DEIS MAOINITHE TAIGHDE CÚPLÁLA SAMHLACH AGUS MÚNLAITHE AERÁIDE MET ÉIREANN

Príomh-chomhpháirt le straitéis 10 mbliana Met Éireann is ea maoiniú taighde “Ag Ullmhú na hÉireann don Aeráid agus don Aimsir” agus tacaíonn sé le clár taighde dírithe ar dhul i ngleic le dúsháin sochaí an athraithe aeráide agus aimsire foircneach i ndomhain ag téamhú.

Tacaíonn Clár Taighde Aeráide agus Aimsire Met Éireann leis an saineolas agus feasacht a theastaíonn chun seachadadh agus feabhsú leanúnach a cheadú d’acmhainn tuartha náisiúnta i réimsí aimsire, aeráide agus hidreolaíochta agus le cinntiú, go háirithe i gcomhthéacs na haimsire, go dtugann torthaí taighde fianaise agus na uirlisí riachtanacha chun faisnéis a thabhairt do pholasaí agus gníomh an rialtais.

In 2010, sheol Met Éireann a chlár glao taighde iomaíoch ilbhliantúil chun cuidiú lena phríomh-ghníomhaíochtaí taighde reatha agus cur lena thuilleadh tógála acmhainne náisiúnta, lena chéad ghlao ar thairiscintí i réimse seirbhísí aeráide dar teideal “

TRANSLATE

Inniu, tá áthas ar Met Éireann Glao Taighde Met Éireann 2021 a eisiúint, oscailte do gach Institiúidí Ardoideachais in Éirinn chun dul i ngleic le dhá ábhar taighde suime sonraigh:

  • Múnlú Aeráide;
  • Cúpáil Samhlach.

Ábhar #1: Tionscadal Múnlaithe Aeráide

Múnlú EC-Earth a Fheabhsú do chóras Atmaisféir Aigéin an Atlantaigh Thuaidh

Tá tionchar mór ag córas Atmaisféir Aigéin an Atlantaigh Thuaidh ar aeráid na hÉireann. Tiomáineann athruithe i modhanna athraitheachta atmaisféarach ar scála mór amhail Síorathrú an Atlantaigh Thuaidh (NAO) athraitheacht in iarthuaisceart na hEorpa. Imríonn an Aigéan Atlantach ról riachtanach ag imirt tionchair ar aeráid na hÉireann. Iompraíonn Imshruthlún Fhadlíne an Atlantaigh (AMOC) méideanna móra uisce dromchla te i dtreo an phoil, agus imríonn sé sin tionchar láidir ar aeráid an Atlantaigh Thuaidh agus in Eoraip.

Is príomh-aidhm leis an Tionscadal seo fiosrúchán agus feabhsúchán a chur ar léiriú córais Atmaisféaraigh an Atlantaigh Thuaidh sa samhail EC-Earth don Domhan. Forbraítear EC-Earth ag cuibhreannas ar fud na hEorpa agus tá sé ailínithe go dlúth le córas réamhaisnéise séasúrach ECMWF, ina bhfuil samhail atmaisféarach IFS cúpláilte le samhail aigéin NEMO. Cuideoidh an Tionscadal seo le forbairt leanúnach EC-Earth, go háirithe an chéad leagan eile den samhail, EC-Earth v4.

Ábhar #2: Tionscadal Cúplála Samhlach

Córas samhlach atmaisféir-tonn-aigéin i gcomhair Éirinn

Mar náisiún oileánach ina bhfuil 40% den daonra ina gcónaí laistigh 5km den chósta, tá réamhaisnéis aimsire cruinn an chósta riachtanach i gcomhair sábháilteachta phoiblí (m.s. I dtéarmaí gaoithe agus réamhaisnéise tonnta, tuilte an chósta agus réamhaisnéis sithidh). I gcomhthéacs athraithe aeráide, braitheann tionchair measta méadaithe d’eachtraí aimsire foircneacha agus leanúnachas ar mheasúnú ar acmhainní easchósta freisin ar mhéadú i gcruinneas réamhaisnéise pharaiméadar neas-dromchla (m.s. Sreabhadh, báistí, gaoth).

Bíonn samhail atmaisféar-tonn-aigéan cúpláilte go hiomlán riachtanach i bhforbairtí dá leithéid sin agus is aidhm leis an Tionscadal seo samhail atmaisféar-tonn-aigéin a thógáil bunaithe ar an bhfréamhshamhail comh-mhaoinithe ag SEAI, Foras na Mara agus Met Éireann. Beifear ag súil le measúnuithe agus deimhniúchán críochnúil chun an córas a chur i réamh-oibriúchán in Éirinn. Teastóidh tástáil agus measúnú forleathan ón taighde seo chun stuamacht an chórais a chinntiú ó thaobh eolaíochta agus teicniúil araon.

Dátaí

  • Glao ar oscailt: Déardaoin 16 Mheán Fómhair 2021 10:57:08
  • Spriocdháta don ghlao: Dé hAoine 22ndDheireadh Fómhair 2021 ag 17:00.
  • Cuirfidh an córas cosc go huathoibríoch ar sheoladh na haighneachta i ndiaidh an spriocdháta.
  • Torthaí measta: Nollaig 2021.

A thuilleadh faisnéise

I gcomhair a thuilleadh eolais, téigh go dtí http://www.met.ie/science/Research-Call-2021

Teagmháil

Má bhíonn ceisteanna agat maidir le Glao Taighde Met Éireann 2021, téigh i dteagmháil le Oifig Mhaoinithe Met Éireann trí r-phoist chuig researchfunding@met.ie.