos tapa ach mion a fháil ar an mbád féin. Suíonn Noel síos ansin le Willie, Eithne agus ionadaí sábháilteachta uisce INRBT, Tim Doran, chun níos mó a fhoghlaim faoi conas a dhéantar tarrthálacha, an oiliúint atá i gceist leo agus conas is fearr fanacht sábháilte san uisce nó timpeall air.

Séasúr 4 Eagrán 7 – An Ghrian agus Ár gCraiceann

Cad is cúis le dó gréine? Conas a dhéanann radaíocht UV damáiste dár gcraiceann? An féidir leis a bheith ina chúis le haosú? Cé na daoine is mó atá i mbaol ó ailse craicinn? Conas a oibríonn griansciath?
San eagrán seo, tá an Dr. Barbara McGrogan agus an Dr.Triona McCarthy ón gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse in éineacht le Noel. Le chéile, déanann siad iniúchadh ar ról sholas na gréine agus na radaíochta UV i ndamáiste craicinn agus ailse craicinn agus conas is fearr muid féin a chosaint ar na héifeachtaí is díobhálaí.
Chun níos mó a fhoghlaim faoi dhamáiste UV agus do chraiceann a chosaint, féach ar: https://www.hse.ie/sunsmart/

Séasúr 4 Eagrán 6 – Na Gealáin Thuaidh agus Aimsir Spáis

Is minic a fheictear an aurora, nó na Gealáin Thuaidh agus Theas, agus iad ag damhsa i spéir oíche ár réigiún polach. Ach le míonna beaga anuas, tá siad le feiceáil ag domhanleithid atá i bhfad níos ísle. Cad is cúis leis na Gealáin agus cén fáth a bhfuil an chuma air go bhfuil a ngníomhaíocht ag méadú?

San eagrán seo de Phodchraoladh Met Éireann, tá Noel ag labhairt leis an Dr. Sophie Murray, taighdeoir aimsire spáis agus oifigeach teicniúil le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Le chéile, déanann siad iniúchadh ar na Gealáin, grianghaotha, ról na gréine in aimsir spáis agus an dóchúlacht atá ann go bhféadfadh go mbeadh níos mó radharc ar an aurora go luath amach anseo.

Eagrán Measctha le Podchraoladh ‘Basically… with Stefanie Preissner’

Tá eagrán measctha speisialta againn de Phodchraoladh Met Éireann an mhí seo. Tá Noel in éineacht le Stefanie Preissner ar phodchraoladh Basically le haghaidh comhrá spraíúil, leathan a chlúdaíonn gach rud ón bhfáth a bhfuil an aimsir in Éirinn mar atá sí, an chaoi a n-oibríonn réamhaisnéis na haimsire, an seans go mbuailfidh tintreach thú go dtí cad atá i ndán ag an athrú aeráide dúinn.

Séasúr 4 Eagrán 4 – Radar Aimsire

Tá radar aimsire ar cheann de na huirlisí is úsáidí atá ar fáil do mheitéareolaithe nó d’aon duine atá ag smaoineamh an bhfuil an bháisteach air! Óna thús le linn an Dara Cogadh Domhanda, go dtí an t-ardtrealamh a úsáidtear sa lá atá inniu ann, tá radar aimsire ag soláthar faisnéis ríthábhachtach le haghaidh réamhaisnéise, rianú drochaimsire agus taighde atmaisféarach.

An mhí seo, labhraíonn Noel leis an meitéareolaí radair, Sinéad Duffy. Labhraíonn Sinéad linn faoin gcaoi a n-oibríonn radar aimsire, conas a fionnadh agus a feabhsaíodh é le himeacht ama, agus leagann sí amach sí cuid de na huasghráduithe móra atá ag teacht go luath ar ghréasán radair na hÉireann.

Séasúr 4 Eagrán 3 – Éirí: Seoladh satailíte aimsire nua na hEorpa

Aíonna: Dr. Lothar Schüller (EUMETSAT), Pierre Kokou (ESA)

Seoladh an tsatailít aimsire is nuaí san Eoraip ón Spásfort i nGuáin na Fraince an 13 Nollaig 2022. De bharr shatailít Tríú Glúin Meteosat Imager 1, nó MTG-I1, seachadfar ardíomhánna dár n-atmaisféar agus dár bpláinéad agus cuirfear faisnéis ríthábhachtach ar fáil do réamhaisnéiseoirí aimsire agus d’eolaithe aeráide.

In eagrán na míosa seo, táimid ag féachaint i dtreo spáis agus cad atá i ndán don mheitéareolaíocht satailíte. Tuairiscíonn Noel ó ócáid seolta MTG-I1 ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa san Ísiltír, agus labhraíonn sé le cuid de na heolaithe agus na hinnealtóirí a bhfuil baint acu leis an misean sin. Ansin táimid in éindí leo agus iad ag tosú ar an gcomhaireamh síos don éirí. Tá Noel in éineacht le Pierre Kokou ar dtús, innealtóir uirlisí le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, chun a chloisteáil mar gheall ar an bpróiseas maidir leis an tsatailít a fhorbairt agus í a thabhairt chuig an gceap lainseála. Labhraíonn sé ansin leis an Dr. Lothar Schüller, bainisteoir líonra le EUMETSAT, ar mhisean eolaíoch na satailíte agus cad a chiallaíonn sé d’eolaithe, do réamhaisnéiseoirí agus don tsochaí.

Séasúr 4 Eagrán 2 – Tionchair agus réitigh aeráide leis an Ollamh Peter Thorne

Chuir tonnta teasa agus triomaigh fhoircneacha Shamhradh 2022 isteach ar na céadta milliún duine ar fud an Leathsféir Thuaidh, agus cé go bhfuil siad eisceachtúil dúinn, ar cheart a bheith ag súil leo anois in aeráid atá ag téamh? An mbreathnófar go raibh an samhradh seo caite ar an meán nó fiú fionnuar níos déanaí sa chéad seo?

In eagrán na míosa seo, tá Noel ag labhairt leis an Ollamh Peter Thorne, ollamh le Tíreolaíocht Fhisiceach in Ollscoil Mhá Nuad agus Stiúrthóir ghrúpa Aonaid na hÉireann um Anailís agus Taighde ar an Aeráid (ICARUS). Is Príomhúdar é an tOllamh Thorne freisin ar thuarascálacha Measúnaithe an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (PIRAA). I gcomhluadar a chéile, pléann siad an chonair aeráide atá á siúl againn faoi láthair, conas is féidir imeachtaí foircneacha aonair a leagan ar an athraithe aeráide, na deiseanna a chuirtear ar fáil le maolú aeráide agus tuartha don todhchaí.

Séasúr 4 Eagrán 1 – Eachtraí ar theorainneacha an athraithe aeráide

Is ag an Dr. Heïdi Sevestre atá ceann de na guthanna is mó ar domhan maidir leis an ngá atá le háiteanna fuara ár bpláinéid a chosaint agus leis an damáiste atá á dhéanamh ag athrú aeráide. San eagrán seo, pléann Heïdi agus Noel a turais is déanaí chuig an Artach, chuig an nGraonlainn agus chuig na hAindéis, teacht slán as stoirmeacha troma agus teagmhálacha le béir bhána, agus dul i bpáirt le leis na dreapadóirí is fearr ar domhan chun cabhrú taighde a dhéanamh in áiteanna priaclacha. Pléann Heïdi agus Noel freisin an tábhacht a bhaineann le cumarsáid eolaíochta agus an gá atá le heolaithe aeráide a nguth a ardú.


Séasúr 3 Eagrán 3 – Tuarascáil PIRAA – Na héifeachtaí is measa a bhaineann leis an athrú aeráide a sheachaint

Tar éis dúinn plé a dhéanamh ar éifeachtaí reatha agus amach anseo an athraithe aeráide inár n-eagrán deireanach, fiosróimid an mhí seo conas is féidir linn na tionchair is measa atá aige a laghdú agus a sheachaint. Tá an Dr. Pádraig Flattery in éineacht le Noel arís chun an tuarascáil is déanaí ón PIRAA maidir le maolú aeráide a phlé.

