I staidéar aitreabúideachta tapa nua ó Ollscoil Mhá Nuad, a bhfuil tacaíocht aige ó eolaithe aeráide de chuid Met Éireann, fuarthas amach gur méadaíodh méid agus dóchúlacht na báistí troime a chuir le tuilte i codanna d’oirdheisceart na hÉireann an mhí seo caite de bharr an athraithe aeráide arb é an duine is cúis leis.
10 Nollaig 2025
Sa staidéar rinneadh scrúdú ar na hiomláin bháistí dhá lá a bhain le Stoirm Claudia a taifeadadh i mBaile Átha Cliath, i gCill Mhantáin agus i Loch Garman, chomh maith le báisteach réamhtheachtach 30 lá ar fud naoi gcontae a chuir le dobharcheantair san oirdheisceart. Léirítear san anailís go raibh ithreacha sáithithe agus aibhneacha an-fhreagrúil do bháisteach bhreise de bharr dálaí fliucha a bhí ann ar feadh tréimhse fhada sna míonna roimh an teagmhas.
Príomhthorthaí
- Tháinig méadú beagnach 12 faoin gcéad ar mhéad na báistí a bhaineann leis an teagmhas dhá lá i gcomparáid leis an aeráid réamhthionsclaíoch
- Tháinig méadú beagnach seacht faoin gcéad ar mhéad na dteagmhas báistí 30 lá atá cosúil leo siúd a tharla an fómhar seo
- Tá seans dúbailte ann anois go dtarlódh teagmhais bháistí dhá lá agus 30 lá ná mar a bheadh ann in aeráid réamhthionsclaíoch
- Réamh-mheastar go méadóidh téamh breise déine na dteagmhas báistí den sórt sin in Éirinn agus táthar ag súil go mbeidh méaduithe 1.5°C, 2.0°C agus 3.0°C ar théamh domhanda
Léirítear le sonraí hidriméadracha go raibh tuilte abhann suntasacha mar thoradh ar Stoirm Claudia i Loch Garman agus i gCill Mhantáin, agus taifeadadh le roinnt tomhsairí na buaicphointí ab airde nó na dara buaicphointí ab airde dá gcuid ar taifead. Cé go raibh sé sách neamhchoitianta, tharla an teagmhas tar éis roinnt míonna nuair a bhí báisteach os cionn an mheáin ann, rud a chuir go mór le riosca tuilte.
Dúirt Paul Moore, Clíomeolaí ag Met Éireann, gur chruthaigh sraith míonna fliucha, agus roinnt laethanta ina dhiaidh sin ina raibh frontaí aimsire gníomhaí le linn Stoirm Claudia, na dálaí le haghaidh báisteach throm san oirdheisceart. Luaigh sé gur féidir le hatmaisféar níos teo tuilleadh taise a choimeád agus mar sin de gur mó seans go mbeidh báisteach níos troime nuair a tharlóidh teagmhais dá leithéid sin.
Is cuid de thionscadal WASITUS é an staidéar, a bhfuil sé mar aidhm aige cumas aitreabúideachta teagmhais a chur chun cinn d’Éirinn i gcomhar leis an bhfoireann um Aitreabúideacht Aimsir an Domhain. Cabhraíonn anailís aitreabúideachta teagmhais le fáil amach conas a imríonn an t-athrú aeráide tionchar ar dhóchúlacht agus déine na dteagmhas aimsire suntasach.
Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus ag Met Éireann agus tá sé á dhéanamh ag ICARUS, an Lárionad Taighde Aeráide ag Ollscoil Mhá Nuad.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar an staidéar seo, nó ar thionscadal WASITUS níos leithne, déan teagmháil le enquiries@met.ie.

Athruithe tuartha ar mhéid maidir le teagmhas dianbháistí dhá lá i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Loch Garman agus Chill Mhantáin

Athruithe tuartha ar mhéid maidir le teagmhas dianbháistí 30 lá i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Cheatharlach, Chill Dara, Laoise, na Mí, Loch Garman agus Chill Mhantáin

Iomláin báistí laethúla le haghaidh stáisiúin shionoptacha atá lonnaithe i gcontaetha a raibh tionchar mór orthu ón 1 go dtí an 17 Samhain. Léirítear le barraí gorma an bháisteach a bhí ann roimh an mbáisteach fhoircneach dhá lá, le barraí dearga an teagmhas foircneach dhá lá (an 14 go dtí an 15) agus le barraí liatha an bháisteach tar éis an teagmhais. Léirítear leis an líne dhubh an meán rollach dhá lá.