Sonraí Oscailte

Sonraí Oscailte Met Éireann

Mar atá sonraithe inár ráiteas straitéise, tá Met Éireann tiomanta do Shonraí Oscailte a sholáthar de réir Straitéis Sonraí Oscailte náisiúnta 2017-2022.

Ceadúnú

Sannadh Creative Commons

 

 

Tá formhór na dtacar sonraí ar fáil faoi cheadúnas caighdeánach Shannadh Creative Commons 4.0. Tá téarmaí agus coinníollacha Met Éireann a ghabhann leis an gceadúnas le fáil anseo.

Admháil

Ní mór sonraí Met Éireann agus a díorthaigh a chreidiúnú leis na 5 ráiteas seo a leanas.

  1. Ráiteas cóipchirt: Cóipcheart Met Éireann
  2. Foinse met.ie.
  3. Ráiteas Ceadúnais: Foilsítear na sonraí seo faoi Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0).
  4. Séanadh: Ní ghlacann Met Éireann le haon dliteanas ar bith as aon earráid nó easnamh sna sonraí, iad a bheith ar fáil, nó as aon chaillteanas nó damáiste a éiríonn as a n-úsáid.
  5. Nuair is infheidhme, tásc má athraíodh an t-ábhar agus léiriú ar mhodhnuithe roimhe seo

Féach ar an bhfógra ceadúnais mar shampla.

Ceadúnas Saincheaptha Met Éireann

Tá ceadúnas saincheaptha ag Met Éireann le haghaidh tacar sonraí áirithe, sonraí réamhaisnéise ‘beo’ go príomha. Tá tuilleadh sonraí le fáil anseo.

Tacair Sonraí

Foilseofar tacair sonraí ar an tairseach náisiúnta sonraí oscailte nuair a bheidh siad ar fáil. Tá tuilleadh sonraí le fáil anseo. Tá breis is 2,000 tacar sonraí oscailte ar fáil, lena n-áirítear tomhais stairiúla, breathnóireachtaí reatha agus réamhaisnéisí. Áirítear i measc na dtacar sonraí is mó tóir:

Rabhaidh Aimsire

API Réamhaisnéis na hAimsire Met Éireann

Sonraí Réamhaisnéise Beothéacs Met Éireann

Athanailís Aeráide MÉRA (Met Éireann ReAnalysis)

Breathnóireachtaí is Déanaí

Radar Báistí

Catalóg Sonraí Seirbhíse Poiblí

Tá sé mar aidhm le Catalóg Sonraí Seirbhíse Poiblí tacú le hoscailteacht agus le trédhearcacht i ndáil le sonraí atá i seilbh na seirbhíse poiblí trí shonraí Seirbhíse poiblí a chatalógú agus cur síos a dhéanamh orthu. Tá eolas maidir le tacair sonraí Met Éireann le fáil anseo

Sonraí Teagmhála

Is féidir fiosrúcháin maidir le sonraí oscailte a sheoladh chuig Oifigeach Idirchaidrimh na Sonraí Oscailte, tá na sonraí le fáil anseo.