Suíomhanna na mBaoithe Muirí

Sa tábla thíos tá liosta de shuíomhanna na mbaoithe i dtrí fhormáid fhéideartha domhanleithid/domhanfhaid.

  • Tugtar an fhormáid GPS i gCéimeanna Deachúlacha Nóiméid mar shampla le haghaidh M1: 53 07.6 N 11 12 W.
  • Tá an fhormáid thraidisiúnta chomhfhreagrach de Chéimeanna Nóiméid Soicindí sa tríú colún, m.sh. 53° 7′ 36″ N 11° 12′ 0″ W.
  • Sa cheathrú colún tá an fhormáid a úsáideann trealamh Suíomh Digiteach agus feidhmchláir GIS agus tugann sé sin an suíomh i gCéimeanna Deachúla agus ba chóir an fhormáid sin a úsáid le trí phointe dheachúla d’fhonn cruinneas cuí a chinntiú: 53.127 –11.200.

Tá tiontairí éagsúla domhanleithid/domhanfhaid le fáil ar líne ar an idirlíon chun tiontú ó fhormáid amháin go formáid eile.

Baoi Céim Deachúlacha Nóiméid (GPS) Céim Nóiméid Soicindí (DMS) Céimeanna Deachúlacha Feidhmchláir (GIS) Suíomh Ginearálta
M1
62090
53 07.6 N
11 12 W
53° 7′ 36″ N
11° 12′ 0″ W
53.127
-11.200
Amuigh ó chósta na Gaillimhe
Tuairim is 40 muirmhíle (74 km) thiar thiar theas ó Cheann Léime
M2
62091
53 28.8 N
5 25.5 W
53° 28′ 48″ N
5° 25′ 30″ W
53.480
-5.425
Muir Éireann
Tuairim is 20 muirmhíle (37Km) thoir ó Cheann Bhinn Éadair
M3
62092
51 13 N
10 33 W
51° 13′ 0″ N
10° 33′ 0″ W
51.217
-10.550
Amuigh ó Chósta Chorcaí
Tuairim is 30 muirmhíle (56km) thiar theas ó Ard an Fhéaraigh
M4
62093
55 0 N
10 0 W
55° 0′ 0″ N
10° 0′ 0″ W
55.000
-10.000
Amuigh ó Chósta Dhún na nGall
Tuairim is 45 muirmhíle (83 km) thiar thiar thuaidh ó Cheann Ros Eoghain
M5
62094
51 41.4 N
6 42.3 W
51° 41′ 24″ N
6° 42′ 16″ W
51.690
-6.704
Amuigh ó Chósta Theas Loch Garman
Tuairim is 30 muirmhíle (56 km) ó dheas ó Rinn Duáin
M6
62095
52 59.2 N
15 52 W
52° 59′ 09″ N
15°52′ 0 ” W
52.986
-15.866
Domhain-Atlantach
Tuairim is 210 muirmhíle (389 km) thiar thiar theas ó Cheann Léime

Foláireamh: Seo iad na suíomhanna a roghnaíodh do na baoithe a bhfuarthas faomhadh reachtúil dóibh, agus mar sin d’fhéadfadh na suíomhanna a bheith ina neas-suíomhanna agus ní cóir úsáid a bhaint astu chun críocha loingseoireachta. Iarrtar ar gach árthach sá fairsinge a fhágáil ag na baoithe – ar a laghad 1 mhuirmhíle.