Sonraí Agrai-Mheitéireolaíocha

Cliceáil ar an nasc le haghaidh Easnaimh Thaise Na Hithreach

Easnaimh Thaise na hIthreach, Galú, Imghalú Féideartha, Imghalú Iarbhír, agus Rith:

  • Easnamh Thaise na hIthreach (ETI nó SMD) seo an méid báistí atá ag teastáil chun cion thaise na hithreach a thabhairt ar ais go toilleadh réimse.
  • Toilleadh Réimse (ETI=0 nó SMD=0) an méid uisce atá ar chumas na hithreach a choinneáil i gcoinne domhantarraingte, .i. an t-uasmhéid uisce is féidir a chur ar phlanda i bpota gan uisce a shileadh. Léiríonn ETI diúltach farasbarr uisce, a bheidh á thaoscadh le himeacht ama trí insíothlúchán nó sreabhadh thar talamh nó sa dá mhodh.
  • Sáithiúchán is baintear é seo amach nuair a bhíonn ETI = -10mm, .i. farasbarr uisce de 10mm. Tá ETI dearfach faoi bhun toilleadh réimse agus is féidir le báisteach insíothlú go dtí cumas an ETI. In ithir insíothlaithe bíonn gach piochán ithreach lán d’uisce, ach beidh uisce ag taoscadh amach as piocháin mhóra le fórsa na domhantarraingte.
  • Galú an ráta cailliúna uisce ó dhromchla saor uisce amhail taiscumair, loch, linn, nó ithir insíothlaithe. Úsáidtear Plean Aicme A chun galú a thomhas inár. Is umar ciorclach é seo, le trastomhas 1.21m agus doimhneacht 0.25m, páirtlíonta le huisce agus feistithe ar fhráma a cheadaíonn aerchúrsaíocht shaor faoi. Bíonn breis uisce ag teastáil chun leibhéal socair a choinneáil.
  • Imghalú an flosc iomlán uisce isteach san atmaisféar .i. suim an ghalaithe agus an trasghalaithe (flosc uisce trí stomata plandaí).
  • Imghalú Féideartha (nó Tagartha) (IF nó PE) an flosc uisce faoi choinníollacha neamhtheorainneacha uisce ithreach. Úsáidtear lísiméadar chun an ráta féideartha imghalaithe ó fhéar a thomhas. Tá sé comhdhéanta de cheithre umar suncáilte, gach ceann timpeall 0.25 mc in achar agus 0.75m i ndoimhneacht. Bíonn an dromchla ithreach i ngach umar ag leibhéal na timpeallachta. Coinnítear clúdach féir ar na humair. Déantar Imghalú Féideartha Tomhaiste a thaifeadadh ag Caisleán Bhaile Sheonach i gCo. Loch Garman agus ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Úsáidtear foirmle Fao Penman-Monteith in Met Éireann chun an tImghalú Féideartha (Tagartha) a ríomh, ag baint úsáide as na sonraí meitéareolaíochta a thaifeadtar inár Stáisiúin Shionoptacha.
  • Imghalú Iarbhír: (II nó AE):an flosc uisce iarbhír a tharlaíonn. Bíonn sé seo teoranta ag méid na taise atá ar fáil san ithir. Baintear meastacháin den Imghalú iarbhír as luachanna ríofa an Imghalaithe Féideartha agus na rátaí ETI reatha.

Samhail Easnamh Thaise na hIthreach

Samhail hibrideach ETI* atá forbartha chun na difríochtaí idir réimis draenála idir cineálacha difriúla ithreach in Éirinn a mhíniú. Déantar trí aicme draenála ithreach a shainmhíniú, dea-dhraenáilte, meándraenáilte agus lagdhraenáilte, mar seo a leanas:

  • Draenáil an tsuim uisce a chailltear as an ithir dhromchlach trí shíothlú nó trí shreabhach thar talamh. Braitheann sé ar chumas draenála na hithreach.
  • Dea-dhraenáilte: Ní bhíonn an ithir sáithithe riamh, fanann sí ag toilleadh réimse fiú ar laethanta atá an-fhliuch sa gheimhreadh. ETI íosta = náid. Nuair a bhíonn ETI > 0mm bíonn IF, ag laghdú go líneach go náid nuair a bhíonn ETI ag uasmhéid teoiriciúil de 110mm.
  • Meándraenáilte: D’fhéadfadh a bheith sáithithe ar laethanta fliucha geimhridh, ach filleann ar Chumas Ceantair ar an gcéad lá tirim. Íosmhéid ETI = lúide 10mm. Nuair a bhíonn ETI >0 bíonn II níos lú ná IF, ag laghdú go líneach go náid nuair a bhíonn ETI ag uasmhéid teoiriciúil de 110mm.
  • Lagdhraenáilte: Sáithithe ar laethanta fliucha geimhridh, farasbarr uisce draenáilte ag rátaí an-mhall, timpeall 0.5mm sa lá. Íosmhéid ETI = lúide 10mm. Nuair a bhíonn ETI > 10mm bíonn II níos lú ná IF, ag laghdú go líneach go náid nuair a bhíonn ETI ag uasmhéid teoiriciúil de 110mm

Tá Easnaimh Taise Laethúla Ithreach agus IF agus II ríofa ar fáil do thrí aicme éagsúla draenáil ithreach inár Stáisiúin Shionoptacha. Déantar easnaimh agus farasbairr taise a ríomh ó dhifríochtaí idir báisteach agus imghalú iarbhír. Meastar farasbairr thaise na hithreach a bheith bainte amach ag draenáil agus rith dromchla thar am.

