An Leabharlann

Fáilte chuig Leabharlann Met Éireann. Áirítear sa bhailiúchán againn foilseacháin eolaíochta a bhaineann le meitéareolaíocht agus clíomeolaíocht. An phríomhaidhm againn ná acmhainní luachmhara taighde agus faisnéise a sholáthar d’fhoireann Met Éireann. Chomh maith leis sin, is féidir leis an bpobal úsáid a bhaint as an mbailiúchán ach coinne a dhéanamh linn roimh ré.

Táimid ar ár ndícheall meitéareolaíocht a chur chun cinn in Éirinn. Chuige sin, cuirimid rochtain éasca ar fáil ar ár n-acmhainní agus tugaimid aire dár mbailiúcháin stairiúla do na glúnta le teacht. Seo roinnt de na seirbhísí a chuirimid ar fáil:

  • Bailiúchán cuimsitheach de théacsanna agus d’irisleabhair mheitéareolaíochta
  • Rochtain ar an láthair ar leabhair, irisí, foilseacháin eagraíochtúla, tráchtais agus saothair thagartha
  • Rochtain ar thaifid stairiúla aimsire

Aimsigh

Foilseacháin Met Éireann

Aimsigh raon leathan d’fhoilseacháin Met Éireann lena n-áirítear achoimrí agus feasacháin, foilseacháin chorparáideacha, tuairiscí eolaíochta, nótaí teicniúla agus ailt phiarmheasúnaithe agus foilseacháin fhoireann Met Éireann.

Déan Taighde

Bailiúcháin Speisialta

Déan taighde inár mbailiúchán tábhachtach de leabhair stairiúla, irisí agus lámhscríbhinní, chomh maith le breathnóíreachtaí ónár stáisiúin mheitéareolaíochta ar fud na hÉireann.

Bí ag foghlaim

Faoin Leabharlann

Faigh tuilleadh eolais faoinár socruithe chun cuairt a thabhairt ar ár leabharlann agus faoinár mbeartais iasachtaithe, rialacháin chóipchirt, sonraí teagmhála agus príomhsheirbhísí eile leabharlainne.