Seachtain na hEolaíochta 2023

Tá Seachtain na hEolaíochta ar ais agus tá lúcháir ar Met Éireann a bheith páirteach i sraith imeachtaí gaolmhara ar fud na tíre arís.
I measc na n-imeachtaí suntasacha beidh Féile Let’s Talk Science ag Rediscovery Centre i mBaile Munna an Satharn seo (an 11 Samhain), áit a mbeidh foireann saineolaithe ó Met Éireann i láthair.
Tá sé mar aidhm ag an bhféile seo atá oiriúnach do theaghlaigh an pobal agus daoine óga a spreagadh chun a bheith rannpháirteach in ETIM agus tá sé á reáchtáil i mbliana faoin téama ‘Iniúchadh a dhéanamh ar shaol iontach na hEolaíochta’.
Beidh seastán Met Éireann i measc réimse taispeántas idirghníomhach, agus beidh an cluiche fánaíochta réaltachta méadaithe a bhfuil an-ráchairt air ann chomh maith le stáisiún aimsire uathoibríoch, agus cluiche cártaí aimsire agus aeráide le feiceáil ann.
Ar oscailt ó 11am go 4pm, tá an ócáid saor in aisce ach ba chóir áiteanna a chur in áirithe roimh ré trí shuíomh gréasáin Rediscovery Centre. Beidh Ceannasaí na Seirbhísí Aeráide, Keith Lambkin, i gceannas ar phlé painéil ar ‘Cultúr Aeráide na hÉireann‘ in Óstán Midlands Park i bPort Laoise Dé hAoine seo chugainn (an 17 Samhain), mar chuid de sceideal imeachtaí Midlands Science.
Beidh sé mar aidhm ag an bpainéal iniúchadh a dhéanamh ar eolaíocht an athraithe aeráide agus ar réitigh fhéideartha ar an athrú aeráide, le saineolaithe lena n-áirítear feirmeoirí, éiceolaithe agus daoine óga.

Tá an ócáid seo oscailte agus saor in aisce don phobal, agus tá ticéid ar fáil trí shuíomh gréasáin Midlands Science.

Cé nach seolfar Seachtain na hEolaíochta go hoifigiúil go dtí Dé Domhnaigh, tá meitéareolaithe Met Éireann gnóthach cheana féin. Thug Aoife Kealy cuairt ar a seanscoil, Scoil Trócaire Naomh Iósaf san Uaimh, agus d’fhreastail Joanna Donnelly ar oíche gairmeacha i bPobalscoil Phort Mearnóg.

Chomh maith leis sin an deireadh seachtaine seo, tabharfaidh an meitéareolaí eile, Linda Hughes, ceardlann ar ‘Léirmhíniú na hAimsire’ do thoscairí ag Comhdháil na nGasóg Mara i mBaile Loch Garman.

An tseachtain seo chugainn, beidh cur i láthair ó Tido Semmler (an Rannóg Taighde) do Chumann Matamaitice na hÉireann, agus tabharfaidh Annmarie Woods (an tAonad Cumarsáide) agus Ferdia McCrann (an Rannóg Taighde) cuairt ar Ghaelscoil Cholmcille i Seantrabh, agus beidh an meitéareolaí, Gerry Murphy, ina aoi ag Leabharlann Dhún Dealgan do chur i láthair do pháistí bunscoile ar an 24 Samhain.

Beidh Seachtain na hEolaíochta 2023 á reáchtáil go hoifigiúil ón 12 go dtí an 19 Samhain, á eagrú ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann.

An tSeachtain Eolaíochta seo, tá an pobal ag iarraidh ar dhaoine machnamh a dhéanamh ar cad a chiallaíonn sé a bheith daonna i saol an lae inniu, agus conas a rachaidh na cinntí a dhéanaimid inniu i bhfeidhm ar dhaoine na todhchaí.

Mar sheirbhís náisiúnta meitéareolaíochta na hÉireann, cuireann Seachtain na hEolaíochta deiseanna iontacha ar fáil do Met Éireann a bheith páirteach sa phlé maidir leis an tionchar a bheidh ag cinntí a dhéantar inniu ar aeráid na hÉireann amach anseo.

Chun sceideal iomlán imeachtaí Sheachtain na hEolaíochta a fháil, tabhair cuairt ar sfi.ie.