Seachtain Imeachtaí Met Éireann san Eolaíocht - 13 go 20 Samhain

Iarrann Seachtain na hEolaíochta 2022 ar phobal na hÉireann féidearthachtaí gan teorainn na heolaíochta a fhiosrú

Ar an 27 Deireadh Fómhair 2022; Chuaigh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD, i dteannta leis an
t-Ollamh Philip Nolan, Ard-Stiúrthóir Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ), cuairt ar Met Éireann chun Seachtain Eolaíochta 2022 a sheoladh. Ceiliúradh náisiúnta ar an eolaíocht, leis na céadta imeachtaí pearsanta agus fíorúla araon ar siúl ar fud na tíre, a bheidh ar siúl ón 13 go dtí an 20 Samhain, agus beidh Seachtain na hEolaíochta ag plé le pobal na hÉireann ar an téama Féidearthachtaí Éiginnte.

Josephine Prendergast (Senior Meteorologist, Met Éireann), Eoin Moran (Director, Met Éireann), Philip Nolan (Director-General, SFI), Simon Harris TD (Minister for Further and Higher Education, Innovation and Science), Evelyn Cusack (Head of Forecasting, Met Éireann)

Josephine Prendergast (Meitéareolaí Sinsearach, Met Éireann), Eoin Moran (Stiúrthóir, Met Éireann), Philip Nolan (Ard-Stiúrthóir, SFI). Simon Harris TD (An tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Nuálaíochta agus Eolaíochta), Evelyn Cusack (Ceann Réamhaisnéise, Met Éireann)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá Met Éireann, mar ghuth údarásach na meitéareolaíochta in Éirinn agus mar cheannairí sa chumarsáid Eolaíochta ag glacadh páirte i roinnt imeachtaí chun tacú le Seachtain na hEolaíochta, chun daoine a spreagadh chun glacadh leis an Eolaíocht agus fáil amach cad is féidir léi a thairiscint dúinn inár saol laethúil.

Tá Met Éireann ag glacadh páirte sna imeachtaí Sheachtain na hEolaíochta seo a leanas:

Tabharfaidh Ceann Réamhaisnéise Met Éireann Evelyn Cusack caint do Chumann Múinteoirí Tíreolaíochta Chorcaí Dé Sathairn 12 Samhain agus freastalóidh sí freisin ar an gComhdháil Náisiúnta Seandálaíochta i nDún Laoghaire ar an 20 Samhain.
Thug Dr. Padraig Flattery ó aonad Meitéareolaíochta Talmhaíochta Met Éireann caint bheo do Scoil Náisiúnta Dúlairge ar an 8 Samhain.
Ghlac Joanna Donnelly páirt i gcaint bheo ag Meánscoil Mhuire, Glas Naíon, Baile Átha Cliath ar 10 Samhain.
Thug Gerry Murphy óráid i Leabharlann Dhún Dealgan ar 10 Samhain mar chuid d’Fhéile Eolaíochta Lú.
Beidh Annmarie Woods, Ciarán Kelly, Joanna Donnelly agus Aoife Murray ag glacadh páirte san Fhéile Eolaíochta Let’s Talk in Ionad Fionnachtana Bhaile Munna ar an 12 Samhain.
Columba Creamer i mbun taispeántais ag an gComhdháil Náisiúnta Seandálaíochta i nDún Laoghaire in éineacht lenár Meitéareolaí Mara Meadhbh Nic Guídhir ar an 19 agus 20 Samhain.
Tugann Linda Hughes caint i Meánscoil Mount Mercy ar an 18 Samhain agus tá sí ag obair ag an gComhdháil Náisiúnta Seandálaíochta i nDún Laoghaire ar an 20 Samhain.


Breathnaigh ar acmhainní Oideachais Met Éireann, ar fhíseáin ar ár gcainéal YouTube agus ar raon alt faisnéise ar ábhair mar ghairmeacha sa ghairmeacha sa mheitéareolaíocht, stáisiúin aimsire uathoibríocha agus breathnuithe aimsire sluafhoinsithe, cúrsaí aimsire agus blaganna ar líne, podchraoltaí, cumainn mheitéareolaíochta agus Eagraíochtaí Meitéareolaíochta Idirnáisiúnta.

 

Science Week 2022

Seachtain na hEolaíochta 2022