Meán Fómhair 2021 Is Teo Ar An Taifead Go Sealadach

Bhí meán-teochtaí ar fud na hÉireann os cionn meáin fadtéarmach, le curiarrachtaí teochta bainte amach i Meán Fómhair ag go leor stáisiún.  Bhí Mí Mheán Fómhair is teo riamh in 122 bliain i bPáirc an Fhionnuisce freisin.

Bhí meán-teochtaí d’Éirinn 2.1°C os cionn meáin fadtéarma (LTA 1981-2010) don mí, le luach is airde cothrom don íosteocht míosúil 3.0°C. An luach ab airde meán-teochta do Mheán Fómhair ná 0.8°C os cionn LTA. Go ginearálta, bhí na teochtaí braite timpeall na gcinn sin braite i Lúnasa 2021 agus i gceantair áirithe, níos teo fiú.

Bhí mí Mheán Fómhair is teo ar taifead sa Mhumhan agus Laighean, le meán-teochtaí 15.6°C agus 15.1°C faoi seach. Bhí an ceann ab airde ag Connacht, cosúil le 2006, le 14.7°C. I gCúige Uladh bhí an dara cheann ab airde 14.3°C, bhí sé níos airde in 2006 ag 14.4°C.

Tá an aimsir the seo go páirteach i ngeall ar oícheanta the le linn Meán Fómhair i ngach ceantar, le aimsir scamallach agus ardbhrú coitianta. Taifeadadh in Éirinn, agus i ngach cúige, a dteochtaí míosúla íochtar ab airde:

  • – Bhí Cúige Mumhan 11.8°C (2.4°C os cionn LTA)
  • – Bhí Connacht 11.6°C (2.4°C os cionn LTA)
  • – Bhí Laighean 11.3°C (2.4°C os cionn a LTA, cosúil le 2006)
  • – Bhí Uladh 10.8°C (2.2°C os cionn LTA).

Thug Oifig Met luach 10.7°C do Thuaisceart Éireann – a mheán íochtair ab airde do Mheán Fómhair ar taifead.

Bhraith stáisiúin aonair aimsir the freisin:

  • – Aerfort na Sionainne, Co. An Chláir (1.5°C os cionn LTA) a thaifead freisin a Mheán Fómhair ba theo ar taifead (fad 71 bliain).
  • – An teocht laethúil ab airde ná 27.9°C ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir (10.2°C os cionn LTA), a uasteocht laethúil ab airde do Mheán Fómhair ar taifead (fad 75 bliain).

Le linn sa tacar sonraí shraith fada (breathnóireachtaí taifeadta idir 09 UTC ar an lá go 09 UTC an chéad lá eile agus thar 24 uair):

  • – Bhí a Mheán Fómhair ba theo ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Átha Cliath in 122 bliain le meán míosúil 15.8°C (2.4°C os cionn LTA), an ceann roimhe ná 2006.
  • – Bhí a dara Mheán Fómhair ba theo ag Cion Mhálanna, Co. Dhún na nGall in 122 bliain , le meán míosúil 14.6°C (1.4°C os cionn LTA), an ceann ab airde ná 2006.

Dúirt Dr. Sandra Spillane, Clímeolaí ag Met Éireann: “Bhí Meán Fómhair 2021 te tirim go leor ar fud oileáin na hÉireann, le meánteochtaí go mór os cionn an mheáin agus báisteach faoin meán.  Bhí tréimhsí ardbhrú le linn an chuid is mó Mheán Fómhair, rud a thugann aimsir seasta tirim de ghnáth, sular éirigh coinníollacha níos cosúil le fómhar i dtreo deiridh na míosa agus ardbhrú ag bogadh ar feadh na hÉireann.”

Léiríonn na meastacháin aeráide is déanaí d’Éirinn treocht téamhaithe ar feadh gach séasúir i dtreo an todhchaí.  A thuilleadh mionsonraí ar Mheán Fómhair 2021 inár Ráiteas na Míosa.

 

Graif Teochta do Mheán Fómhair 2021 - clic ar an íomhá i gcomhair naisc agus roghnaigh ‘Graf Teochta’

Graif Teochta do Mheán Fómhair 2021 – clic ar an íomhá i gcomhair naisc agus roghnaigh ‘Graf Teochta’