Noel Fitzpatrick, Met Éireann

Noel Fitzpatrick, Met Éireann

 

Dr. Padraig Flattery, Met Éireann

Dr. Padraig Flattery, Met Éireann

 

Séasúr 3 – Eagrán 2 – Na 10 dtátal is mó i dTuarascáil an PIRAA ar thionchar an Athraithe Aeráide

In eagrán na míosa seo, labhraíonn Noel leis an Dr.Pádraig Flattery ó Sheirbhísí Aeráide Met Éireann faoin tuarascáil aeráide is déanaí ón reportPIRAA, agus pléann siad na 10 dtátal is mó:

1. Leochaileacht
2. Athruithe Dochúlaithe
3. Teorainneacha atá ag Teacht inár dTreo
4. Sláinte an Duine agus Athrú Aeráide
5. Cosaint an Dúlra
6. An Pobal agus Oiriúnú Áitiúil
7. Meabhairshláinte mar éifeacht
8. Forbairt atá seasmhach in aghaidh na haeráide
9. Mí-oiriúnú
10. Éire – Tionchair agus dul chun cinn go dtí seo10. Ireland – Impacts and progress so far

Séasúr 3 – Eagrán 1 – Éire Ársa agus an Spéir

I bpodchraoladh na míosa seo, táimid ag fiosrú thionchar na spéire ar chultúr agus ar struchtúir na hÉireann ársa. Labhraíonn Noel leis an Dr. Frank Prendergast, duine de na saineolaithe is mó in Éirinn ar ailíniú na gréine, faoi ról na Gréine, na Gealaí agus na réaltaí i ndearadh agus i suíomh tuamaí agus séadchomharthaí in Éirinn na réamhstaire, agus faoin tábhacht a bhaineann le spéartha dorcha oíche a chaomhnú san am i láthair.

Séasúr 2 – Eagrán 8 – Todhchaí na Réamhaisnéise

Éist le Noel & Liz sa phodchraoladh is déanaí ó Met Éireann a chlúdaíonn ábhair ón dul chun cinn sna satailítí, sa radar agus san intleacht shaorga, go dtí sár-ríomhaire nua UWC a bheidh ag feidhmiú an bhliain seo chugainn.

Séasúr 2 – Eagrán 7 – CP26, Stoirm Bharra agus Réamhaisnéis Aimsire Gheimhridh

Sa mhóreagrán Nollag seo, tugann an clíomeolaí sinsearach Keith Lambkin achoimre dúinn faoin méid a tharla ag CP26, agus tagann an meitéareolaí Paul Moore isteach chun Stoirm Bharra agus an aimsir atá romhainn an geimhreadh seo a phlé.

Séasúr 2 – Eagrán 6 – CP26: Cad atá i mBaol Agus Cad ba chóir dúinn Breathnú Amach Dó

Is eolaí aeráide é an Dr. John Hanley ag Met Éireann, agus san eagrán seo tarraingíonn sé aird ar chuid de na torthaí is déanaí maidir le hathrú aeráide chomh maith le príomhchuspóirí CP26, a mbeidh sé ag freastal air.

Séasúr 2 – Eagrán 5 – Aimsir i dtaca le Cuardach agus Tarrtháil

An mhí seo, féachaimid ar an tseirbhís ríthábhachtach a chuireann foirne cuardaigh agus tarrthála ar fáil agus ar an tionchar a bhíonn ag an aimsir ar a gcuid oibríochtaí. Labhraímid le baill d’fhoireann Tarrthála Sléibhe na Gaillimhe, Rory Sherlock agus Eamon Hartley, agus leis an bpíolóta Pauric Slattery ó héileacaptar an Gharda Cósta, Tarrtháil 118.

 


Faigh tuilleadh eolais faoi na láithreoirí agus faoi gach eagrán ó Shéasúr a hAon inár nótaí thíos