Cairteacha Atlantacha - Sreabhadh Aer

Sa bheochan, taispeántar an t-aershreabhadh tuartha thar an Atlantach thuaidh agus an Eoraip gach 3/6 huaire suas go 10 lá roimh ré. Is féidir an léarscáil a bhogadh chun tuilleadh eolais a thaispeáint.

Taispeántar an t-aershreabhadh le sruthlínte (is féidir smaoineamh ar shruthlíne mar an gconair ar a rachadh balún héiliam dá scaoilfí é le heitilt tríd an aer. Is ionann gach sruthlíne agus treo an aeir ag an bpointe sin).

Úsáidtear na dathanna rabhaidh talún buí, oráiste agus dearg san eochair chun luas na gaoithe a chur in iúl - is ionann dath corcra agus gaoth fórsa hairicín. Míniú ar na Rabhaidh

Tá an tseirbhís seo bunaithe ar shonraí agus ar tháirgí an Lárionaid Eorpaigh do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (ECMWF)