
Chruthaigh COC Ar Lorg Ghlao an Chrotaigh mar chuid den tionscadal TRANSLATE agus leanann sé Lou agus a seanathair agus iad ag dul sa tóir ar an gcrotach atá ag imeacht as radharc in aice lena mbaile féin i gCondae Chiarraí. Ceanglaíonn an scéal na gluine Lou le gluine an chrotaigh: éan atá fite fuaite in oidhreacht chultúrtha na hÉireann le linn na mblianta fada. Déanann an scéal iniúchadh ar an tslí ina dtéann na hathruithe i bpátrúin aimsire i bhfeidhm ar sheansanna maireachtála na n-éan, ionas go moltar do na léitheoirí aird a bheith acu ar an athrú aeráide agus ionspioráid a spreagadh iontu chun chabhrú leis.
Sa chosán foghlama thíos, aimseoidh tú an foireann iomlán acmhainní breise do mhúineadh na hoibre seo sa ranga, an t-úrscéal grafach, an beochan agus na pacáistí múinteora do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna atá in éineacht leis san áireamh. Cuimsíonn na pacáistí seo pleananna ceachta agus suirbhéanna breise, a bhfuil ról tábhachtach orthu inár dtuiscint ar an méid rannpháirtíochta agus éifeachtachta a bhaineann leo le haghaidh daltaí.

Open Secondary School Teacher Pack PDF
Open Chasing the Curlew graphic novel
Open Primary School survey form
Open Secondary School survey form

Snáithe scéil aeráide
Is treoir dírithe ag Met Éireann é an tionscadal TRANSLATE le haghaidh eolais agus serbhísí aeráide caighdeánaithe fáistineacha a fhorbairt d’Éirinn. Is í príomhchuid den tionscadal seo ná an t-eolas a léiriú go bhféadfadh daoine go léir i ngach réim den tsochaí a thuiscint. Bíonn “snáithe scéil aeráide” cosúil le húrscéal an Chrotaigh a ndearna cur síos air anseo ina gceann amháin na gcur chuige a úsáidtear i TRANSLATE chun tacú leis sin.
Is ionann snáithe scéil agus scéal simplí faoin dóigh go dtiocfadh an athrú aeráide i bhfeidhm ar an pobal, na háiteanna agus na córais sa todhchaí. Míníonn sé cad a tharlódh, cén fáth agus cad a bheadh na héifeachtaí. Ní úsáidtear iad in ionad sonraí eolaíochta ach mar shlí chun eolais aeráide ó sonraí teibí a athrú go dtí todhchaí tábhachtach inchreidte atá sáincheaptha do phobail áirithe – sa chás seo daoine óga idir 8 agus 16 bliana d’aois.

Ceardlanna Scéalaíochta
Rinneamar roinnt ceardlainne scéalaíochta i mbunscoileanna agus i meánscoileanna ar fud Chathair Chorcaí. I rith na ranganna tástála sin, bheachtaíomar ár bpacáistí muinteora, pleananna ceachta, súirbhéanna agus ábhair ranga chun cinntithe go mbeidh siad mealltach, éifeachtach, agus ullamh d’úsáid na n-oideoirí. Caith súil ar cuid de na scéalta thíos a chruthaigh daltaí ag leanúint a n-aistear an Crotaigh ag Bunscoile St Maries of the Isle agus Coláiste Nano Nagle.
Má ghlacann do rang páirt i gcosán foghlama an Chrotaigh, beimid an-buíochas as cloisteáil uait. Moltar do scoileanna scéalta, oibreacha ealaíne agus gníomhaíochtaí ranga a roinnt linn ag educationandoutreach@met.ie, agus beidh roinnt díobh ar ár leathanach gréasáin.
Le do thoil líon na suirbhéanna atá in éineacht leis na ranganna tar éis páirt a ghlacadh iontu, mar bhíonn ról tábhachtach orthu lenár dtuiscint ar an méid rannpháirtíochta agus éifeachtachta a bhaineann leo le haghaidh daltaí. Cuimhnigh: Na scoileanna a chuireann suirbhé líonta isteach, cuirfear isteach iad ar chrannchur chun stáisiún aimsire a bhuachan!

