Tréimhsí Fillte Teochta Nua d’Éirinn

Tá aeráid na hÉireann ag athrú. Mar thoradh air sin, mhaoinigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tionscadal seo chun ‘Mapaí agus sonraí aeráide a nuashonrú chun tacú le caighdeáin dearaidh foirgneamh in Éirinn’.

Bhí sé mar aidhm ag an taighde seo léarscáileanna isiteirmeacha d’uasteochtaí agus d’íosteochtaí scáthaithe aeir a tháirgeadh ag meánleibhéal na farraige ar feadh tréimhsí fillte 50, 100 agus 120 bliain bunaithe ar an dáileadh foircneach ginearálaithe agus do ghréasán stáisiún níos dlúithe don tréimhse ó 1961 go 2020. Cabhróidh na léarscáileanna nua le dearadh foirgneamh agus droichead chun athléimneacht a fheabhsú chun tacú le hoiriúnú don athrú aeráide in Éirinn.

Rachaidh aschuir an taighde seo chun sochair do raon leathan páirtithe leasmhara atá ag comhoibriú faoi láthair le Met Éireann, mar an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann, Bonneagar Iompair Éireann, agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Beidh an tuarascáil seo mar bhonn eolais freisin do bheartas maidir le príomhbhonneagair náisiúnta a sheachadadh ar nós tithíocht agus athchóiriú foirgneamh agus dearadh bóithre agus droichead. Beidh na torthaí ina
n-ábhar spéise freisin d’éagsúlacht earnálacha, pleanálaithe agus lucht déanta beartas chun cinntí fadtéarmacha, íogaire ó thaobh na haeráide de a dhéanamh.

Tá na léarscáileanna isiteirmeacha nua de luachanna aischuir na huasteochta aeir is airde agus na híosteochta aeir is ísle arna gcoigeartú go meánleibhéal na farraige níos cruinne agus glacann siad ionad na léarscáileanna roimhe seo agus ba cheart do pháirtithe leasmhara iad a ghlacadh.

Táthar ag súil go gcabhróidh an míniú mionsonraithe ar an modheolaíocht agus an réasúnaíocht do na léarscáileanna nua a bheith níos cruinne ná na léarscáileanna roimhe seo a chuirtear ar fáil anseo le rialtóirí glacadh leis na léarscáileanna nua seo ina ndlínsí féin.

 

Isiteirmeacha den uasteocht aeir scáthaithe is airde (°C) ag meánleibhéal na farraige in Éirinn ar feadh tréimhse fillte 100 bliain.

Isiteirmeacha den uasteocht aeir scáthaithe is airde (°C) ag meánleibhéal na farraige in Éirinn ar feadh tréimhse fillte 100 bliain.

Isiteirmeacha den íosteocht aeir scáthaithe (°C) ag meánleibhéal na farraige in Éirinn ar feadh tréimhse fillte 100 bliain

Isiteirmeacha den íosteocht aeir scáthaithe (°C) ag meánleibhéal na farraige in Éirinn ar feadh tréimhse fillte 100 bliain

Léigh an tuairisc iomlán:

Mateus, C., agus Coonan, B. 2022. Léarscáileanna isiteirmeach d’uasteocht agus d’íosteocht scáthaithe in Éirinn. Nóta clíomeolaíochta Uimh. 18. Baile Átha Cliath: Met Éireann. TUAIRISC.