Seirbhísí Talmaíochta

Tá Aonad tiomnaithe Meitéareolaíochta Talmhaíochta Met Éireann tiomanta ar eolas agus seirbhísí meitéareolaíochta cuí a chur ar fáil don mhórphobal talmhaíochta. Cuireann an tAonad comhairle agus eolas a bhaineann leis an aimsir ar fáil freisin don phobal agus do chomhlachtaí éagsúla Stáit ar shaincheisteanna ar nós scaipeadh dóchúil an Ghalair Crúibe is Béil, Leith Uisce, Néimeatóidirus agus Riosca Tine Foraoise.

Réamhaisnéisí Talmaíochta

  • Anailís aimsire talmhaíochta ar líne, ag breathnú ar an tseachtain romhainn
  • Réamhaisnéis náisiúnta laethúil Agus Réamhaisnéisí réigiúnacha laethúla ar líne
  • Réamhaisnéis náisiúnta laethúil ar raidió (RTÉ 7:55)
  • Réamhaisnéisí ar stáisiúin raidió áitiúla neamhspleácha
  • Réamhaisnéisí aimsire laethúla teilifíse (RTÉ)
  • Réamhaisnéis feirmeoireachta ar RTÉ TV ag am lóin Dé Domhnaigh
  • Réamhaisnéisí feirmeoireachta sa Farmers Journal

Seirbhísí Talmaíochta: Riosca agus Rabhaidh

  • Coinníollacha a chuidíonn le dúchan phrátaí a scaipeadh
  • Riosca tine foraoise
  • Riosca seaca
  • Comhairle don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Acmhainní Nádúrtha maidir le: galair

Breathnóireacht Talmaíochta

Taighde Talmaíochta

Déanann Met Éireann comhordú ar an nGrúpa AGMET (http://www.agmet.ie) ina bhfuil baill ó institiúidí taighde talmhaíochta, ó ollscoileanna, ó ranna rialtais agus ó eagraíochtaí eile a bhfuil suim acu i dtionchar na haimsire ar thalmhaíocht. Bunaíodh an grúpa AGMET i 1984 leis na haidhmeanna:

  1. Scaipeadh eolas aimsire chun pleanáil agus cinntí a dhéanamh sa talmhaíocht a spreagadh
  2. Ábhar oideachais a cur ar fáil chun éascú a dhéanamh ar an úsáid is fearr a bhaint as eolas aimsire sa talmhaíocht
  3. Saineolas múnlaithe mar a bhfuil macasamhail déanta air i bhfoilseachán AGMET ‘Agro-Meteorological Modelling – Principles, Data and Applications’ N.M. Holden (Ed.) a fhorbairt

An Comórtas Treabhdóireachta

Bíonn seastán ag Met Éireann ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta chuile bhliain. Is mór againn an deis seo chun casadh lenár gcustaiméirí agus aiseolas a fháil ar ár seirbhísí agus ar ár dtáirgí. Má bhíonn tú ag freastal ar an gcomórtas buail isteach agus labhair linn.

 

 

Teagmháil:

Aonad Meitéareolaíochta Talmhaíochta,
Met Éireann
Cnoc Ghlas Naíon
Baile Átha Cliath 9
Éire

Teil. +353 (0) 1 8064200
Facs +353 (0) 1 8064247

Seoladh ríomhphoist: agromet@met.ie