Tá UCD ag iarraidh Lán-Ollamh le hEolaíocht Sonraí don Aimsir agus don Aeráid a cheapadh

Tar éis fógra i mí na Nollag seo caite faoi dhámhachtain taighde nua ilmhilliúin euro ó Met Éireann do Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD), tá Scoil na Matamaitice agus na Staitisticí in UCD ag iarraidh Lán-Ollamh buan san Eolaíocht Sonraí don Aimsir agus don Aeráid a cheapadh anois.

Tá tábhacht straitéiseach ag baint leis an bpost nua seo, atá dírithe ar thacú le forbairt bhreise sheirbhísí aimsire agus aeráide na hÉireann trí úsáid a bhaint as eolaíocht sonraí agus Intleacht Shaorga. Trí thacú le pobal acadúil gníomhach agus bríomhar le comhoibriú i réimsí leasa choitinn, cabhraíonn sé le héifeachtúlacht, éifeachtacht agus cruinneas a sheirbhísí a fheabhsú inár misean chun beatha agus maoin a chosaint agus le forbairt acmhainne náisiúnta i réimsí na haimsire, na haeráide agus na n-eolaíochtaí nasctha.
Is post buan in UCD é an Lán-Ollamh Eolaíochta Sonraí don Aimsir agus don Aeráid a eascraíonn as dámhachtain mhaoinithe €5M thar 5 bliana ó Met Éireann agus an fhéidearthacht ann go bhfaighfear tuilleadh maoinithe de €5M tar éis 5 bliana.
Tacóidh an maoiniú seo le foireann taighde a fhostú, le clár oiliúna cohórt PhD a chruthú agus le hIonad Taighde Eolaíochta Sonraí don Aimsir agus don Aeráid a bhunú. Cuirfidh sé maoiniú ar fáil freisin le haghaidh taistil, trealaimh agus tacaíocht taighde eile.

Beifear ag súil go gcuirfidh an t-iarrthóir rathúil an chuid is mó dá gcuid ama i leataobh chun an clár taighde, a chur ar fáil, agus táthar ag súil go gcaithfidh siad triú cuid den am sin ag obair go dlúth le Met Éireann.
Beidh an t-iarrthóir rathúil ina cheannaire taighde a bhfuil próifíl idirnáisiúnta aige/aici san Intleacht Shaorga (IS) agus/nó san Fhoghlaim Meaisín (FM) agus saineolas aige/aici ar eolaíochtaí an domhanchórais nó i réimsí gaolmhara, agus taifead foilsitheoireachta suntasach i samhlacha IS/FM agus a gcur i bhfeidhm sna heolaíochtaí nádúrtha, lena n-áirítear eolaíochtaí an domhanchórais.

Dáta deiridh: 17:00 (local Irish time) (am áitiúil na hÉireann) ar an 1 Aibreán 2024.
Ní mór iarratais a chur isteach faoin dáta agus faoin am deiridh atá sonraithe. Cuirfidh an córas ar ceal go huathoibríoch aon iarratais atá fós ar siúl faoin am deiridh ag 17:00 (am áitiúil na hÉireann) ar an dáta deiridh sonraithe. Ní féidir le UCD glacadh le hiarratais dhéanacha.
Ní theastaíonn cúnamh ó Ghníomhaireachtaí Earcaíochta ó UCD. Tabharfar ar ais aon CVanna a chuireann Gníomhaireachtaí Earcaíochta isteach.
Tabhair faoi deara: Is iad na huaireanta oibre d’fhoireann acadúil UCD na huaireanta oibre mar atá forordaithe faoi Chomhaontuithe Seirbhíse Poiblí. Chun tuilleadh eolais a fháil, lean an nasc thíos:
https://www.ucd.ie/hr/t4media/Academic%20Contract.pdf

Sula ndéantar iarratas, is féidir tuilleadh eolais (lena n-áirítear an nós imeachta iarratais) a fháil ó shuíomh gréasáin UCD: https://www.ucd.ie/workatucd/jobs/.

CHUN IARRATAS A DHÉANAMH, LEAN AN NASC SEACHTRACH SEO ANSEO

Mura n-oibríonn an nasc seo, téigh go dtí an leathanach Obair i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus clóscríobh 017000 san “Uimhir Thagartha”.