Ráiteas Aeráide Do Mheán Fómhair 2021

 

Te, tirim don chuid is mó agus scamallach

Lean aimsir an-tirim ó dheireadh Lúnasa ar feadh an chuid is mó den chéad sheachtain Mheán Fómhair agus ardbhrú ó thuaisceart na hÉireann ag brú amach soir go mall. Thug frontaí aimsire Atlantacha báisteach chuig an Iarthar agus an Tuaisceart ar an 5ú, ach d’fhan an Deisceart agus an Oirthear tirim don chuid is mó. Bhris coinníollacha scamallacha le linn an chéad chuid den seachtain chun solas te na gréine a thabhairt i dtreo deiridh na seachtaine. Gnéithe coitianta ab iad ceo, brádáin agus ceochán san oíche. Bhog ísealbhrú suas ón ndeisceart ag tús an dara sheachtaine, rud a spreag báisteach trom forleathan agus uaireanta tintreach nó cith. Lean an chuid eile den dara sheachtain scamallach don chuid is mó le báisteach scaipthe agus gaoth maol, ach d’fhan sé réasúnta te agus limistéar lag ardbhrú ag dul soir thar na tíre. Sa tríú sheachtain agus an chuid is mó den cheathrú cheann bhí ísealbhrú sa tuaisceart agus ardbhrú sa dheisceart ag stiúradh maise aeir ó scamaill trópaiceach na mara thar Éirinn in aershruth ag dul siar. Thug sé sin go leor fronta aimsire Atlantacha trasna na tíre le sealanna báistí nó ceatha, ach d’fhan méideanna íseal go ginearálta go háirithe san Oirthear. Tháinig fronta fuar, a thug báisteach trom forleathan ar an 26ú agus 27ú, le mais aeir polach na mara, i bhfad níos fuaire. Léirigh sé sin athrú i dtreo coinníollacha an fhómhair a lean go deireadh na míosa le báisteach nó ceathanna gach lá.

Báisteach: Faoin meán sa chuid is mó áiteanna, is tirime san Oirthear

Bhí an chuid is mó iomlán báistí míosúil timpeall na tíre faoi bhun a gcuid Meáin Fadtéarmacha (LTA). Chuaigh céatadáin luachanna báistí míosúla ó 53% (iomlán báistí míosúil 37.7 mm) ag Dún Samhnaí, Co Mí go 133% (iomlán báistí míosúil is airde na míosa 147.8 mm) ag Aerfort an Chnuca, Co. Mhaigh Eo. Bhí luachanna iomláin báistí míosúla ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Átha Cliath le 33.4 mm (56% dá LTA). Bhí an t-iomlán báistí laethúil 31.6 mm i gCeann Mhása, Co. Gaillimhe Dé Céadaoin 8ú. Chuaigh an méid lá báistí ó 8 lá i bPáirc an Fhionnuisce, Co. Átha Cliath go 23 lá i Marcréidh, Co. Shligigh agus Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Chuaigh an méid lá báistí ó 7 lá i bPáirc an Fhionnuisce, Co. Átha Cliath go 18 lá ag stáisiúin áirithe san Iarthar. Chuaigh líon na laethanta an-fhliuch ó náid i gcúpla stáisiúin go 7 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Bhí triomaigh ag seacht stáisiún idir an Domhnach 22ú Lúnasa agus Céadaoin 8ú Mheán Fómhair. Ba iad sin Páirc an Fhionnuisce, Co. Átha Cliath, Oak Park, Co. Cheatharlaigh (a mhair 17 lá), Aerfort na Sionainne, Co an Chláir, Caisleán Bhaile Sheáin Co Loch Garman, Áth a Rí, Co Gaillimhe, Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí (a mhair 16 lá) agus Casement Aerodrome Co Átha Cliath (a mhair 15 lá). Bhí sealanna tirim ag ceithre stáisiún déag idir Satharn 21 Lúnasa agus Céadaoin 8ú Mheán Fómhair (a mhair idir 15 agus 18 lá).

