Bhí níos mó adhaimsire ná mar a bhí riamh ar fud an domhain in 2022, agus taifeadadh an samhradh ba theo san Eoraip riamh. .
Tá breathnuithe teochta na hÉireann ag teacht leis an treocht téimh sin. Go sealadach, ba í 2022 an bhliain ba theo ón bhliain 1900, chun tosaigh ar na blianta ba theo roimhe sin: 1945 agus 2007. De bharr meánteocht beagán os cionn 10.8°C, is í 2022 an bhliain is teo ar taifead in Éirinn go sealadach. Is í 2022 an 12ú bliain i ndiaidh a chéile atá os cionn na gnáth-theochta in Éirinn freisin, agus bhí 21 de na 22 bliain sa chéad seo os cionn an ghnáthleibhéil.
Teochtaí Sealadacha
Briseadh na taifid teochta uasta ab airde riamh le haghaidh mhí Iúil agus mhí Lúnasa i mbliana freisin; i bPáirc an Fhionnuisce Dé Luain an 18 Iúil (33.0°C atá 12.9°C os cionn an mheáin fhadtéarmaigh (MFT) a bhí ann idir 1981-2010) agus i nDarú, Co. Laoise Dé Sathairn an 13 Lúnasa (32.1°C).
Ba í an teocht aeir laethúil ab ísle ag ár stáisiúin shionoptacha ná -8.8°C i gCluain Creamha, Co. Ros Comáin (10.9°C faoi bhun an MFT) Dé hAoine an 16 Nollaig 2022.
Chomh maith le Páirc an Fhionnuisce Dé Luain an 18 Iúil, tuairiscíodh ó ocht stáisiún eile an uasteocht laethúil ab airde in aon mhí ar taifead. Ba iad sin:
- Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath (fad 58 bliain) ag 31.9°C
- Cluain Creamha. Co. Ros Comáin (fad 14 bliana) ag 31.4°C
- An Goirtín, Co. Thiobraid Árann (fad 14 bliana) ag 31.0°C
- Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin (fad 17 mbliana) ag 30.8°C
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe (fad 12 bhliain) ag 30.5°C
- Dún Samhnaí, Co. na Mí (fad 48 bliain) ag 30.5°C
- An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí (fad 72 bliain) ag 30.4°C
- Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath (fad 80 bliain) ag 29.6°C

Léaráid 1: Aimhrialtacht teochta d’Éirinn. TABHAIR FAOI DEARA: toisc nach bhfuil 2022 thart go fóill, d’fhéadfadh go n-athrófaí barra 2022 ar an ngraf seo de bheagán de réir mar a thaifeadtar níos mó breathnuithe teochta. Déan teagmháil le enquiries@met.ie le haghaidh na grafaice is déanaí a fhail.
Báisteach Sealadach
Maidir leis an mbáisteach, bhí 2022 ní ba thirime ná an meán. Bhí go leor éagsúlachta sa bháisteach thar na míonna, agus bhí an t-earrach agus an samhradh ní ba thirime ná an meán agus an fómhar agus an geimhreadh in 2021/2022 ní ba fhliche ná an meán.
Bhí míonna Eanáir, Iúil, Lúnasa agus na Nollag ní ba thirime ná mar is gnách, agus bhí mí Feabhra agus mí Dheireadh Fómhair ní ba fhliche ná mar is gnách. Bhí an fómhar ba fhliche ar taifead ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí (fad taifid 81 bliain) a raibh 786.5 mm báistí lena linn, 167% níos mó ná mar is gnách.
Ba é an 3 Meán Fómhair an lá ba fhliche in 2022, agus taifeadadh níos mó ná 4.6 mm báistí ag breis agus 90% de 467 stáisiún ar fud na tíre.

Léaráid 2: Meáin ghreillithe shealadacha le haghaidh báistí in 2022, suas go Déardaoin an 29 Nollaig 2022 agus an lá sin san áireamh. Déan teagmháil le enquiries@met.ie chun grafaic nuashonraithe a fháil más gá tar éis dheireadh na bliana.
