CUIREANN TUARASCÁIL NUA AERÁID AG ATHRÚ FAOIN SPOTSHOLAS IN ÉIRINN

Tá an fianaise soiléir, ciallaíonn athrú aeráide go bhfuil Éire níos teo níos fliche.

 D’fhoilsigh Met Éireann (MÉ), Foras na Mara (MI) agus Gníomhaireacht um Chosaint an Chomhshaoil (EPA) tuarascáil ar “Stádas Aeráide na hÉireann”.  Is é seo an dara anailís chuimsitheach ar shonraí aeráide “riachtanacha” bailithe in Éirinn.  Deimhníonn sé agus tugann sé nuashonrú ar thorthaí ó thuarascáil 2012 agus mionsonraí ar conas atá athruithe domhanda léirithe inár n-atmaisféar, aigéin agus tírdhreach. Tá an tuarascáil ullmhaithe ag MaREI, Ionad Taighde SFI d’Fhuinneamh, Aeráid agus Muirí á óstáil ag Coláiste Ollscoile Chorcaigh agus maoinithe ag Gníomhaireacht um Chosaint an Chomhshaoil (EPA), Met Éireann (MÉ) agus Foras na Mara (MI).

Léiríonn na breathnóireachtaí déanta agus na sonraí monatóireachta sainscagtha i gcomhordú le GCOS Éireann cúnamh leanúnach na hÉireann leis an iarracht eolaíoch idirnáisiúnta chun sonraí riachtanacha a sholáthar, a theastaíonn chun monatóireacht a dhéanamh ar ár n-aeráid athraitheach.   Tugann GCOS Éireann maoirseacht ar an mbailiúchán sonraí eolaíoch ar os cionn 40 Athróga Aeráide Riachtanach, aitheanta ag UNFCCC, ar feadh fearann atmaisféaraigh, aigéin agus talún.

Ag cur béim ar an tábhacht a ghabhann le Tuarascáil Stádais Aeráide na hÉireann, dúirt Eoin Moran, Stiúrthóir:

“Agus saoránaigh in Éirinn is timpeall na cruinne ag mothú tionchair an Athraithe Aeráide, trí eachtraí aimsire a éiríonn níos déine, dóiteáin agus tuilte, srl; bíonn breathnóireachtaí ardchaighdeáin ar an aeráid riachtanach chun faisnéis a thabhairt do fhreagra na sochaí ar an Éigeandáil Aeráide. Tacaíonn monatóireacht fadtéarmach eolaíoch ar an aeráid leis an taighde agus forbairt ar sheirbhísí aeráide a thacaíonn le déanamh polasaí agus cinnteoireacht in aghaidh práinne na géarchéime aeráide.

Ní hamháin go bhfuil sonraí luachmhara soláthraithe ag GCOS san áireamh le tuarascáil Stádais Aeráide na hÉireann mar chúnamh na hÉireann le iarracht mhonatóireachta aeráide domhanda, ach tugann sé faisnéis freisin d’fhorbairt agus feabhsúchán ar infreastruchtúr monatóireachta aeráide chun tuiscint níos fearr fiú a sholáthar ar ár gcóras aeráide chun acmhainn monatóireachta ar aeráid náisiúnta a optamú. Ceadaíonn an mhonatóireacht aeráide fadtéarmach seo dúinn comparáid níos fearr a thabhairt ar na athruithe a tharlaíonn in aeráid na hÉireann leo sin ar fud na hEorpa agus sa domhan agus chun ár bhfreagra náisiúnta a shaincheapadh don todhchaí”.

 

Ag cur fáilte roimh fhoilseachán an tuarascála, dúirt Laura Burke, Ard-Stiúrthóir EPA:

“Soláthraíonn breathnóireachtaí aeráide bunús dár gcuid tuisceana ar réaltacht an athraithe aeráide anseo in Éirinn, in Eoraip, agus go domhanda.  Mar Pháirtí do Choinbhinsiún Chreata UN um Athrú Aeráide, agus Comhaontú Páras, tá Éire tiomanta chun raon breathnóireachtaí aeráide a dhéanamh de réir luaite sa tuarascáil seo. Ceadaíonn na sonraí seo do chomhlachtaí amhail an IPCC anailís a dhéanamh ar na athruithe domhanda. Is tábhachtach a lua go bhfuil siad ag teastáil chun cuidiú le freagraí ar athruithe atá ag tarlú anseo in Éirinn.”