Ríomh Imghalú Féideartha (Tagartha)

Déantar an tImghalú Féideartha, ET0 a ríomh de réir Chothromóid FAO Penman-Monteith (Allen et al., 1998) do bharr tagartha féir ag airde sílte de 0.12m:

nuair is é ET0 an t-imghalú féideartha (mm d-1),
is é Rn an ghlanradaíocht ag dromchla an bhairr (MJ m-2 d-1),
is é G dlús flosc na talún (MJ m-2 d-1),
is é T teocht an aeir ag airde 2 m (°C),
is é u2 luach na gaoithe ag airde 2m (m s-1),
is é es agusea is iad es agus ea an brú gaile sáithithe agus an brú gaile iarbhír, faoi seach (kPa),
is é Δ fána chuar an bhrú galaithe (kPa °C-1),
agus is é γ an tairiseach síciméadrach (kPa °C-1).

Ríomh Easnamh Thaise na hIthreach

Déantar Easnamh Thaise na hIthreach a ríomh mar seo a leanas:

nuair is iad SMDt agus SMDt-1 na SMD ar lá t agus lá t-1 faoi seach (mm),
Is é Rain an fhrasaíocht laethúil (mm d-1),
Is é ETa an t-imghalú iarbhír laethúil (mm d-1),
Is é Drain an tsuim uisce atá á dhraenáil go laethúil ag síothlú agus/nó sreabhadh thar talamh (mm d-1)

Imghalú Iarbhír

déantar Easnamh Thaise na hIthreach criticiúil a shainmhíniú do gach aicme draenála ithreach, SMDc, Nuair a bhíonn an ETI reatha níos lú ná an luach criticiúil seo ní bhíonn riospráid á theorannú ag taise agus bíonn Imghalú Iarbhír cothrom le hImghalú Féideartha:

Nuair a bhíonn SMD <= SMDc

Nuair a bhíonn an SMD reatha níos mó ná an luach criticiúil seo, ní bhíonn an taise atá ar fáil gan teorannú níos mó; dá thoradh sin, bíonn Imghalú Iarbhír níos lú ná an tImghalú Féideartha. Sa chás seo glactar leis go bhfuil an II ag laghdú go líneach go náid agus an ETI ag druidim le huasluach teoiriciúil, SMDmax.

 Nuair atá > SMDc


Bíonn luach SMDc d’ithreacha dea-dhraenáilte agus meándraenáilte cothrom le náid, agus 10mm d’ithreacha lagdhraenáilte. Is é 100mm luach SMDmax don trí aicme ithreach.

Draenáil

Glactar leis nach dtarlaíonn draenáil trí shíothlú nó sreabhadh thar talamh ach nuair a sháraíonn an taise ithreach an toilleadh réimse (SMD < zero).

  • Ithreacha Dea-dhraenáilte: Fanann siad seo ag toilleadh réimse fiú ar laethanta an-fhliuch agus ní bhíonn siad sáithithe riamh, draenáiltear an t-uisce uile atá os cionn toilleadh réimse láithreach.
  • Ithreacha Meándraenáilt: Iompraíonn siad seo farasbairr uisce ar laethanta fliucha ach filleann siad ar thoilleadh réimse ar an gcéad lá tirim eile. Is ionann é seo agus uasráta draenála os cionn 10mm sa lá.
  • Ithreacha lagdhraenáilte: Iompraíonn siad seo farasbarr uisce ar feadh roinnt laethanta, bíonn uisce ag draenáil ag uasráta de 0.5mm sa lá, nuair a bhíonn SMD ag -10, ag laghdú go líneach go náid nuair a bhíonn SMD > zero.

Is í an Draenáil Éifeachtúil an tsuim iomlán draenála, .i.. trí shíothlú agus sreabhadh thar talamh.

*Tagairtí

  • Allen, R.G., Pereira, L.S., Raes, D. and Smith, M. 1998. Imghalú Barr. Treoirlínte maidir le riachtanais uisce barraí a ríomh. Páipéar uisciúcháin agus draenála EBT 227 leathanach 56, 227 pages.
  • R.P.O.Schulte, J.Diamond, K.Finkele, N.M.Holden and A.J.Brereton 2005. Ag Tuar Dálaí Taise Ithreach Féarthailte na hÉireann. Irisleabhar Taighde Talmhaíochta na hÉireann 44:95-110.