Nuashonrú ar Aip Met Éireann

Tá gnéithe nua spreagúla ar Aip Met Éireann á rolladh amach i nuashonrú céimnithe an tseachtain seo. Ba chóir go mbeadh an nuashonrú seo ar fáil le híoslódáil ar gach aipmhargadh fóin chliste agus táibléid faoi dheireadh an dara seachtain i mí an Mhárta, féach nóta d’úsáideoirí iOS 12.
I mí an Mheithimh 2022, chuireamar tuilleadh faisnéise réamhaisnéise gach uair an chloig don réamhaisnéis suímh ‘meiteagram’ ar www.met.ie, agus anois táimid ag tabhairt na faisnéise breise sin chuig an aip.
Is í aip Met Éireann an aip aimsire saor in aisce is mó a bhfuil tóir uirthi in Éirinn í le thart ar 120k úsáideoir gach lá agus iarrtar thart ar 500k réamhaisnéis uair an chloig gach lá! Tá áthas orainn an fhaisnéis agus na gnéithe atá ar fáil do phobal na hÉireann a mhéadú don réamhaisnéis seo atá coitianta agus éasca le húsáid.
Beidh roinnt gnéithe nua sa leagan nua seo den aip:

  • Rannán níos comhdhlúite faoin Tuar ar an scáileán baile. Mar a bhí ann roimhe, taispeánann an painéal ‘Inniu’ an tsiombail aimsire laethúil do mheán lae a thaispeántar ar maidin. I ndiaidh meán lae taispeántar an tsiombail 6pm, agus ina dhiaidh sin taispeántar an tsiombail meán oíche, leis an tsiombail meán lae do na laethanta ina dhiaidh sin. Tá na hamanna uile in AUL. Taispeánfaidh sé an réamhaisnéis uasteochta/íosteochta anois freisin. Tapáil ar gach lá chun na réamhaisnéisí uair an chloig don lá sin a fheiceáil!
  • Tá dearadh na réamhaisnéisí uair an chloig nuashonraithe le réamhaisnéisí nua curtha leis, lena n-áirítear uaireanta Éirí na Gréine agus Luí na Gréine, an % Seans go mbeidh frasaíocht in aghaidh na huaire, Séideán, teocht ‘Mothaíonn sé Cosúil le’, Taise, Teocht Drúchtphointe agus Meánbhrú ag leibhéal na farraige. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na réamhaisnéisí tríd an gcnaipe ‘i’ a bhrú ar an Réamhaisnéis Mhionsonraithe le haghaidh achoimre – le tuilleadh eolais ar fáil ag Réamhaisnéis Mhínithe
  • Is féidir leat léim go laethanta eile i bhfad níos tapúla leis na cnaipí Roimhe agus Ar Aghaidh – agus téann an réamhaisnéis go dtí 10 lá chun cinn.
  • Chuireamar an íomhá shatailíte is déanaí d’Éirinn, atá infheicthe i bhfoirm ‘scamall’ ardtaifigh, le scáileán baile an aip, faoi Dhálaí Reatha (ón stáisiún aimsire is gaire). Athraíonn an léarscáil seo go dtí an íomhá infridhearg (IR) i rith na hoíche
  • Chuireamar níos mó roghanna leis an roghchlár aip – le naisc chuig leathanaigh ar met.ie lena n-áirítear Innéacs UV , ár bpodchraoladh laethúil ‘Réamhaisnéis na hAimsire ó Met Éireann’ agus an Réamhaisnéis Sléibhte nua
New Outlook display with new max/min temperature forecast. Tap each day to see the forecast

Taispeántas nua réamhaisnéise le réamhaisnéis nua uasteochta/íosteochta. Brúigh gach lá chun an réamhaisnéis a fheiceáil. Foinse den íomhá: Aip Met Éireann tríd an Aipmhargadh iOS.

New hourly forecast design with more information

Dearadh réamhaisnéise uair an chloig nua le tuilleadh eolais. Foinse den íomhá: Aip Met Éireann tríd an Aipmhargadh Google Play.

 

New high resolution visible satellite image

Íomhá shatailíte ardtaifigh nua le feiceáil. Foinse den íomhá: Aip Met Éireann tríd an Aipmhargadh iOS.

 

Extra menu options

Roghanna roghchláir breise. Foinse den íomhá: Aip Met Éireann tríd an Aipmhargadh Google Play.

 

1 Níl an nuashonrú seo comhoiriúnach le gléasanna iPhone 5/6 a bhfuil leagan 12 de iOS orthu, agus tá súil againn an cheist seo a réiteach i nuashonrú eile go luath.
2 Ó thábla na n-aipeanna aimsire is fearr saor in aisce d’Éirinn ar aipmhargaí Google Play agus Apple araon – 13th March 2023