Cuireann tuarascáil an lae inniu fianaise ar na athruithe a tharla ar fud timpeallachta na hÉireann, ó thomhais mionsonraithe fadtéarma inár dtalamh agus inár n-aigéin agus atmaisféar agus ó shonraí nasctha ó bhreathnóireachtaí satailíte ó chláir amhailCopernicus.”

Ag trácht ar na torthaí, dúirt Mick Gillooly, CEO Sealadach, Foras na Mara:

“Teastaíonn cláir monatóireachta fadtéarmacha chun fianaise a sholáthar a theastaíonn chun tacú le polasaí agus gníomh náisiúnta um aeráid. Le gréasáin monatóireachta fadtéarmacha is féidir linn tomhais a ghlacadh de staid reatha ár n-aeráide, agus cé chomh mór a d’athraigh sé, rud a thugann treoir dúinn ar cé mhéad eile is cosúil go n-athróidh sé sa todhchaí.”

Dúirt Jeremy Gault, Comhordaitheoir taighde do Chórais Cósta agus Muirí in MaREI, Coláiste Ollscoile Chorcaigh, i gceannas ar an tionscadal:

“Tógann an tuarascáil ar thuarascáil 2012 a rinneamar agus cuireann sé béim ar thábhacht phictiúr nuashonraithe a bheith againn ar aeráid na hÉireann chun sonraí reatha agus roimhe seo a chur i gcomparáid agus tuiscint níos fearr a bhaint as an todhchaí.  Taispeánann an taighde seo buntáistí an chláir taighde aeráide EPA, sa bhabhta seo maoinithe ag Met Éireann agus Foras na Mara, toisc go gceadaíonn sé tuiscint níos fearr ar athruithe ar ár n-aeráid.  Tá an fhaisnéis seo criticiúil i gcomhair pleanála agus déanta polasaithe agus chun faisnéis a thabhairt d’infheistíocht amach anseo.”

Príomh-thorthaí an tuarascála

Atmaisféar

  • Mhéadaigh meánteocht aeir dromchla in Éirinn os cionn 0.9C le 120 bliain anuas, le méadú teochta braite i ngach séasúr.
  • Bhí báisteach bliantúil 6 faoin gcéad níos airde sa tréimhse 1989 go dtí 2018 i gcomparáid le tréimhse 30 bliain 1961 go dtí 1990.
  • Lean tiúchan an phríomh-thiomántóra Aeráide: gáis ceaptha teasa – dé-ocsaíd charbóin, meatán agus ocsaíd nítriúil – tomhaiste in Éirinn, ag méadú ó 2012 le impleachtaí sa fadtéarma dár n-aeráid.

Aigéin

  • Léiríonn breathnóireachtaí satailíte gur mhéadaigh leibhéal na mara timpeall na hÉireann 2-3mm in aghaidh na bliana ó thús na 1990idí.
  • Léiríonn tomhais in uisce dromchla in iarthar na hÉireann méadú in aigéadacht an aigéin, inchomparáide leis an ráta athraithe in aigéin timpeall na cruinne.
  • Bhí meánteocht dromchla na farraige tomhaiste i gCionn Mhálanna 0.47ºC níos airde le deich mbliana anuas i gcomparáid leis an tréimhse 1981-2010.

Talamh

  • Tá méadú i sreabhadh abhann ar feadh an chuid is mó d’Éirinn ó thús na 70idí. In ainneoin sin, tá fianaise ann le blianta beaga anuas ar mhéadú i gcoinníollacha triomaigh féideartha go háirithe san oirthear.
  • Léiríonn breathnóireachtaí clúdaigh talún ó 1990 méaduithe ar limistéir clúdaithe le dromchlaí saorga agus foraois, cé go bhfuil laghdú i limistéir bogaigh.

D’aithin an tuarascáil freisin go bhfuil dul chun cinn déanta i go leor limistéir infreastruchtúir bhreathnóireachta na hÉireann, acmhainniú, anailís agus comhordú, ó thuarascáil ar stádas aeráide 2012 . In ainneoin sin, teastaíonn a thuilleadh gnímh le cinntiú go bhfuil an córas breathnóireachta aeráide náisiúnta oiriúnach dá chuspóir as seo amach. Áirítear leis sin cothabháil leanúnach ar chláir agus infreastruchtúr monatóireachta aeráide reatha, athrú ó bhreathnóireachtaí aeráide go cláir inbhuanaithe fadtéarmacha, agus fiosrúchán ar an acmhainneacht chun monatóireachta ar athróga aeráide tábhachtacha nach leantar go fóill in Éirinn.

Nasc ar Thuarascáil Achoimrithe.

Nasc ar an Tuarascáil Iomlán.