Tuartar dálaí toinne teasa an tseachtain seo

le Paul Downes, Meitéareolaí, an Rannóg Réamhaisnéise, Met Éireann. Eisithe ar an 9 Lúnasa 2022

 

HARMONIE maximum and minimum air temperature forecast for Thursday to Sunday

Réamhaisnéis uasteocht agus íosteocht aeir HARMONIE – Déardaoin an 11 go Domhnach an 14 Lúnasa

Beidh smacht ag an ardbhrú go príomha ar an aimsir sa chéad cúpla lá eile, mar sin, agus é ag téamh arís, cad ar cheart dúinn a bheith ag súil leis agus an t-ardú teochta tobann seo linn?

Ar dtús báire, an tonn teasa a bheidh ann?

Den chéad uair an samhradh seo is féidir linn a rá le leibhéal ard muiníne go gcomhlíonfar critéir na toinne teasa i roinnt áiteanna sa tír.

Cad go díreach atá i dtonn teasa?

Is é an sainmhíniú atá againn ar thonn teasa in Éirinn ná go mbaineann teochtaí aeir scáthacha teochtaí chomh hard le 25°C amach ar chúig lá nó níos mó i ndiaidh a chéile sa suíomh céanna.

Mar sin cén áit in Éirinn a mbeidh teochtaí forleathana le huasteochtaí níos airde ná 25°C ar na 5 lá os ár gcomhair?

Ón gCéadaoin an 10 Lúnasa ar a laghad suas go dtí an Domhnach an 14 Lúnasa, táthar ag súil go mbeidh uasteochtaí os cionn 25°C i bhformhór Chúige Mumhan agus Chúige Laighean. Is dócha go sroichfidh teochtaí na 20idí arda ar an Aoine, an Satharn agus b’fhéidir ar an Domhnach i gcodanna móra sna cúigí sin.

Tá eisceacht air sin; cé go mbeidh na gaotha measartha íseal ar an talamh, beidh gaotha farraige ann, ar chóstaí an oirthir agus an oirdheiscirt ach go háirithe, rud a fhágfaidh nach mbeidh teochtaí ach sna 20idí ísle cóngarach don chladach.

Beidh uasteochtaí sna 20idí ísle go meánacha thar Chonnacht agus Uladh ar an gCéadaoin agus an Déardaoin. Ardóidh uasteochtaí go dtí na 20idí meánacha nó níos airde ón Aoine ar aghaidh, áfach. Cé go n-ardóidh teochtaí os cionn 25°C i roinnt áiteanna sna 5 lá atá romhainn, ní dócha go dtarlóidh sé sin ag aon stáisiún amháin thar na 5 lá iomlána agus ní shroichfear critéir na toinne teasa dá bharr.

B’fhéidir go mairfidh ceo farraige ar gach cósta ag amanna freisin agus cuirfidh sé sin teorainn leis na huasteochtaí sna háiteanna sin.

Méadaíonn éiginnteacht maidir leis an aimsir agus sinn ag dul trí Dé Domhnaigh isteach i laethanta luatha na seachtaine seo chugainn le seans beag de stoirmeacha toirní ann níos déanaí ar an Domhnach agus ar an Luan, rud a thabharfaidh teochtaí atá níos fuaire agus níos cóngaraí don mheánteocht leis, seans maith.

Cén áit a mbeidh ar an áit is teo agus an bhfuil aon rabhaidh ardteochta ann? 

Beidh teochtaí a rachaidh chomh hard leis na 20idí arda i mórán de Chúige Mumhan agus Cúige Laighean níos déanaí sa tseachtain, cé go mbeidh na himill chósta beagáinín níos fuaire. Eisíodh rabhadh ardteochta stádas buí le seans go sáróidh na hardteochtaí 27 céim thar cheantar mór ar feadh níos mó ná 2 lá i ndiaidh a chéile, ag tosú ar an Déardaoin, agus fanfaidh íosteochtaí na hoíche os cionn 15°C ar feadh an chuid is mó den oíche sa cheantar céanna. De réir mar a théann an tseachtain ar aghaidh agus an réamhaisnéis ag éirí níos cinnte, b’fhéidir go gcuirfear roinnt contaetha tuaisceartacha agus iartharacha mar Co. na Gaillimhe agus Co. Ros Comáin san áireamh freisin.

