Míniúcháin ar Réamhaisnéis Mhíosúil

CAD IAD NA RÉAMHAISNÉISÍ MÍOSÚLA?

Cumhdaítear tréimhse idir 10 agus 46 lá leis na réamhaisnéisí míosúla, agus dáiríre tá siad cosúil le réamhaisnéise fo-shéasúrach nó fadtéarmach. Amscála idir réamhaisnéis aimsire meánraoin (10 lá) agus réamhaisnéis séasúrach (3 mhí) atá i gceist.

Is féidir le réamhaisnéisí míosúla léargas a thabhairt ar na treochtaí aimsire atá le teacht sa mhí. Níor cheart iad a úsáid chun críoch pleanála áfach, ós rud é nach mbíonn siad chomh cruinn leis an réamhaisnéis 10-lá. Bíonn sé níos deacra réamhaisnéisí a thuar níos faide ná seachtain amháin chun tosaigh mar gheall ar nádúr anordúil an atmaisféir.

CÉN FÁTH NACH BHFUIL SONRAÍ AR FÁIL MAIDIR LEIS NA RÉAMHAISNÉISÍ MÍOSÚLA?

Tá cúis ann go mbíonn an réamhaisnéis fhadtéarmach an-ghinearálta agus nach mbíonn mórán sonraí ann. Bíonn sé níos deacra réamhaisnéisí a thuar níos faide ná seachtain amháin chun tosaigh mar gheall ar nádúr anordúil an atmaisféir. D’fhéadfadh míchruinnis bheaga i réamhaisnéis na seachtaine seo fás ina míchruinnis an-mhór faoin seachtain seo chugainn. Mar iarracht ar an méid sin a chosc, ullmhaítear tacar (nó grúpa) réamhaisnéisí. Is é is aidhm don tacar réamhaisnéisí ná an staid a bheidh ar an atmaisféar amach anseo a chur in iúl. Cruthaítear réamhaisnéis dóchúlaíoch ar an gcaoi seo.

Is minic go mbeifear in ann treocht san aimsir sna seachtainí amach romhainn a thuar le réamhaisnéis dóchúlaíoch. An é is dóichí go mbeidh sé níos fuaire nó níos teo ná mar is gnách? Níos tirime nó níos fliche?

Fadhb thúsluacha atmaisféarach atá i gceist leis an réamhaisnéisiú aimsire meánraoin don chuid is mó. Ar an lámh eile, bíonn réamhaisnéisiú fadtéarmach bunaithe ar intuarthacht na ndálaí atmaisféaracha amhail an fharraige, an talamh nó oighir agus a dtionchar ar an imshruthú atmaisféarach.

Is dócha go bhfuil an t-amscála idir 10 agus 46 lá gearr go leor chun go mbeidh an t-atmaisféar fós cosúil leis na coinníollacha tosaigh a bhí ann ag an tús, agus fada go leor chun go bhféadfadh inathraitheacht na farraige tionchar a imirt ar an imshruthú atmaisféarach. Mar sin, tá réamhaisnéisí fo-shéasúracha an ECMWF bunaithe ar chomhtháthú farraige-atmaisféar.

Foinse tábhachtach intuarthachta don Eoraip san amscála 10-46 lá is ea an tSealaíocht Madden-Julian (SMJ). Is éard atá san SMJ ná sealaíocht theochriosach 40-50 lá. Tugtar le fios i roinnt páipéir (mar shampla, Woolnough et al. 2003) go bhfuil tionchar suntasach ag an gcomhtháthú farraige-atmaisféar ar luas leathnaithe ócáide SMJ san aigéan meánchriosach Indiach agus san aigéan Ciúin thiar. Mar sin, cabhraíonn córas ina bhfuil comhtháthú farraige-atmaisféar le roinnt gnéithe den inathraitheacht SMJ a thuar. Tá gnéithe tábhachtacha eile ag baint leis an intuarthacht fadtéarmach, amhail na coinníollacha tosaigh strataisféaracha (e.g Baldwin agus Dunkerton 2001) agus coinníollacha tosaigh thaise na hithreach (e.g. Koster et al. 2010).

CÉN CHAOI AGUS CATHAIN A DHÉANTAR NA RÉAMHAISNÉISÍ MÍOSÚLA?

Úsáideann Met Éireann sonraí ó ECMWF (An Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin). Is éard atá i ECMWF ENS/an córas réamhaisnéisithe míosúla ná bailiúchán de chomhtháite farraige-atmaisféar 46-lá ó 51 bhall. Leathanítear an ENS go dtí 46 lá gach Déardaion agus Luan ag baint úsáide as sonraí atá ar fáil d’úsádoirí deiridh ar mhaidin Mháirt agus maidin Aoine gach seachtain. Ar gach pointe ar an léarscáil, rinneadh athróga atmaisféaracha amhail teocht 2-mhéadar, frasaíocht iomlán, agus an meánbhrú nó teocht dromchla ag meánleibhéal na mara a mhéanú thar tréimhse seachtaine.

Sna cairt aimhrialtachta seachtainiúla, taispeántar na difríochtaí idir meán iomlán na réamhaisnéise fhíor-ama agus meán iomlán na gcúl-staitisticí nó clíomeolaíochta. Mar sin, taispeántar an t-athrú ón meánréamhaisnéis iomlán i dtreo an mheáin “clíomeolaíochta” tuartha sna graif.

Déanann meitéareolaithe ag Met Éireann anailís ar na sonraí réamhaisnéise i rith na seachtaine agus déantar nuashonrú ar an réamhaisnéis fhadtéarmach oíche Mháirt agus oíche Aoine.

CÉ CHOMH CRUINN AGUS LUACHMHAR IS ATÁ NA RÉAMHAISNÉISÍ MÍOSÚLA?

De ghnáth, bíonn an réamhaisnéis fo-shéasúrach cruinn go leor ag seachtainí 1 agus 2 agus is féidir leo léargas a thabhairt maidir le treochtaí áirithe aimsire. Ag seachtainí 3 agus 4, níl an réamhaisnéis róchruinn, ach uaireanta tugtar léargas ar phatrúin áirithe aimsire.

I bhFigiúr 1 (staidrimh fíorúcháin agus feidhmíochta na réamhaisnéise míosúla) taispeántar feidhmíocht dhóchúlach na réamhaisnéise míosúla thar gach séasúr sa leathsféar teochriosach thuaidh sa samhradh (JJA, painéil ar bharr) agus sa gheimhreadh (DJF, painéil ar bhun) ó bhí mí Mheán Fómhair 2004 ann do sheachtain 2 (laethanta 12-18, painéil ar chlé) agus doh seachtain 3+4 (laethanta 19-32, painéil ar dheis). Téann cruinneas na réamhaisnéise 10% nó mar sin thar an gcruinneas dianseasmhachta do sheachtain 2 , agus 5% nó mar sin do sheachtainí 3 agus 4 (le chéile). I seachtainí 3 go 4 (tréimhse 14-lá), is cosúil go bhfuil sé beagán níos éasca aimhrialtachta teo a thuar sa samhradh ná aimhrialtachta fuara sa gheimhreadh, cé go bhfuil méadú tar éis teacht ar aimhrialtachta fuara le roinnt geimhrí anuas (seachas sa bhliain 2012) (ECMWF).

In 2018, bhí cruinneas na réamhaisnéise maidir le haimhrialtachta teo sa samhradh an-ard, ach bhí an dianseasmhacht ag an leibhéal is airde freisin sa tréimhse a thaispeántar. Bhí cruinneas agus dianseasmhacht na réamhaisnéisí do sheachtain 3+4 a bhí ag gabháil leis sin ag dul i dtreo na luachanna is airde a bhfacthas go dtí seo. Bhí cruinneas maidir le haimhrialtachta fuara sa gheimhreadh in 2018 gar don mheán, ach le blianta anuas tá farasbarr ann i seachtain 2 atá ag éirí níos leanúnaí i gcomparáid leis an dianseasmhacht.

UIRLISÍ FÍORÚCHÁIN AGUS SCÓIR CRUINNIS FÍORÚCHÁIN AN CHÓRAIS RÉAMHAISNÉISE MÍOSÚLA (CRM)

Fig 2; Comparáid idir FMCD agus Comhchoibhneas Aimhrialtachta an chórais réamhaisnéise míosúla (CRM) san Eoraip i gcomparáid le clíomeolaíocht (CLIM) agus dianseasmhacht (DIAN). Ríomhtar scóir ó réamhaisnéisí ar ghnáth-ghreille 2.5° x 2.5° teoranta do ghnáth-fhearainn. Sa phainéal ar bhun taispeántar scóir comhchoibhnis aimhrialtachta na réamhaisnéise míosúla laethúla ag airde geophoitéinsil 500 hPa thar roinnt réigiúin. Is éard atá i scóir comhchoibhnis aimhrialtachta ná an comhchoibhneas spásúil idir na haimhrialtachta sa réamhaisnéis agus an aimhrialtacht anailíse fíorúcháin. Sa phainéal ar bharr taispeántar fréamh meán chearnóga na ndialtaí (FMCD) ó na réamhaisnéisí míosúla ag airde geophoitéinsil 500 hPa thar roinnt réigiúin. Is éard atá i bhfréamh meán chearnóga na ndialtaí ná meán geografach na ndifríochtaí cearnaithe idir an réamhaisnéis agus an anailís atá beacht don tráth céanna.

 

  • Tá ‘ECMWF Monthly Forecast System’ níos ísle ná an FMCD dianseasmhachta le linn na réamhaisnéise agus tá sé níos ísle ná an clíomeolaíocht FMCD go háirithe go dtí lá 16 nó mar sin, ina dhiaidh sin tá sé cosúil leis an gclíomeolaíocht ach tá earráid níos lú ann.
  • Tá Comhchoibhneas Aimhrialtachta an FMCD níos airde ná an clíomeolaíocht agus an dianseasmhacht araon suas go dtí Lá 30.

CÁS-STAIDÉAR: TRÉIMHSE FHUAR SAN EORAIP I MÍ FEABHRA 2018

Cás ina raibh an réamhaisnéis fo-shéasúrach an-úsáideach ab ea an tréimhse an-fhuar san Eoraip i ndeireadh mhí Feabhra in 2018. Thíos, is féidir an t-athrú a tháinig ar an réamhaisnéis chomh luath leis an 1 Feabhra a fheiceáil, agus comparáid a dhéanamh leis na haimhrialtachta teochta agus brú a rinneadh anailísiú orthu. Feictear go raibh aimhrialtachta fuara le braith san Eoraip go luath i mí Feabhra. Sa chás seo, bhí an réamhaisnéiseoir níos muiníní go raibh baol ann go dtarlódh aimsir fhuar neamhghnách sa cheantair ag deireadh mhí Feabhra.

Fig 3: Analysis and ECWMF ENS Forecasting system 2-metre temperature anomaly for week 26-02-2018 to 04-03-2018

Fig 3: Analysis and ECWMF ENS Forecasting system 2-metre temperature anomaly for week 26-02-2018 to 04-03-2018

Fig 4: Analysis and ECWMF ENS Forecasting system MSLP anomaly for week 26-02-2018 to 04-03-2018

Fig 4: Analysis and ECWMF ENS Forecasting system MSLP anomaly for week 26-02-2018 to 04-03-2018

Fig 3&4: Sna grafaic seo, taispeántar comparáid idir na meán-aimhrialtachta seachtainiúla agus an aeráid le 20 bliain anuas. Is ionann an chéad phainéal agus aimhrialtachta a ríomhadh le hanailísiú oibríochtúil ECMWF agus ath-anailísiú do sheachtain ar leith. Is ionann na painéil eile agus na hocht réamhaisnéis mhíosúla a bhfuil tréimhse seachtaine eatarthu agus a fíoraíodh sa tseachtain sin. Tá na haimhrialtachta samplacha i gcoibhneas leis an aeráid shamplach a ríomhadh ag baint úsáide as na cúl-staidrimh shamplacha. Tá dath bán ar na réimsí nach bhfuil difríocht shuntasach ann idir an réamhaisnéis iomlán agus an clíomeolaíocht iomlán dar leis an scrúdú-MDM. Iad é lá 1-7, lá 5-11, lá 8-14, lá 12-18, lá 15-21, lá 19-25, lá 22-29 agus lá 26-32 tréimhse ama na réamhaisnéisí. Leis an bhfigiúr sin, cuirtear in iúl a mhéid agus gur éirigh leis na haimhrialtachta tuartha a fíoraíodh i gcoinne anailís ECMWF agus freisin maidir leis an gcomhsheasmhacht idir na réamhaisnéisí míosúla ó sheachtain amháin go seachtain eile.