AINMNEACHA STOIRMEACHA Ó MHEÁN FÓMHAIR 2022 GO LÚNASA 2023

Tá an liosta nua d’ainmneacha stoirmeacha, do shéasúr stoirme 2022-23, eisithe ag Met Éireann, i dteannta an Met Office agus KNMI, an tseirbhís aimsire náisiúnta sa Ríocht Aontaithe agus i Ríocht na hÍsiltíre.

Mar a bhí i mblianta roimhe seo, tá ainmneacha curtha ag gach aon seirbhís aimsire leis an liosta, ar ainmneacha iad a mhol an pobal.  Is é seo a leanas liosta iomlán 2022/23: Antoni, Betty, Cillian, Daisy, Elliot, Fleur, Glen, Hendrika, Íde, Johanna, Khalid, Loes, Mark, Nelly, Owain, Priya, Ruadhán, Sam, Tobias, Val agus Wouter.

Tá Met Éireann agus an UK Met Office ag obair le chéile i gcomhpháirtíocht Ainmneacha Stoirmeacha ón mbliain 2014 chun feasacht a ardú ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag adhaimsir agus thosaigh KMNI leis an gcomhpháirtíocht sin sa bhliain 2019.

Tugtar ainm do stoirmeacha nuair a d’fhéadfadh tionchair ‘mheánacha’ nó ‘ard-thionchair’ a bheith i gceist leo i gceann de na tíortha páirtithe agus cuidíonn sin le teachtaireachtaí seasmhacha agus údarásacha a thabhairt nuair a bhíonn adhaimsir ann. Is í an tSeirbhís Meitéareolaíochta a bhfuiltear ag súil gur sa tír ina bhfuil an tseirbhís sin lonnaithe is mó a bheidh an adhaimsir a ainmníonn an stoirm, a dhéantar, de ghnáth, i gcomhar le foláirimh Oráiste/Dhearga. D’fhéadfadh gur do ghaoth, báisteach nó sneachta a bheadh na foláirimh sin, nó meascán díobh.

Tugann grúpaí eile san Eoraip ainmneacha do stoirmeacha agus is é an riail chomhaontaithe atá ann ná nuair a thugann aon Seirbhís Meitéareolaíochta Náisiúnta ainm do chóras aimsire coinníonn Seirbhís Meitéareolaíochta eile an t-ainm sin. Áirítear air sin stoirmeacha a bhí ina hairicíní tráth ar ainmnigh an Lárionad Náisiúnta Hairicín in Miami iad, amhail Charley (an 25 Lúnasa, 1986) agus Ophelia (an 16 Deireadh Fómhair, 2017). https://www.met.ie/climate/major-weather-events

Ráiteas ó Met Éireann: Fáiltíonn Evelyn Cusack, Ceann an Rannáin Réamhaisnéise in Met Éireann, roimh an nós ainm a thabhairt do stoirmeacha mar uirlis fhíorthábhachtach in armlann foláireamh na Seirbhísí Meitéareolaíochta Náisiúnta. Is éard a dúirt sí: “Cruthaíonn foilsiú bliantúil an liosta nua d’ainmneacha stoirmeacha ar an 1 Meán Fómhair feasacht níos mó i measc an phobail agus, rud atá an-tábhachtach, le linn an gheimhridh nuair a thugtar ainm do stoirm de bharr na dtionchar Oráiste/Dearg a d’fhéadfadh a bheith aici, cruthaítear ‘gairm  chun gnímh’ níos éifeachtaí a chuidíonn daoine agus maoin a thabhairt slán. Le linn stoirmeacha roimhe seo, ghlac an pobal go fonnmhar leis an gcomhairle a thug saineolaithe dóibh agus cuideoidh an t-uainchlár nua d’ainmneacha seo linn gach duine a spreagadh chun a chinntiú go n-oibreoimid le tionchair eachtraí amach anseo a íoslaghdú’” 

Ráiteas ó KNMI: Ceann na Réamhaisnéise in KNMI, Jan Rozema: “Tá baol an-mhór ann go n-imreoidh stoirmeacha anróiteacha tionchar ar na trí thír atá i gceist: Éire, an Ríocht Aontaithe agus Ríocht na hÍsiltíre. Ní bhaineann nuacht ar dhrochaimsir le teorainneacha tíortha amháin, mar sin, beidh fáilte mhór roimh theachtaireachtaí do mhuintir na Ríochta Aontaithe, na hÉireann agus na hÍsiltíre agus tuigfear iad má roinnfimid an fhaisnéis chéanna, ag tosú le hainmneacha stoirmeacha. Bhí sampla maith againn i mbliana: bhí tionchar ag trí stoirm ainmnithe ar Ríocht na hÍsiltíre laistigh de sheachtain. Eisíodh foláireamh dearg neamhchoitianta do stoirm Eunice, ceann de na stoirmeacha b’anróití le leathchéad bliain. Bhain tionchair mhóra leis na stoirmeacha Dudley agus Franklin chomh maith. Is mór an phribhléid agus is mór an buntáiste dúinn é in KNMI a bheith ag obair i ndlúth-chomhpháirtíocht lenár gcomhpháirtithe in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe i dtaobh a bheith i gcumarsáid faoi stoirmeacha.”

Ráiteas ón UK Met Office: Is éard a dúirt Ceannaire um Fheasacht Staide an Met Office, Will Lang, a bhíonn i gceannas freagairtí le linn drochaimsire: “Tá a fhios againn, agus muid á dhéanamh le seacht mbliana anuas, go n-oibríonn sé stoirmeacha a ainmniú. Bhí drochthionchar ag Stoirmeacha Arwen agus Eunice ar an Ríocht Aontaithe anuraidh agus tá a fhios againn go gcuidíonn ainm a thabhairt do stoirmeacha linn feasacht a ardú agus an t-eolas a theastaíonn ón bpobal chun fanacht slán le linn drochaimsire a thabhairt dóibh. Is léir ó stoirmeacha le déanaí agus a raibh tionchar acu an gá leanúnach atá ann drochaimsir a chur in iúl ar bhealach soiléir chun cuidiú leis an bpobal iad féin a chosaint. Níl in ainm a thabhairt do stoirm ach bealach amháin a bhfuil a fhios againn a chuidíonn le feasacht a ardú ar dhrochaimsir agus thugann soiléireacht don phobal nuair is mó a theastaíonn sin uathu.”

Tionchair stoirmeacha/drochaimsire

Is féidir leis an tráth agus an áit a dtarlaíonn an adhaimsir tionchar mór a imirt ar an éifeacht a bhíonn aici ar an tsochaí nó ar an ngeilleagar. Ní gá go mbainfeadh an aimsir chéanna ná na tionchair chéanna i dtarlú aimsire aonair le gach áit sa limistéar foláirimh. Nuair atáthar ag súil le drochaimsir, is dóigh go mbeidh aimsir agus tionchair ag leibhéil níos ísle freisin i gceist. D’fhéadfadh tionchar mór a bheith ag staid na haimsire roimhe sin ar chineál an tionchair agus ar an méid tionchair a bhíonn i gceist.

 Seirbhísí Éigeandála Met Éireann https://www.met.ie/weather-warnings

Tá léarscáil a bhfuil táb 3 lá air a léiríonn na foláirimh ar fad ar an leathanach Foláirimh Aimsire agus ar aip Met Éireann a d’fhéadfaí a eisiúint suas le 3 lá roimh ré. Fágann sin go mbeidh cumarsáid agus tuiscint níos soiléire i gceist le cásanna casta aimsire a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar Éirinn, go háirithe sa gheimhreadh.

Is féidir leat liostáil ar Aip MET Éireann chun brúfhógraí a fháil i dtaobh fholáirimh aimsire Met Éireann don chontae a roghnaíonn tú, do na contaetha roghnaithe do na contaetha ar fad. Cuirimid seirbhís foláireamh aimsire ar féidir clárú dó ar fáil, atá ar fáil ar leathanach foláireamh an láithreáin gréasáin.

Tugtar foláirimh aimsire do Thuaisceart Éireann freisin ar leathanach foláirimh láithreán gréasáin MET Éireann nuair a eisíonn an UK Met Office. Tugann sé sin áit amháin duit chun eolas soiléir agus údarásach ar féidir muinín a bheith agat as a fháil ar na foláirimh aimsire is déanaí d’oileán na hÉireann.

D’fhéadfadh foláirimh aimsire 3 lá a bheith ar fáil de bharr uasghrádú atá déanta ar an gcóras réamhaisnéise cnuasach a úsáidtear chun an aimsir a thuar.

Anailísíocht Dhigiteach

Tá feasacht níos mó anois ann ar fholáirimh aimsire tríd na meáin shóisialta chomh maith le Raidió agus Teilifís thraidisiúnta. Tá méadú mór tagtha ar an bhfeasacht seo sa phobal de bharr an chódaithe de réir dathanna atá ar na foláirimh agus na comhpháirtíochta seo chun stoirmeacha a ainmniú.

 

Roimh tharlú stoirme agus le linn tarlú stoirme tugann daoine cuairt go rímhinic ar láithreán gréasáin agus ar aip Met Éireann. Tugadh cuairt ar na hAipeanna 100,000,000 uair san iomlán le bliain anuas. 635,000 úsáideoir san iomlán a bhí i gceist, agus bhí ceathrú milliún úsáideoir nua i gceist i mbliana. Féachtar ar tuairim is 500,000 réamhaisnéis Mheitéagraim in aghaidh an lae maidir le réamhaisnéisí áite 7 – 10 lá a dhéantar ag úsáid an aipe nó an láithreáin ghréasáin.

Podchraoladh Réamhaisnéise Aimsire Laethúil

Tá closréamhaisnéis  aimsire laethúil anois againn – atá ar fáil anois i bhfoirm podchraolta – arna thaifeadadh ag réamhaisnéiseoirí aimsire Met Éireann.  Déan cuardach ar Réamhaisnéis na hAimsire ó Met Éireann ar do sheinnteoir podchraoltaí – tá sé ar fáil anois ar Apple PodcastsGoogle PodcastsSpotify, Stitcher agus go leor eile. Is bealach éasca, inrochtana é an podchraoladh seo chun réamhaisnéis na haimsire a fháil má tá tú ag imeacht ó áit go háit. Déantar an réamhaisnéis a uasdátú 3 uair in aghaidh an lae – ag thart ar a 6am, 1pm agus 6pm – agus bíonn réamhaisnéis mhionsonraithe i gceist don lá, agus don oíche, bíonn tuar na seachtaine amach romhainn i gceist chomh maith le sonraí ar aon fholáireamh aimsire atá eisithe agus an nuacht is déanaí ar ainm stoirme.

Clíomeolaíocht www.met.ie/climate/storm-centre

Léargas ginearálta ar Shéasúr na Stoirmeacha 

  • Tá tús curtha anois leis an 8ú séasúr don togra ‘Ainmnigh an Stoirm’ ar cuireadh tús leis i Meán Fómhair 2015 agusde ghnáth bíonn 8 stoirm ainmnithe i gceist gach séasúr, 93% díobh sin a mbíonn aimsir stoirme i gceist leo in Éirinn.
  • Ba sa séasúr 2015/16 agus sa séasúr 2017/18 is mó a raibh stoirmeacha ainmnithe i gceist, ainmníodh 11 stoirm. Níor taifeadadh aon stoirm fhíochmhar ag aon stáisiún i séasúr 2015/16 agus bhí péire i gceist i séasúir 2017/18 – Ophelia agus Eleanor.
  • Ar an meán, bhí stoirm fhíochmhar (103+ km san uair) ann i gach séasúr. Tharla an ceann deireanach an séasúr seo caite, Stoirm Eunice, i bhFeabhra 2022.
  • Níor taifeadadh aon ghaoth a raibh neart hairicín léi in aon staisiún gaoithe Éireannach ó cuireadh tús leis an togra. Ba bheag nár bhain Stoirm Ellen gaoithe den nirt sin amach i Lúnasa 2020, a raibh luas 111 km san uair léi i Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí. Ba é Darwin an stoirm dheiridh a raibh neart hairicín léi (117+ km san uair) a d’imir tionchar ar Éirinn Dé Céadaoin an 12 Feabhra, 2014. Rinneadh gaoithe d’fhórsa hairicín a thaifeadadh i stáisiúin chósta an Iarthair, in Eanáir den chuid is mó (leath den am), faoi dhó i mí na Nollag agus uair amháin i bhFeabhra, Márta agus i mí Mheán Fómhair.

 

Séasúr Stoirmeacha 2021/22 na hÉireann 

  • D’ainmigh Grúpa Iarthar na hEorpa (Met Éireann, Met Office agus KNMI) 6 stoirm (Arwen, Barra, Corrie, Dudley, Eunice agus Franklin), agus d’ainmnigh DMI Stoirm Malik. Seacht stoirm ainmnithe, i séasúr, a roinneann an dara háit (le 2019/20) den líon is lú stoirmeacha a ainmníodh ó cuireadh tús leis an togra.
  • Le linn an tséasúir stoirme dheireanaigh, 2021/22, ba í Stoirm Eunice (Feabhra 2022) an stoirm a bhain amach na luasanna gaoithe leanúnacha b’airde 106 km/san uair ó tharla Stoirm Ellen a bhain 111 km/san uair amach agus an líon báistí is airde i 24 uair an chloig, 86.1 mm ó tharla Stoirm Francis, 95.2 mm. Thárla an dá stoirm, Ellen agus Francis, i Lúnasa 2020.

An bhfuil an Aimsir ag Éirí Níos Measa?

I mbeagán focal, tá. Tá níos mó baoil ann go dtarlóidh tarluithe adhaimsire ar fud na cruinne, tarluithe amhail triomach, stoirmeacha agus báisteach throm nó sneachta trom mar geall ar théamh domhanda arb é an duine is cúis leis. I ndomhan atá ag téamh, bíonn tonnta teasa níos minice agus níos déine i gceist.

Tá méadú tuairim is 6% tagtha ar an méid báistí a chuireann sé ar fud na hÉireann le 30 bliain anuas, atá ag teacht le hatmaisféar níos teo a bheith ábalta níos mó taise a choinneáil.  Chomh maith leis sin, i ndomhan atá ag éirí níos teo cé go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh beagán laghdú ar mhinicíocht chioclóin an Atlantaigh Thuaidh de bharr an tArtach a bheith ag téamh, d’fhéadfadh méadú teacht ar líon na stoirmeacha millteanacha a imreoidh tionchar ar Éirinn, agus go mbeidh tionchar níos anróití i gceist dá réir. Obair Met Éireann i leith an Athraithe Aeráide

Mar Fhocal Scoir

Tá sé críonna fáil faoi réir agus an aimsir réidh le linn an fhómhair do stoirmeacha geimhridh agus drochaimsir a d’fhéadfadh tarlú. Chun comhairle a fháil téigh chuig www.winterready.ie

Chun an réamhaisnéis is cruinne agus is nuaí a fháil maidir le do cheantarsa ar Oileán na hÉireann téigh chuig met.ie.  Tá an chomhairle agus na foláirimh is déanaí maidir le hÉirinn le fáil ar leathanach Foláireamh Met Éireann. Tá na seirbhísí sin agus tuilleadh ar fáil ar áir n-aip saor in aisce atá ar fáil ar an App store don iPhone, agus Play store do dheiseanna Android. Lean ar Twitter agus ar Facebook muid chun tuilleadh ábhar aimsire agus aeráide a fháil.  Is féidir leat cluas a thabhairt don réamhaisnéis náisiúnta is déanaí ar ár bpodchraoladh laethúil.