CUIREANN TUARASCÁIL AERÁIDE BÉIM AR AN RIACHTANAS DO GHNÍOMH PRÁINNEACH

Tugann an tuarascáil is déanaí ón IPCC (Painéal Idir-rialtais ar Athrú Aeráide) rabhadh go bhfuil athrú aeráide cothaithe ag an gcine daonna forleathan, gasta agus ag dul i neart.

An chéad chuid den Séú Mheasúnú IPCC, “Athrú Aeráide 2021: An Bunús Eolaíoch Fisicigh” foilsithe inniu (Dé Luain 9ú Lúnasa 2021) agGrúpa Oibre IPCC I.  Luann an tuarascáil, mura bhfuil laghduithe láithreach, gasta agus ar scála mór ar astuithe gháis ceaptha teasa, beidh teorannú téamhaithe gearr le 1.5°C nó fiú 2°C do-dhéanta.

Dúirt Dr. Saji Varghese, Ceannaire Seirbhísí Aeráide, Taighde agus Feidhmeanna ag Met Éireann: “Tá athrú aeráide cothaithe ag an gcine daonna ag spreagadh eachtraí aimsire timpeall na cruinne, ó thuilte contúirteacha suaiteacha, go teochtaí foircneacha, triomach agus dóiteáin foraoise.  Le gach athrú incriminteach sa teocht, meastar go mbeidh na heachtraí sin ag éirí níos coitianta is níos déine.

“Deimhníonn an tuarascáil eolaíoch is déanaí seo ón IPCC nach mbeidh aon tír in ann éalú ó thionchair an athraithe aeráide, ach luann sé go háirithe gur féidir linn na tionchair is measa a chosc ó athrú aeráide má ghlactar gníomh láidir práinneach chun astuithe gháis ceaptha teasa a laghdú.”

Is é Tuarascáil an Séú Mheasúnaithe IPCC é an chéad athbhreithniú mór ar eolaíocht an athraithe aeráide ó bhí 2013 ann.  Measann sé go méadóidh athruithe aeráide as seo amach i ngach réigiún. I gcomhair téamhaithe domhanda 1.5°C, beidh méadú i dtonnta teasa, séasúir te níos faide agus séasúir fuara níos giorra, chomh maith le athruithe i bpatrúin báistí a imríonn tionchar ar thuilte agus triomaigh. Ag téamhú domhanda 2°C, bheadh teochtaí te foircneacha níos coitianta ag dul go dtí teorainneacha fulaingte don talmhaíocht agus sláinte, mar a léiríonn an tuarascáil.

Dúirt Ard-Rúnaí UN, António Guterres: “Inniu tá Tuarascáil Ghrúpa Oibre IPCC mar chód dearg don chine daonne.  Má dhéanaimid obair foirne anois, is féidir linn cosc a chur ar chatastróf aeráide. Ach de réir sonraí soiléir an tuarascála, níl am le cur amú agus ní féidir linn leithscéalta a ghabháil. Tá súil agam gur féidir le ceannairí rialtais agus gach geallshealbhóirí a chinntiú go n-éireoidh le COP26.”

Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáidí, Eamon Ryan TD: “Is soiléir inniu go mbeadh torthaí tubaisteacha ann mura nglactar gníomh anois, ach is féidir a bheith dóchasach. Chuirfeadh laghduithe láidre leanúnacha in astuithe gháis ceaptha teasa CO2 teorainn ar an athrú aeráide. Tá a fhios againn cad le déanamh. Is gá dúinn anois díograis náisiúnta agus domhanda a úsáid chuige sin.”

Is féidir ráiteas iomlán an Aire Ryan a léamh anseo.

Is é tuarascáil Ghrúpa Oibre I é an chéad le trí bhabhta Séú Thuarascálacha Measúnaithe IPCC a thugann measúnú ar fheasacht eolaíocht maidir le athrú aeráide, tionchair agus rioscaí don todhchaí agus roghanna chun dul in oiriúint agus maolú.  I gcomhair a thuilleadh eolais ar Ghrúpa Oibre 6ú Mheasúnaithe IPCC féach: https://www.ipcc.ch/report/ar6/wg1/