Cén fáth a bhfuil an oiread sin stoirmeacha ann an séasúr seo?

Ba mhí ghnóthach í Eanáir 2024 ó thaobh stoirmeacha de, agus ba iad Isha agus Jocelyn na stoirmeacha is déanaí a bhuail Éirinn laistigh de 48 uair an chloig óna chéile an tseachtain seo caite. Ó thosaigh séasúr na stoirmeacha 2023/24 , siar i Meán Fómhair 2023, tá deich stoirm ainmnithe in Éirinn, rud a thuigtear do dhaoine a bheith ina líon ard díobh. Féachfaimid cad is cúis leis an bhfómhar agus an geimhreadh stoirmiúil seo go dtí seo .

Storm names for 2023-24.

Den chuid is mó, is é an scairdsruth is cúis leis

Is é suíomh Scairdsruth an Atlantaigh Thuaidh a chinneann cé mhéad córas lagbhrú a bhogann gar d’Éirinn nó go díreach os a cionn gach séasúr. Is é neart an tsrutha agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn gach córas lagbhrú aonair leis a chinneann an ndéanann na córais lagbhrú seo dianú go leor chun stoirmeacha Atlantacha a bheith iontu.

Is oileán réasúnta beag í Éire ar imeall iarthuaisceart na hEorpa, agus tá tréimhsí ann ina dtreoraíonn an scairdsruth seo stoirmeacha an Atlantaigh ina treo le tionchair arda, agus tréimhsí nuair a threoraíonn an scairdsruth stoirmeacha an Atlantaigh níos faide ó thuaidh nó níos faide ó dheas gan mórán tionchair anseo. Bíonn tionchar ag go leor fachtóirí agus spreagthóirí domhanda a idirghníomhaíonn lena chéile ar bhealach casta ar shuíomh an scairdsrutha ar fud an Atlantaigh thuaidh, rud a fhágann go bhfuil sé an-deacair réamhaisnéis chruinn a dhéanamh níos mó ná seachtain roimh ré.

Tá an sruth an-ghníomhach ó Lúnasa 2023, agus suite ionas go mbeidh níos mó stoirmeacha Atlantacha dírithe ar Éirinn agus ar an Ríocht Aontaithe. Tar éis don chéad leath de mhí Eanáir a bheith sách tirim agus fionnuar in Éirinn, agus ardbhrú blocála i réim, mhéadaigh scairdsruth an Atlantaigh Thuaidh arís le cúpla seachtain anuas.

Taispeánann an dath corcra sa bheochan seo croílár an tsrutha mar a tuaradh é don tseachtain seo, ón lá inniu, Dé Luain an 29 Eanáir agus go dtí Dé Domhnaigh an 4 Feabhra 2024. Mar a léiríonn an bheochan, tá a chroílár an-ghar d’Éirinn nó ag dul os a cionn i rith an chuid is mó den tseachtain.
Le cúpla seachtain anuas, bhí an scairdsruth dian, a tosaíodh mar gheall ar chodarsnacht mhór teochta thar oirthear na Stát Aontaithe, beagán níos faide ó thuaidh arís i gcomparáid le níos luaithe sa séasúr, agus threoraigh sé na hionaid lagbhrú go tuaisceart na hÉireann. Is gnách go mbíonn na gaotha is láidre de stoirmeacha lár-domhanleithid ar an taobh theas den chóras lagbhrú, agus de réir mar a bhog ionaid Stoirm Isha agus Stoirm Jocelyn go tuaisceart na hÉireann, bhuail na gaotha is láidre a bhain leis na stoirmeacha seo Éire agus an Ríocht Aontaithe. D’imigh stoirmeacha ainmnithe eile, mar shampla Stoirm Chiarán, ó dheas, amach ó Éirinn, agus bhuail na gaotha is láidre an Fhrainc agus/nó an Spáinn ina ionad.

his graphic shows the low-pressure centre of Storm Jocelyn to the north of Ireland, as the southern part of the storm sees high winds hitting Ireland and the UK

Fíor 2 – Taispeánann an ghrafaic seo lár lagbhrú Stoirm Jocelyn i dtuaisceart na hÉireann, de réir mar atá gaotha arda ón gcuid theas den stoirm ag bualadh Éire agus an Ríocht Aontaithe

Míníonn clímeolaí Met Éireann, Paul Moore, níos mó:

Cinneann suíomh agus neart scairdsruth an Atlantaigh Thuaidh líon agus déine na stoirmeacha Atlantacha a théann i bhfeidhm ar Éirinn in aon séasúr stoirmeacha ar leith. Tá scairdsruth an Atlantaigh Thuaidh á bhrú chun cinn ag na difríochtaí teochta idir an tuaisceart agus an deisceart agus is gnách go mbíonn sé níos láidre sa gheimhreadh nuair a bhíonn an difríocht teochta ag an leibhéal is airde.

Tá tionchar breise ag idirghníomhaíochtaí casta idir go leor comhpháirteanna agus spreagthóirí éagsúla an chórais aimsire dhomhanda ar an athrú ar shruth an Atlantaigh Thuaidh ó bhliain go bliain agus seachtain go seachtain amhail dromchla fharraigí an Atlantaigh Thuaidh, Ascalú theas El Niño, Ascalú Madden-Julian agus an Guairneán Polach Strataisféarach sa gheimhreadh.

Conas a Oibríonn Ainmniú Stoirme

Is cleachtas coitianta é stoirmeacha a ainmniú i measc grúpaí seirbhísí meitéareolaíochta ar fud an domhain, agus tá sé mar aidhm aige teachtaireachtaí comhsheasmhacha, údarásacha a chumasú chun tacú leis an bpobal ullmhú le haghaidh imeachtaí drochaimsire a d’fhéadfadh a bheith dian, agus fanacht sábháilte le linn na n-imeachtaí sin, agus chun iarrachtaí comhoibritheacha idir eagraíochtaí comhpháirtíochta a fheabhsú.
Tá Met Éireann ag ainmniú stoirmeacha ó shéasúr 2015/16, in éineacht le hOifig Met na Ríochta Aontaithe agus níos déanaí le KNMI na hÍsiltíre, a tháinig isteach in 2019. Is iad na trí sheirbhís náisiúnta meitéareolaíochta seo an grúpa “thiar” de sheirbhísí aimsire náisiúnta, agus le chéile sainaithníonn siad stoirmeacha a d’fhéadfadh a bheith faoi deara do thionchair ‘meánacha’ nó ‘arda’ i gceann de na trí thír chomhpháirtíochta.

Nuair a thuartar stoirm, de ghnáth ainmníonn an tseirbhís náisiúnta meitéareolaíochta a bhfuil súil leis an tionchar is mó ón drochaimsir an stoirm. Tarlaíonn ainmniú stoirme in éineacht le rabhaidh oráiste/dhearga, a d’fhéadfadh a bheith ann don ghaoth, don bháisteach nó don sneachta nó do mheascán díobh seo. Eisítear na rabhaidh sin bunaithe ar mheascán de chritéir uimhriúla agus de na tionchair a thuartar a d’fhéadfadh tarlú.

Mura bhfuiltear ag tuar go mbeidh tionchar díreach ag stoirm dhian an Atlantaigh ar thír sa ghrúpa thiar de lárionaid náisiúnta mheitéareolaíochta (UK Met Office, Met Éireann agus KNMI na hÍsiltíre) ach go meastar go mbeidh tionchar aige ar thír sa ghrúpa thiar theas (lena n-áirítear an Spáinn, an Phortaingéil, an Fhranc, an Bheilg agus Lucsamburg) ansin ainmneoidh seirbhís náisiúnta meitéareolaíochta ceann de na tíortha sin í, ó liosta ainmneacha difriúil ón gceann atá in úsáid ag grúpa an iarthair an séasúr seo. Mar shampla, ar an 30 Nollaig 2023, mar gheall ar stoirm Atlantach, ar thug Météo-France Stoirm Geraldine uirthi, eisíodh rabhaidh bhuí ghaoithe d’Éirinn, ach bhíothas ag tuar go mbeadh tionchar ag na gaotha is láidre ar thuaisceart na Fraince, agus is é sin an fáth ar thug Météo-France an t-ainm stoirme uirthi (agus nuair a thugann seirbhís meitéareolaíochta stoirm uirthi, glacann gach seirbhís meitéareolaíochta eile san Eoraip leis an ainm). Tá séasúr gnóthach ag an ngrúpa thiar theas freisin le deich stoirm ainmnithe go dtí seo sa séasúr 2023/24.

Stair na stoirmeacha in Éirinn

Stair na stoirmeacha in Éirinn
Ba iad na séasúir ainmnithe stoirmeacha ba ghnóthaí go dtí seo d’Éirinn ná 2015/16 agus 2017/18 agus bhí 11 stoirm ainmnithe sa dá bhliain, lena n-áirítear Ophelia i mí Dheireadh Fómhair 2017, ainmnithe ag Ionad Náisiúnta Hairicín na Stát Aontaithe. Is iontach an rud é gur ainmnigh an grúpa thiar (Met Éireann, Oifig Meitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe agus KNMI) na 11 stoirm sin go léir in 2015/16. I gcodarsnacht leis sin, séasúr ciúin a bhí in 2022/23, gan ach dhá stoirm ainmnithe ag an ngrúpa thiar, Antoni agus Betty i mí Lúnasa 2023, agus ceithre cinn san iomlán ag dul i bhfeidhm ar Éirinn. Tháinig siad seo roimh thús gnóthach leis an séasúr 2023/24, ina bhfuil deich stoirm ainmnithe go dtí seo (ó Agnes ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2023 go Jocelyn an tseachtain seo caite).

Níl sé neamhghnách roinnt stoirmeacha ainmnithe a bheith a théann i bhfeidhm ar an gceantar céanna i ndiaidh a chéile go tapa thar thréimhse ghearr ama, mar is léir ó tharla trí stoirm ainmnithe, Dudley, Eunice agus Franklin in achar ceithre lá, idir an 16 Feabhra agus an 20 Feabhra, 2022.

Ar ndóigh, tá stair fhada ag Éirinn maidir le stoirmeacha bríomhara an Atlantaigh ag cur isteach ar an tír i bhfad sular thosaigh ainmniú stoirmeacha go hoifigiúil anseo in 2015. I ngeimhreadh 2013/14, bhí ‘sraith eisceachtúil stoirmeacha geimhridh ann, a chríochnaigh le damáiste tromchúiseach cósta agus tuilte forleathana, leanúnacha’, chomh maith le gaotha fórsa stoirme ar dhá lá dhéag éagsúla i rith an gheimhridh sin.
Ag féachaint siar níos faide, tá “Hairicín Debbie” i Meán Fómhair 1961 agus “Oíche na Gaoithe Móire” i mí Eanáir 1839, i measc na samplaí is cáiliúla de stoirmeacha foréigneacha a chuaigh i bhfeidhm ar an tír.

Proposed pressure pattern for 0000 on 7 January 1839.

Fíor 3 – Ó “The Night of the Big Wind in Ireland, 6-7 January 1839”, Lisa Shields agus Denis Fitzgerald, Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann.

An bhfuil tionchar ag athrú aeráide ar líon na stoirmeacha?

Is fíric sheanbhunaithe é gur tháinig méadú ar mhinicíocht agus/nó déine roinnt foircinní aimsire agus aeráide ó aimsir réamhthionsclaíoch, go háirithe i ndáil le teocht agus frasaíocht, mar gheall ar astaíochtaí gás ceaptha teasa arb é an duine is cúis leo. Mar sin féin, níl sé soiléir faoi láthair conas a athróidh minicíocht agus déine na stoirmeacha a mbíonn tionchar acu ar Éirinn de réir mar a athraíonn an t-athrú aeráide, , mar gheall ar an éagsúlacht mhór ó bhliain go bliain gan aon phatrún soiléir ag teacht chun cinn. Tá cinnteacht mhór ann, áfach, go méadóidh na huasrátaí báistí a bhaineann le himeachtaí frasaíochta foircní mar gheall ar an téamh.

Change in seasonal precipitation (%) for Ireland under different levels of global warning, from Met Éireann’s TRANSLATE project

Fíor 4 – Athrú ar fhrasaíocht shéasúrach (%) d’Éirinn faoi leibhéil éagsúla téimh dhomhanda, ó thionscadal TRANSLATE Met Éireann

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi stoirmeacha, féach ar ár leathanach Ionad Stoirme .