Seirbhísí Comhshaoil

Cuireann Met Éireann roinnt seirbhísí comhshaoil ar fáil, agus déantar iad a sheachadadh i bhfoirm réamhaisnéisí, sonraí agus rabhaidh.

Réamhaisnéisí Comhshaoil, Rabhaidh agus Sonraí Réamhaisnéise

  • Innéacs UV ó Bhealtaine go Meán Fómhair – tabharfar rabhaidh trí aip soghluaiste Met Éireann
  • Pailin ó Mheitheamh go Lúnasa– cuirfidh na haipeanna soghluaiste nua rabhaidh maidir le háirimh arda pailine ar fáil
  • Anailís chonair – is féidir é seo a rith chun monatóireacht a dhéanamh ar astuithe féideartha ceimiceacha agus núicléacha tríd an múnla easraithe Hysplit
  • Sonraí réamhaisnéis gaoithe agus easraithe
  • Tuar gearrthréimhseach gaoithe agus baistí (aschur modúil díreach)

Seirbhísí Comhshaoil: Riosca agus Rabhaidh

Is féidir le Met Éireann rabhaidh agus réamhaisnéisí a thabhairt maidir leis na rioscaí seo a leanas. Is féidir an t-ábhar a chur in oiriúint do riachtanais an chustaiméara. Cuireann Met Éireann seastán ar fáil do Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais chomh maith le hÚdaráis Áitiúla agus comhlachtaí corparáideacha chun sonraí agus táirgí meitéareolaíochta atá curtha in oiriúint a sheachadadh www.metweb.ie 

  • Báisteach throm
  • Stoirmeacha toirní
  • Gaotha agus séideáin arda
  • Sioc, sneachta agus oighear bóthair
  • Ózón ar leibhéal íseal
  • Taighde ar riosca tine foraoise

Cuireann na múnlaí tuartha aimsire uimhriú a ritheann Met Éireann (HIRLAM agus Harmonie) sonraí réamhaisnéise ar fáil do na húsáideoirí deiridh chomh maith le sonraí ionchuir do mhúnlaí comhshaoil eile ar nós an córas tuartha oighir bóthair, múnlaí freagartha éigeandála núicléacha agus measúnú ar acmhainne gaoithe.

Déan teagmháil

Seirbhísí Agra-Comhshaoil
Met Éireann
Cnoc Ghlas Naíon
Baile Átha Cliath 9
Éire
Teil. +353 (0) 1 8064200
Facs +353 (0) 1 8064247

Tabhair do d’aire: Chun iarratais ar shonraí déan teagmháil leis an Oifig Eolaí Aeráide.Climate Enquiries Office.