Cairteacha Atlantacha - Aermhais

Ar an gcairt, taispeántar an brú agus teocht aermhaise gach 6 huaire thar tréimhse 10 lá.

Brú: Tarraingítear iseabair, línte ina bhfuil an t-aerbhrú cothrom, gach 4hPa (heicteapascail nó milleabair). Taispeántar limistéir Ardbhrú agus Isealbhrú. Is lú an spás idir na hiseabair, is láidre an ghaoth.
Aermhais: Ar an gcairt, taispeántar limistéir ina bhfuil aermhaiseanna teo agus fuara. Is limistéir tosaigh iad na teorainneacha idir na haermhaiseanna teo agus fuara ina n-athraíonn na dathanna go tapa. Ní ionann na teochtaí seo agus teocht an aeir ar an dromchla, agus níor cheart iad a úsáid mar réamhaisnéis teochta.

Tá an tseirbhís seo bunaithe ar shonraí agus ar tháirgí an Lárionaid Eorpaigh do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (ECMWF)