Struchtúr Met Éireann

Met Éireann organisation structure chart

Eoin Moran

Stiúrthóir

Freagracht ar leibhéal Rúnaí Cúnta do Met Éireann, Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann; feidhmíonn sé mar Ionadaí Buan na hÉireann ag an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (EDM) agus mar phríomhthoscaire na hÉireann ar Chomhairlí na heagraíochtaí meitéareolaíochta idirnáisiúnta eile; Comhalta de bhrí oifige den Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide, leagann sé amach treo straitéiseach do Met Éireann i gcomhréir le beartais na Roinne; leithdháileann sé acmhainní agus glacann sé le struchtúir eagraíochtúla chun freastal ar éilimh a bhíonn ag athrú; glacann sé páirt ar Bhord Bainistíochta na Roinne agus bíonn sé freagrach díreach don Ard-Rúnaí; cothaíonn agus uasghrádaíonn sé cumas oibriúcháin meitéareolaíochta, hidreolaíoch agus clíomeolaíochta, inniúlacht, agus éifeachtacht i gcomhréir le noirm eolaíocha teicniúla na hEorpa.

Bíonn sé freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann Met Éireann iad seo a leanas:

  • monatóireacht, anailís agus réamhaisnéis a dhéanamh ar aimsir agus aeráid na hÉireann,
  • seirbhísí údarásacha aimsire, aeráide agus hidrimheitéareolaíochta a léiriú, a chur ar fáil agus a chur in iúl chun beatha agus maoin daoine a chosaint, agus chun folláine na sochaí agus an gheilleagair i gcoitinne a chur chun cinn,
  • taighde a dhéanamh ar aimsir, aeráid agus hidrimheitéareolaíocht chun seirbhísí don phobal agus bainistíocht éigeandála a fheabhsú, agus chun bonn eolais a chur faoi cheapadh beartais agus faoi chinnteoireacht an Rialtais.
  • a oibleagáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh

Josephine Prendergast

Stiúrthóir Cúnta

Freagracht ar leibhéal na Stiúrthóra Cúnta as ceannaireacht agus cinnteoireacht maidir le cláir, beartais, buiséid agus bainistíocht daoine thar Met Éireann; pleanáil straitéiseach foriomlán maidir le gníomhaíochtaí oibriúcháin, riaracháin agus eolaíochta / teicniúla Met Éireann; maoirseacht fhoriomlán maidir le tomhas feidhmíochta agus dearbhú cáilíochta do Met Éireann, freagracht as bainistíocht líne dírí do Mheitéareolaí Sinsearach/ Cinn na Rannóige; treoir eolaíoch agus theicniúil a sholáthar, nuálaíocht agus ceannaireacht, teagmhálacha ábhartha le heagraíochtaí agus grúpaí seachtracha a chothú agus a fhorbairt; bheith mar ionadaí thar ceann na hÉireann agus Met Éireann d’eagraíochtaí meitéareolaíochta idirnáisiúnta éagsúla; ionadaíocht a dhéanamh don Stiúrthóir nuair is gá.

 

Rosemarie Lawlor

Ceann an Rannáin Réamhaisnéisithe Tuile

Tá an Príomh-Hidrimheitéareolaí mar cheann ar an Ionad Réamhaisnéisithe Tuile (IRT) i Met Éireann agus ina comhalta d’fhoireann bainistíochta sinsearaí de chuid Met Éireann. Is é an príomhfhreagracht ná IRT Met Éireann a fhorbairt tuilleadh, a oibriúcháin a bhainistiú (lena n-áirítear leis sin clúdach 24/7 de réir mar is gá) agus tuilleadh forbairtí réamhaisnéisithe tuile a chur chun cinn, cumas réamhaisnéisithe tuile cósta san áireamh. Tá ról tábhachtach ag an Rannán seo ó thaobh bainistíocht éigeandála de, ag déanamh teagmháil dhíreach le húdaráis áitiúla, Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála agus Tascfhórsa an Rialtais i rith eachtraí adhaimsire. Cuimsíonn an ról ceannaireacht fhoriomlán eolaíoch agus theicniúil ar an Ionad agus ar hidrimheitéareolaíocht laistigh de Met Éireann. Baineann cur chun cinn chleachtas na hidrimheitéareolaíocht in Éirinn leis an ról, agus foireann a stiúradh, a chur chun cinn agus a bhainistiú i dtimpeallacht oibríochtúil. Is gné lárnach den ról seo é an comhoibriú éifeachtach i gcomhar le saineolaithe agus ionadaithe hidrimheitéareolaíochta, hidreolaíochta agus meitéareolaíochta sa tír seo agus thar lear.

