Atlantic Charts - Precipitation and Pressure


Ar an gcairt, taispeántar an brú agus frasaíocht tuartha gach 6 huaire thar tréimhse 10 lá.
Ráta frasaíochta i mm/u meánaithe thar na 6 huaire roimhe. Taispeántar báisteach éadrom le dathanna gorma agus báisteach throm le dathanna buí agus dearga. D'fheadfadh báisteach, clocha sneachta nó sneachta a bheith i gceist le frasaíocht.
Brú: Tarraingítear iseabair, línte a bhfuil aerbhrú cothrom eatarthu, gach 4hPa (heicteapascail nó milleabair). Taispeántar limistéir Ardbhrú agus Isealbhrú. Is lú an spás idir na hiseabair, is láidre an ghaoth.