An sárófar an taifead don teocht is airde i mí Lúnasa?

Baineadh an teocht is airde i mí Lúnasa amach 27 bliain ó shin ar an Domhnach an 2 Lúnasa 1995 ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach (11.3°C os cionn an mheánleibhéil fhadtéarmaigh do 1981-2010), le 31.5°C.

Ba cheart súil a choimeád ar Bhaile an Phaghanaigh níos déanaí an tseachtain seo, go háirithe ar an Aoine agus an Satharn. Is beag seans go sárófar taifid teochta mhí Lúnasa, áfach. Ní féidir teochtaí os cionn 30°C go háitiúil a chur as an áireamh, áfach.

Taifid adhaimsire d’Éirinn

Cad í an teocht is airde a bhí againn in 2022 go dtí seo? 

Thuairiscigh Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath uasteocht aeir scáthaithe de 33.0°C ag 14:40 pm Éireannach (13:40 AUL) ar an Luan an 18 Iúil 2022. Tá an uasteocht sin 12.8°C os cionn an mheánleibhéil fhadtéarmaigh (MLFT) do 1981-1981 de 20.2°C.

Cad iad na tionchair agus na húdair imní is mó don tonn teasa seo?

  1. Sábháilteacht uisce

Ar an drochuair, tharla roinnt básanna san uisce i mbliana, agus tá sé fíorthábhachtach dá bharr sin go mbíonn sábháilteacht uisce go mór inár n-aigní agus taitneamh á bhaint againn as dálaí teo, nó faoiseamh á lorg againn agus é róthe.

Le do thoil lean treoirlínte sábháilteachta uisce agus bí airdeallach orthu siúd i do thimpeall. Seiceáil an t-eolas is déanaí maidir le réamhaisnéisí do cheantair farraige agus lochanna intíre anseo.

Réamhaisnéis do cheantair farraige

Lochanna intíre

  1. Tógáil na gréine agus strus teasa 

Beidh an tInnéacs UV ard na laethanta seo chugainn agus moltar tógáil na gréine a laghdú, go háirithe do leanaí agus aosaigh leochaileacha.

Innéacs UV

UV Index legend - Healthy Ireland

Eochair Innéacs UV – Éire Shláintiúil

Average UV and temperatures rise and fall during the day during Summer

Ardaíonn agus laghdaíonn an meánleibhéal UV agus na meánteochtaí i rith an lae i gcaitheamh an tsamhraidh

Tá an-tábhachtach arís dóthain a ól i rith na tréimhse seo; beidh sé an-te agus marbhánta i rith na hoíche freisin. Baineann sé sin le hainmhithe feirme agus peataí freisin.

  1. Caomhnú uisce agus riosca dóiteáin

Le dálaí ar an talamh ag éirí an-tirim i gcaitheamh an tsamhraidh, tá maoschláir íseal agus ba cheart uisce a chaomhnú nuair is féidir. Mar sin déan iarracht gan uisce a úsáid ach nuair is gá agus seachain an cur amú.

Agus an scéal ag éirí níos measa mar gheall ar na dálaí an-tirime agus méadú de réir a chéile ar theochtaí, beidh riosca dóiteáin an-ard ann. Mar sin bí cinnte beárbaiciúnna a mhúchadh i gceart, agus ná las tinte oscailte i gceantair faoi chrainn nó ar fhéarthailte.

Tá treoir maidir le dálaí aimsire dóiteáin thíos

Innéacs aimsire dóiteáin

Cuimhnigh le do thoil go gcuireann sealanna bogtheo agus teo mar seo leis an riosca saoil is mó a bhaineann leis an aimsire, mar sin cé go gcuireann roinnt daoine fáilte roimh imeachta mar seo, bí cúramach le do thoil leis na rioscaí ar fad i dtaobh sláinte agus sábháilteachta.

Le haghaidh eolas iomlán ar threoir an rialtais maidir le bheith aireach i rith an tsamhraidh, faigh comhairle ón leabhrán Bí Ullamh don Samhradh.