 

Saji Varghese

Meitéareolaí Sinsearach an Rannáin Taighde agus Feidhmchlár

Freagracht ar leibhéal an Ard-Mheitéareolaithe as an Rannán Taighde agus Feidhmchlár, a fhorbraíonn agus a fheidhmíonn múnlaí tuartha aimsire uimhriúil (TAU) ghearr-raoin oibriúcháin de chuid Met Éireann. Déanann sé taighde bunúsach le TAU i gcomhar le cuibhreannas HIRLAM/ACCORD. Déanann sé samhaltú aeráide agus gníomhaíochtaí taighde ar scálaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha chomh maith i gcomhar le EC-Earth agus pobail taighde HCLIM. Forbraíonn agus cuireann an Rannóg sraith feidhmchlár eolaíochtbhunaithe i bhfeidhm chun tacú le réamhaisnéis oibriúcháin agus seirbhísí rabhaidh a chuireann Met Éireann ar fáil; áiríodh leis sin réamhaisnéisí ar oighear bóthair, réamhaisnéisí geoshuímh agus réamhaisnéisí speisialaithe don phobal talmhaíochta.

 

Tony Tighe

Meitéareolaí Sinsearach Rannán na Seirbhísí Eitlíochta

Freagracht ar leibhéal an Ard-Mheitéareolaithe chun na nithe seo a leanas a chinntiú: comhlíonadh le riaracháin an AE agus an domhain a rialaíonn soláthar seirbhísí meitéareolaíochta aerloingseoireachta don Stát; go mbeidh na seirbhísí sin curtha ar fáil ar na caighdeáin sábháilteachta agus éifeachtúlachta costais is airde; cuirfidh foireann an Rannáin le heagraíochtaí idirnáisiúnta go héifeachtach, eagraíochtaí atá freagrach as forbairt na rialachán agus nósanna imeachta maidir le meitéareolaíocht aerloingseoireachta; leanúint le próisis chomhairliúcháin éifeachtacha le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha, chun a chinntiú go bhfuil seirbhísí ardchaighdeáin, forbartha de réir riachtanais an úsáideora, ar fáil don earnáil eitlíochta.

 

Sarah Gallagher

Meitéareolaí Sinsearach sa Rannán Breathnóireachta

Freagracht ar leibhéal an Mheitéareolaithe Shinsearaigh as an Rannán Breathnóireachta de chuid Met Éireann a bhainistiú, rannán atá freagrach as bonneagar breathnóireachta meitéareolaíochta, clíomeolaíochta agus comhshaoil Met Éireann. Tá an Rannán freagrach as forbairt, bainistiú agus cothú na gcóras a thacaíonn le príomhobair oibríochtúil de chuid Met Éireann, lena n-áirítear stáisiúin aimsire ar thalamh agus san aer uachtarach, stáisiúin mhara, líonraí monatóireachta aeráide, saotharlanna ceimice chomhshuíomh an atmaisféir agus na frasaíochta, líonra radair meitéareolaíochta, córais shatailíteach fáiltithe, cartlann náisiúnta dhigiteach na haeráide agus bonneagar TFC gaolmhar. Tá sé de chúram ar an Rannán inbhuanaitheacht na líonraí faireacháin a chinntiú, líonraí a úsáidtear chun aeráid na hÉireann a shainmhíniú, agus réimse leathan de shonraí a bhfuil a gcáilíocht dearbhaithe a chur ar fáil. Tá an Rannán freagrach freisin as monatóireacht mheitéareolaíochta, gheoifisiceach agus chomhshaoil, agus as cláir thaighde eolaíochta a ritear i Réadlann Dhairbhre.

 

Alyn Deane

Príomh-Oifigeach na Rannáin Leanúnachais Gnó agus Bainistíochta Saoráidí

Freagracht ar leibhéal an Phríomh-Oifigigh as Leanúnachas Gnó agus Bainistíocht Saoráidí laistigh de Met Éireann. Áirítear leis sin: Leanúnachas Gnó a neadú in oibriúcháin agus nósanna imeachta ginearálta; Seirbhísí Athshlánaithe ó Thubáistí agus Seirbhísí Bainistithe TFC a fhorbairt chun Leanúnachas Gnó a éascú i gcórais TFC agus i bpríomhoibríochtaí Met Éireann; bainistíocht a dhéanamh ar shaoráidí de chuid Met Éireann ar fud na tíre, agus oibreacha cóiríochta agus forbairtí réadmhaoine a chomhordú i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí; comhordú comhlíonta Sláinte agus Sábháilteachta; Beartais bhainistíochta maidir le Taifid/Sonraí, lena n-áirítear comhlíonadh Sonraí Oscailte agus bainistíocht, maoirseacht agus tacaíocht chonradh an chustaiméara. Tá an Leabharlann Náisiúnta Meitéareolaíochta laistigh de shainchúram na Rannóige freisin.

 

Lorna Walsh

Meitéareolaí Sinsearach sa Rannán Teicneolaíochta

Freagracht ar leibhéal an Mheitéareolaithe Shinsearaigh as bainistíocht TFC agus Bonneagar Breathnóireachta Meitéareolaíochta Met Éireann. Freagracht as forbairt na gcórais TFC a úsáidtear le haghaidh cumarsáid sonraí meitéareolaíochta, cur i láthair seirbhísí aimsire agus aeráide, agus scaipeadh seirbhísí. Bainistíonn an Rannán TF bonneagar TFC de chuid Met Éireann. I measc feidhmeanna an Rannáin, tá tacaíocht, cothú agus forbairt na gcórais (24/7) oibriúcháin do bhreathnóireacht mheitéareolaíochta (stáisiúin ar thalamh, satailít agus radar), bainistiú sonraí meitéareolaíochta agus cur i láthair agus scaipeadh seirbhísí cumarsáide aimsire agus aeráide. Cuireann an Rannóg Teicneolaíochta seirbhísí ginearálta oifige TFC ar fáil freisin do Met Éireann.

