Eipeasóid PODCHRAOLADH MET ÉIREANN - TIONCHAR NA hAIMSIRE AR FÁS BIA

Maidir le bia a fhás, ar an bhfeirm nó inár dtithe féin, tá ról cinnte ag an aimsir agus ag an aeráid maidir le cad is féidir linn a fhás agus cén uair is féidir linn a fhás, agus cé chomh rathúil agus a bheidh ár bhfómhar.

Sa chlár seo de Phodchraoladh Met Éireann, fiosraíonn Noel agus Liz an tionchar a bhíonn ag coinníollacha difriúla aimsire ar fhás plandaí, conas is féidir linn oibriú leis an aimsir chun cabhrú lenár mbarraí a tháirgeadh agus conas a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag athrú aeráide ar an mbealach a fhásaimid bia.

Roinneann Derek Keogh, an Stiúrthóir agus Bainisteoir Feirme le Keogh’s, an taithí a bhfuil aige maidir leis an tionchar a bhí ag triomach 2018 agus samhradh fliuch 2012 ar phlandáil, ar fhás agus ar thorthaí ag Keoghs. Roinneann sé freisin a chuid leideanna is fearr maidir le prátaí a fhás sa bhaile – lena n-áirítear an t-am foirfe chun iad a bhaint.

Le beagán níos mó a thochailt isteach san eolaíocht atá taobh thiar den chaoi a mbíonn tionchar ag an aimsir ar fhás plandaí agus barra, míníonn an Dr. Michael O’Donovan, Ceann Taighde Féaraigh ag Teagasc, na bunriachtanais atá de dhíth ar phlandaí le fás agus insíonn sé dúinn faoi samhail thuartha um fhás féir den chéad scoth arna fhorbairt ag Teagasc agus á húsáid ag feirmeoirí ar fud na tíre.

Ar deireadh, leag an Dr. Klara Finkele, Ceannaire Meitéareolaíochta Talmhaíochta ag Met Éireann béim ar an raon táirgí aimsire is féidir le feirmeoirí agus saothróirí bia a rochtain chun tacú leo na cinntí is fearr a dhéanamh maidir lena mbarra agus a bplandaí. Pléann Klara freisin conas is féidir le hathruithe inár n-aeráid dul i bhfeidhm ar thalmhaíocht anseo in Éirinn.

Lean scéal laethúil Met Éireann Trácht Feirmeoireacht nó éist leis an réamhaisnéis sheachtainiúil feirmeoireachta ar an Domhnach ag 1.08i.n. ar RTÉ One nó ar RTÉ Player.


Podchraoladh Met Éireann

Tá leagan Gaeilge den eipeasóid seo – – le fáil anois freisin.


Éist thíos agus seiceáil eipeasóid mhíosúla roimhe seo den Podchraoladh Met Éireann – bí cinnte liostáil cibé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí.