Éirí: Seoladh satailíte aimsire nua na hEorpa!
Seoladh an tsatailít aimsire is nuaí san Eoraip ón Spásfort i nGuáin na Fraince an 13 Nollaig 2022. De bharr shatailít Tríú Glúin Meteosat Imager 1, nó MTG-I1, seachadfar ardíomhánna dár n-atmaisféar agus dár bpláinéad agus cuirfear faisnéis ríthábhachtach ar fáil do réamhaisnéiseoirí aimsire agus d’eolaithe aeráide.
In eagrán na míosa seo, táimid ag féachaint i dtreo spáis agus cad atá i ndán don mheitéareolaíocht satailíte. Tuairiscíonn Noel ó ócáid seolta MTG-I1 ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa san Ísiltír, agus labhraíonn sé le cuid de na heolaithe agus na hinnealtóirí a bhfuil baint acu leis an misean sin. Ansin táimid in éindí leo agus iad ag tosú ar an gcomhaireamh síos don éirí.
Tá Noel in éineacht le Pierre Kokou ar dtús, innealtóir uirlisí le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, chun a chloisteáil mar gheall ar an bpróiseas maidir leis an tsatailít a fhorbairt agus í a thabhairt chuig an gceap lainseála. Labhraíonn sé ansin leis an Dr. Lothar Schüller, bainisteoir líonra le EUMETSAT, ar mhisean eolaíoch na satailíte agus cad a chiallaíonn sé d’eolaithe, do réamhaisnéiseoirí agus don tsochaí.
Is féidir leat éisteacht leis an bpodchraoladh iomlán ar ár leathanach Podchraolta , ar an seinnteoir thíos nó cuardach a dhéanamh ar Phodchraoladh Met Éireann cibé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí. Faigh tuilleadh eolais maidir leis an MTG-I1 inár n-alt le déanaí tráth an tseolta.