 

Eoin Sherlock

Meitéareolaí Sinsearach sa Rannán Réamhaisnéisithe

Freagracht ar leibhéal an Mheitéareolaithe Shinsearaigh sa Rannán Réamhaisnéisithe a bhainistiú, agus cuimsíonn seo tascanna oibriúcháin agus straitéiseacha araon. Is é an phríomhfhreagracht ná oibriúcháin 24/7/365 sheasmhacha a chinntiú san Oifig Lárnach Anailíse agus san Oifig Lárnach Eitlíochta. Tá ról tábhachtach ag an Rannán seo ó thaobh bainistíocht éigeandála de, ag déanamh teagmháil dhíreach le húdaráis áitiúla, Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála agus Tascfhórsa an Rialtais i rith eachtraí adhaimsire. Tacaíonn na hoifigí sin freisin le craoltóireacht aimsire ar raidió agus teilifís RTÉ, agus le láithreacht ar líne a thógáil agus a choinneáil do Met Éireann. Áiríodh leis na tascanna a bhfuil an-tábhacht leo tá seirbhísí réamhaisnéise agus rabhaidh a chur ar fáil don phobal cothabhála bóthair agus don phobal eitlíochta. Cuireann an Rannán Réamhaisnéise lear mór tacaíochta ar fáil do Bhainistíocht Éigeandála in Éirinn i gcéimeanna pleanála agus oibriúcháin araon, agus déanann sí comhordú le seirbhísí réamhaisnéise agus rabhaidh Sheirbhísí Náisiúnta Eorpacha Met eile mar is cuí. Cuireann an Rannán Réamhaisnéise príomhfhaisnéis aimsire ar fáil ar líne, trí ghréasán Met chun cabhrú le cinntí a dhéanamh ar fud roinnt mhaith comhlachtaí seirbhíse poiblí, ó na Gardaí go na hÚdaráis Áitiúla.

 

Keith Lambkin

Meitéareolaí Sinsearach i Rannán na Seirbhísí Aeráide

Freagracht ar leibhéal an Mheitéareolaithe Shinsearaigh as Rannán Seirbhísí Aeráide a bhainistiú, a chuimsíonn tascanna oibriúcháin agus forbartha araon. tá an rannán freagrach as forbairt Creata Náisiúnta d’Sheirbhísí Aeráide, mar thaca le hoiriúnú aeráid na hÉireann, trí sheirbhísí aeráide caighdeánaithe a sholáthar; anailís ar aeráid na hÉireann lena n-áirítear tuairisciú rialta idirnáisiúnta d’Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta; cumarsáid aeráide a sholáthar trí achoimrí aeráide sceidealaithe agus tacaíocht páirtithe leasmhara agus na meán araon i rith eachtraí adhaimsire agus aeráide gaolmhara. Tacaíonn an rannán le tionscnaimh aeráide idirnáisiúnta freisin ar leibhéal na hEorpa agus ar leibhéal idirnáisiúnta, amhail Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (CCNAAA). An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIRAA).

 

Josephine Prendergast

Stiúrthóir Cúnta Gníomhach/Meitéareolaí Sinsearach sa Rannán Oibríochtaí Gnó

Freagracht ar leibhéal an Stiúrthóra Cúnta as ceannaireacht agus cinnteoireacht d’fheidhmeanna corparáide agus bonneagair i Met Éireann, pleanáil straitéiseach fhoriomlán ghníomhaíochtaí riaracháin agus teicniúla Met Éireann; freagracht ar leibhéal an Mheitéareolaithe Shinsearaigh as bainistíocht feidhmeanna tacaíochta gnó Met Éireann, lena n-áirítear; buiséid riaracháin, tuairisciú airgeadais agus bainistiú sócmhainní Met Éireann a bhainistiú agus a mhaoirsiú; feidhmeanna straitéiseacha chaidrimh idirnáisiúnta (CI) agus acmhainní daonna (AD) Met Éireann a chomhordú le haghaidh 260+ ball foirne, lena n-áirítear comórtais chun baill foirne a earcú/a chur chun cinn, pleanáil ghnó agus fórsa oibre, agus teagmháil a dhéanamh le cumainn ball foirne. Freagrach chomh maith as plean oiliúna agus forbartha a bhunú agus a chur i bhfeidhm don fhoireann ar fad; rialachas corparáideach agus comhordú na pleanála straitéisí agus gnó; rannpháirtíocht a chothú le comhpháirtithe taighde agus le heintitis mhaoinithe ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta araon, claochlú IS agus Cumarsáid.