Teocht: Os cionn an mheáin gach áit, thar na bearta áiteanna

Bhí gach teocht ar fud na tíre os cionn a Meán Fadtéarmach (LTA) don mhí. Chuaigh imeachtaí ó mheánteochtaí an aeir ó 1.1 °C (meánteocht 14.3 °C) i gCionn Mhálanna, Co Dhún na nGall go 2.3 °C (meánteocht 15.5 °C) i bPáirc an Fhionnuisce, Co Átha Cliath. Chuaigh meánteochtaí don mhí ó 13.6 °C (1.6 °C os cionn LTA) ag Aerfort an Chnuca Co Mhaigh Eo go 15.7 °C in Inis Arcáin, Co. Chorcaigh (1.4 °C os cionn LTA) agus Aerfort na Sionainne, Co Chláir (1.5 °C os cionn LTA) (an Meán Fómhair is teo ar taifead ann (fad 71 bliain)). Bhí na teochtaí ab ísle na míosa taifeadta Dé Céadaoin 29ú le híosteocht an aeir i mBaile Átha an Rí, Co. Gaillimhe le teocht 3.1 °C agus an t-íosteocht féir i Muileann gCearr, Co Iarmhí le -0.5 °C. Bhí uasteocht ab airde 27.9 °C ag Aerfort na Sionainne, Co Chláir (a uasteocht ab airde do Mheán Fómhair ar taifead (fad 75 bliain)) agus Réadlann Dhairbhre, Co Chiarraí (a uasteocht ab airde do Mheán Fómhair ó 1991), an dá rud Dé Máirt 7ú. Ní raibh aon sioc aeir taifeadta don mí sin. Thuairiscigh dhá stáisiún sioc sa talamh. Chuaigh an méid laethanta le sioc sa talamh ó náid i bPáirc an Fhionnuisce, Co Átha Cliath go lá amháin i Muileann gCearr, Co Iarmhí agus Clár Chlainne, Co Mhaigh Eo. Chomh maith le Aerfort na Sionainne, bhí a n-uasteochtaí ab airde ag naoi stáisiún eile ó Mheán Fómhair ar taifead, gach ceann Dé Máirt 7ú (faide thar na bearta ag dul ó 11 go dtí 75 lá). Chomh maith le Aerfort na Sionainne, bhí a n-uasteochtaí ab airde ag 11 Stáisiún eile ó Mheán Fómhair ar taifead (faide thar na bearta ag dul ó 11 go dtí 75 lá).

Solas na gréine: Scamallach, níos ísle san Iarthuaisceart

Chuaigh céatadán luachanna solais na gréine míosúla ó 75% (iomlán solais na gréine 89.6 uair) ag Aerfort na Sionainne, Co Chláir go dtí 79% (iomlán sholas na gréine míosúil 99.0 uair) ag Casement Aerodrome, Co Átha Cliath. Chuaigh iomlán sholas na gréine míosúla ó 75.8 uair (gan chomparáid LTA*) i mBéal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo go 102.6 uair (Gan chomparáid LTA*) in Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co Átha Cliath. Bhí an méid ab airde uaireanta sholas na gréine taifeadta an mhí seo 13.0 uair i gCionn Mhálanna, Co Dhún na nGall Dé Céadaoin 1ú. Chuaigh an méid lá scamallach ó 7 lá in Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Átha Cliath go 12 lá in Aerford Chorcaigh, Co Chorcaigh.

Gaoth: Gála taifeadta

Chuaigh luas gaoithe míosúil ó 4.3 muirmhíle san uair (8.0 km/h) in Moore Park Co Chorcaigh go 12.1 muirmhíle an uair (22.4 km/h) i gCeann Mhása, Co Gaillimhe. Bhí gálaí taifeadta Dé Domhnaigh 26ú agus Dé Céadaoin 29ú. Chuaigh líon na laethanta le gaoth gála ó náid sa chuid is mó stáisiúin go 2 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Ní raibh aon ghálaí láidre nó stoirmeacha tuairiscithe an mhí seo. Tuairiscíodh na séideáin ab airde agus luas gaoithe 10 nóiméid i mBéal an Mhuirthe, Co Mhaigh Eo. Bhí an séideán gaoithe ab airde Dé Domhnaigh 26ú agus Dé Céadaoin 29ú faoi seach le 47 muirmhíle san uair (87 km/h) agus an meánluas gaoithe ab airde 10nóm ná 36 muirmhíle san uair (67 km/h) – Fórsa Gála 8 – Dé Céadaoin 29ú.

Tuarascáil Iomlán

 

Extreme values at synoptic stations - September 2021

Luachanna foircneacha ag stáisiúin shionoptacha – Meán Fómhair 2021

 

% Báistí 1981-2010 Meán Míosúil - Meán Fómhair 2021 (Sealadach)

% Báistí 1981-2010 Meán Míosúil – Meán Fómhair 2021 (Sealadach)

 

map of Total Monthly Rainfall (mm) - September 2021 (Provisional)