Alternative low-bandwidth version Skip to main content

Scála Beaufort

Chruthaigh an tAimiréal Francis Beaufort an Scála Beaufort sa bhliain 1805/06. Bealach atá ann láidreacht na gaoithe a thomhas de réir chuma na farraige (nó ar talamh, ó fhreagairt na gcrann don aimsir).

Fórsa Cur síos achomhair Sonraíochtaí d’úsáid ar talamh Luas Gaoithe ag 10m os cionn Leibhéal na Talún
Knots m/s km/h
0 Ciúin Éiríonn gal go hingearach < 1 < 0.3 < 1
1 Aer éadrom Taispeánann gal treo na gaoithe ach ní thaispeánann eití treoracha gaoithe treo na gaoithe 1 – 3 0.3 – 1.5 1 – 5
2 Séideán éadrom Gaoth le brath ar an aghaidh, duilleoga ag siosarnach, bogann an ghaoth gnáth-eití treoracha gaoithe 4 – 6 1.6 – 3.3 6 – 11
3 Séideán bog Duilleoga agus craobhóga ag bogadh de shíor, síneann an ghaoth brat éadrom 7 – 10 3.4 – 5.4 12 – 19
4 Séideán measartha Ardaíonn deannach agus páipéar scaoilte, bogtar craobhacha beaga 11 – 16 5.5 – 7.9 20 – 28
5 Séideán fionnuar Tosaíonn crainn bheaga atá faoi dhuilliúr ag luascadh, cruthaítear círíní toinne ar uiscí intíre 17 – 21 8.0 – 10.7 29 – 38
6 Séideán láidir Craobhacha móra ag gluaiseacht, feadaíl le cloisteáil ó shreangáin teileagraif, deacair scáth báistí a úsáid 22 – 27 10.8 – 13.8 39 – 49
7 Neas-ghála Crainn iomlána ag gluaiseacht, deacair siúl i gcoinne na gaoithe 28 – 33 13.9 – 17.1 50 – 61
8 Gála Briseann craobhóga de na crainn, tríd is tríd an-deacair siúl i gcoinne na gaoithe 34 – 40 17.2 – 20.7 62 – 74
9 Gála láidir Roinnt damáiste struchtúrach déanta (crocaí simléir agus sclátaí bainte) 41 – 47 20.8 – 24.4 75 – 88
10 Stoirm Is annamh a tharlaíonn seo intíre, crainn bainte ó fhréamh, damáiste suntasach struchtúrach 48 – 55 24.5 – 28.4 89 – 102
11 Stoirm fhíochmhar Is annamh a tharlaíonn seo, de ghnáth bíonn damáiste forleathan ann dá bharr 56 – 63 28.5 – 32.6 103 – 117
12 Hairicín 64 > 32.7 > 117 >

Íomhá a íoslódáil

You are here: