Acmhainní Bunscoile

Fáilte chuig leathanach Acmhainní Bunscoile Met Éireann, áit ar féidir le tuismitheoirí, múinteoirí agus leanaí acmhainní a fháil a ceapadh le húsáid i mbunscoileanna na hÉireann.

Seo rannóg dár suíomh gréasáin a thugann réamheolas bunúsach ar an aimsir agus ar thopaicí a bhaineann leis an aimsir – do dhaltaí bunscoile.

Ceapadh na hacmhainní seo chun cuidiú le daltaí bunscoile bheith páirteach go gníomhach san fhoghlaim trí iniúchadh a dhéanamh ar phrionsabail mheitéareolaíochta.

Táthar ag súil go gcuideoidh na hacmhainní seo le daltaí raon scileanna eolaíochta a chleachtadh agus dearcadh oscailte criticiúil freagrach a bheith acu i leith an chomhshaoil i gcoitinne.

Ábhar agus Struchtúr

Cuirtear na hacmhainní seo i láthair mar bhileoga fíricí, quizeanna, pleananna ceachta agus turgnaimh. Déantar iad a ghrúpáil le chéile faoi na catagóirí seo a leanas:

Daltaí Sóisearacha Bunscoile: sa rannóg seo tá cur síos simplí ar fhíricí coitianta faoin aimsir, m.sh. taitneamh na gréine, báisteach, gaoth agus teocht.

Daltaí Sinsearacha Bunscoile: sa rannóg seo tá eolas níos doimhne ar thopaicí a bhaineann leis an aimsir agus cleachtaí ar scileanna sonracha cosúil le cairteacha aimsire a léamh agus scamaill a aithint

Pleananna Ceachta: is do mhúinteoirí d’fhormhór an rannóg seo agus is féidir na pleananna ceachta a chur in oiriúint do dhaltaí sóisearacha nó sinsearacha bunscoile.

Saor in Aisce!

Tá na cáipéisí go léir saor in aisce agus inphriontáilte. Beidh gá le Adobe Acrobat chun na hacmhainní a léamh. Is féidir Adobe a íoslódáil anseo.

Daltaí Bunscoile Sóiseareacha

Daltaí Bunscoile Sinsireacha

Pleananna Ceachta

 

Buíochas

Adobe Acrobat reader icon

Adobe Acrobat reader

Tionscnamh comhoibritheach é seo i measc bhaill foirne éagsúla Met Éireann le cúpla bliain anuas.