Teagmhais Aimsire i gConarthaí d’Oibreacha Poiblí

Glacadh le cur chuige oibiachtúil agus intomhaiste maidir lena meastar a bheith ina theagmhas aimsire a d’fhéadfadh teagmhas moillaga bheith mar thoradh air, i.e. am breise faighte ag an gconraitheoir. Bíonn teagmhas moillaga ann nuair a sháraíonn teagmhas aimsire an luach tairsí sonraithe (90ú peircintíl) in aon mhí áirithe.

Is ionann teagmhais aimsire agus:

  • Líon na laethanta in aghaidh na míosa le méid báistí > 10mm.
  • Líon na laethanta in aghaidh na míosa le meán-uaslais gaoithe 10-nóim >=15m/s.
  • Líon na laethanta in aghaidh na míosa le híosteocht < 0 céim C.

Sonraí Míosúla

Tá na teagmhais aimsire dár stáisiúin Shionoptacha ar fáil anseo, roghnaigh an stáisiún agus cliceáil an nasc ag bun an leathanaigh.

Féach Sonraí Míosúla

 

Cuir isteach an Fhoirm Ordaithe ar líne, le do thoil, má tá sonraí ó stáisiúin eile ag teastáil uait, agus tá táille i gceist. Cuireann doiciméad na Roinne Airgeadais síos ar conas mar a ríomhtar teagmhais aimsire agus ar na sonraí stairiúla a úsáidtear chun teidlíocht a chinntiú maidir le fadú ama. Tá luachanna tairsí (90ú peircintíl) sonraithe sa doiciméad seo.

Is é an 90ú peircintíl an luach is ísle le 90% de na sonraí samplacha níos lú ná nó cothrom leis. Úsáideadh gach cuid de na sonraí a bhí ar fáil do gach stáisiún ina ríomh. Níor úsáideadh stáisiún dá mba rud nach raibh 10 mbliana de shonraí ar a laghad ar fáil ó na 12 bhliain atá díreach caite, le gach mí féilire san áireamh.