Podchraoladh Met Éireann

Fáilte go dtí an leathanach nua podchraolta Met Éireann.

Anseo thíos tá na podchraoltaí míosúla is déanaí i mBéarla agus i nGaeilge.

Is féidir leat éisteacht le an podchraoladh thíos nó é a leanúint ar do “app” is fearr leat.

Is féidir leat dul i dteagmháil leis an bhfoireann Podchraolta ag podcast@met.ie nó #MetEireannPodcast a úsáid ar Twitter

Ferdia McCrann

Ferdia McCrann Is é Ferdia McCrann ár n-oifigeach Gaeilge. Tháinig sé go dtí Met Éireann sa bhlian 2006, tá cúlra aige san eolaíocht agus go háirithe eolaíocht ríomhaireachta agus matamaiticí. Chaith sé cheithre bhlian ag obair i réadlann Dairbhre i gcontae Chiarraí sular bhog sé go dtí an ceanncheathrú i Glasnaíon áit a bhfuil sé ina bhall den rannóg taighde. Déileálann sé le fiosruithe uaidh na meáin agus ón bpobal agus is féidir é a chloisteáil go rialta ar raidió na Gaeltachta ag freagairt ceisteanna ar gach cineál aimsir. Beidh an podchraoladh nua uaidh Met Éireann á chur i láthair aige.