Gaoth & Grian
Tharla an séideán gaoithe ba láidre ar an 20 Feabhra 2022 ag Ceann Mhása i nGaillimh le linn Stoirm Franklin agus bhí séideán 139 km/u (75 muirmhíle san uair) ann. Ba é Dé Luain an 2 Bealtaine an lá ba shuaimhní agus taifeadadh ag gach stáisiún meánluas gaoithe laethúil < 11.1 km/u (6.0 muirmhíle san uair). Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar stoirmeacha roimhe seo, féach arwww.met.ie/climate/storm-centre le do thoil.
Ba é Dé Máirt an 9 Lúnasa an lá ba ghrianmhaire, agus taifeadadh ag gach stáisiún breis agus 11 uair an chloig de sholas geal na gréine. Tá comhscór ann le haghaidh an lá ab dhorcha agus ní raibh ach 0.1 uair an chloig de sholas na gréine a taifeadadh ag gach stáisiún monatóireachta gréine Dé Luain an 10 Eanáir agus Dé Máirt an 4 Deireadh Fómhair.↲
Is féidir tuilleadh faisnéise ar na taifid sin agus íomhánna satailíte gaolmhara a fháil ar shuíomh gréasáin Met Éireann: www.met.ie
Comhthéacs maidir leis an Athrú Aeráide
Mar a léirítear i Léaráid 1, leanann treocht téimh na hÉireann ar aghaidh in 2022, agus táimid ag téamh ar aon dul leis an meán domhanda. Tá tíortha eile ag téamh ar ráta níos mó ná Éire agus bhí iliomad tonnta teasa agus teochtaí ab airde riamh ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain i samhradh na bliana 2022. Léirítear i Léaráid 2 go raibh earrach agus samhradh 2022 in Éirinn ní ba thirime ná an meán, a raibh iarmhairtí diúltacha acu don talmhaíocht agus don tsochaí i gcoitinne.
Léirítear leis na réamh-mheastacháin is déanaí le haghaidh an athraithe aeráide in Éirinn go mbeidh tuilleadh téimh sa todhchaí, samhraí níos tirime ar an meán agus seans méadaithe go mbeidh tonnta teasa agus tréimhsí triomaigh ann. Tá samhradh 2022 in Éirinn ag teacht go ginearálta le treochtaí réamh-mheasta don todhchaí. Cé go léirítear le réamh-mheastacháin maidir leis an athrú aeráide treocht i dtreo geimhrí níos teo, ní féidir tréimhsí fuara amhail iad siúd a tharla i mí na Nollag seo caite a chur as an áireamh in aon bhliain ar leith.
Dúirt Keith Lambkin, Ceann Rannóg Seirbhísí Aeráide Met Éireann, an méid seo a leanas: “D’athraigh an t-athrú aeráide an seans go mbeidh teagmhais ann níos minice a bhaineann le teas níos déine. Mar gheall ar bhreis agus céad bliain de bhreathnuithe tiomnaithe aimsire anseo in Éirinn, tá a fhios againn go raibh adhaimsir in 2022 a bhris taifid agus is dócha gurb í an bhliain is teo ar thaifead na hÉireann. Tá sé ríthábhachtach go gcaithfimid leanúint ar aghaidh ag dul in oiriúint chun a chinntiú go bhfuil ár mbonneagair náisiúnta agus ár bpleanáil ar na cinn is oiriúnaí don téamh reatha agus don téamh amach anseo.”
Foilseofar ráiteas sealadach aeráide 2022 ar shuíomh gréasáin Met Éireann an 5 Eanáir 2023, nuair a bheidh sonraí deiridh na bliana bailithe agus anailísithe.
Tá ráitis aimsire agus aeráide roimhe seo d’Éirinn ar fáil ag: www.met.ie/climate/past-weather-statements.