Treoróidh léarscáileanna nua Met Éireann forbairtí tógála amach anseo

Roimh Lá na Cruinne 2023, nocht Met Éireann, i gcomhthionscnamh le foireann caighdeán foirgníochta na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, léarscáileanna aeráide agus comhaid aimsire dearaidh i sraith tuarascálacha taighde nua a threoróidh dearadh agus tógáil thionscadail foirgníochta na hÉireann amach anseo.
Cuireadh an tionscadal seo, ar a dtugtar Léarscáileanna aeráide agus sonraí chun tacú le caighdeáin dearaidh foirgneamh, i gcrích chun tacú le Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 agus 2023 de chuid na hÉireann mar chuid de Ghníomhartha 203 agus BE/23/36- Léarscáileanna agus sonraí sonracha aeráide a fhorbairt lena n-úsáid i ndearadh foirgneamh chun athléimneacht a fheabhsú chun tacú le hoiriúnú don athrú aeráide, faoi seach, agus chun tacú leis an gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe, d’fhonn leochaileacht na tíre d’éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide a laghdú.
Mar chuid den tionscadal seo agus bunaithe ar mhodhanna oifigiúla idirnáisiúnta, tá tuarascálacha nua curtha le chéile ag Met Éireann a úsáideann an t-innéacs báistí, gné thábhachtach chlíomeolaíochta nach mór a chur san áireamh agus foirgnimh á ndearadh, agus a mhapálann foircneacha maidir le teocht, teocht na hithreach, ualach sneachta agus minicíochtaí báistí.
Cuirtear sonraí aeráide i láthair freisin lena n-úsáid i ndearadh foirgneamh, ina bhfuil comhaid aimsire san am atá thart agus san am atá le teacht le haghaidh measúnacht riosca ar róthéamh.
Is féidir úsáid a bhaint as torthaí na hanailíse seo ar go leor bealaí chun eolas a chur ar fáil do bheartas poiblí agus chun infheistíocht a dhéanamh réidh don todhchaí, go háirithe maidir leis an timpeallacht thógtha – amhail droichid, bóithre agus foirgneamh a thógáil, chun a chinntiú go bhfanfaidh foirgnimh agus bonneagair na hÉireann athléimneach ó thaobh na haeráide de le linn a saoil deartha iomláin.
Chuir an tionscadal sé tháirge nua seirbhíse aeráide ar fáil chun cabhrú le timpeallacht thógtha na hÉireann.
Innéacs báistí troime

D’fhéadfadh báisteach séidte ag gaoth in aghaidh balla a ionsú go páirteach nó dul isteach trí scoilteanna sa bhalla, rud a mhéadaíonn an baol damáiste do chreatlach an fhoirgnimh. Is iondúil go dtéann báisteach isteach trí bhearnaí agus scoilteanna in aghaidheanna foirgneamh agus timpeall imill na ndoirse agus na bhfuinneog tar éis tréimhsí gearra de bháisteach throm agus gaotha. Braitheann tionchar na báistí ar fhoirgnimh ar dhéine báistí, fad, luas na gaoithe agus treo na gaoithe.

Den chéad uair, táirgeadh innéacsanna déine báistí séidte feabhsaithe trí úsáid a bhaint as modheolaíocht nua[1]. Is féidir leis an léarscáil de bháisteach throm tacú le cinnteoirí na hÉireann maidir leis na hábhair agus modhanna tógála is fearr le húsáid in áiteanna éagsúla den tír.


[1] bunaithe ar I.S. EN ISO 15927-3:2009 Feidhmíocht hidriteirmeach foirgneamh – sonraí aeráide a ríomh agus a chur i láthair – cuid 3: ríomh innéacs báistí troime do dhromchlaí ingearacha ó shonraí gaoithe agus báistí in aghaidh na huaire.

Spell map index (mS) of driving rain against vertical surfaces for the period 1991 – 2020 for Ireland (I.S. EN ISO 15927 32009).

Innéacs léarscáile tréimhsí de bháisteach shéidte (mS) i gcoinne dromchlaí ingearacha don tréimhse 1991 – 2020 d’Éirinn (I.S. EN ISO 15927 32009).

Tréimhsí tuairiscithe teochta uasta agus íosta

Nuashonrú ar léarscáileanna roimhe seo is ea na léarscáileanna nua seo maidir le tréimhse tuairiscithe teochta ach forbraíodh iad bunaithe ar na breathnóireachtaí is déanaí, thar thréimhse ama níos faide agus ó níos mó suíomh.
Is féidir leis na tréimhsí nua tuairiscithe tionchar a imirt ar bheartas maidir le bonneagair náisiúnta thábhachtacha a sheachadadh amhail athchóiriú tithíochta agus foirgneamh agus dearadh bóithre agus droichead.

Figure 2: 50-year return period of highest maximum shade air temperature (°C) at mean sea level in Ireland

Fíor 2: Tréimhse tuairiscithe 50 bliain d’uasteocht is airde an aeir faoi scáth (°C) ag meánleibhéal na farraige in Éirinn

Figure 3: 50-year return period of lowest minimum shade air temperature (°C) at mean sea level in Ireland.

Fíor 3: Tréimhse tuairiscithe 50 bliain d’íosteocht is lú an aeir faoi scáth (°C) ag meánleibhéal na farraige in Éirinn..

Meastachán ar dhéine báistí le haghaidh tréimhsí agus faid éagsúla tuairiscithe

In Éirinn, d’fhéadfadh tuilte tromchúiseacha a bheith mar thoradh ar bháisteach ghearrthéarmach agus throm logánta. I gceantair ardtailte, tá baint ag imeachtaí báistí troime le héagobhsaíocht fána, creimeadh, sciorrthaí talún, iompar dríodar, díchobhsú maiseanna móna agus tuilte. Is minic a bhíonn tulcaí mar thoradh ar rith báistí a bhaineann le foircneacha báistí, go háirithe in abhantracha beaga draenála le hamanna gearra tiúchana agus abhantracha mearfhreagartha. Cuireann imeachtaí den sórt sin saol an duine agus don bhonneagar i gcontúirt, go háirithe suímh ina bhfuil dlús ard daonra.

Ba é aidhm an táirge seo luachanna athfhillte tuairiscithe báistí a ríomh do thréimhsí tuairiscithe éagsúla, idir 2 agus 120 bliain, le haghaidh tréimhsí báistí sonracha idir 15 nóiméad agus 25 lá bunaithe ar líonra níos dlúithe stáisiún le sonraí cothrom le dáta agus de réir na samhla maidir le doimhneacht-fad-minicíocht. Is nuashonrú iad na haschuir seo ar an obair a rinneadh in 2007 agus tá sonraí níos cothrom le dáta acu.

Cuirtear treoir ar fáil chun méideanna báistí a mheas i dtréimhsí níos lú ná 2 nóiméad.

Tá feidhmeanna éagsúla ag na táirgí seo, mar shampla bonn eolais a chur faoi na critéir dhearaidh do scéimeanna draenála, córais séarachais, droichid, gáitéir, agus bearta maolaithe tuilte abhann.

Figure 4: Return value for a 120-year return period for rainfall depths of 1-day duration in Ireland.

Fíor 4: Luach tuairiscithe do thréimhse thuairiscithe 120 bliain le haghaidh doimhneacht báistí 1 lá in Éirinn.

Léarscáileanna na tréimhse tuairiscithe de theochtaí na hithreach

Den chéad uair, ríomhadh luachanna tuairiscithe na teochta ithreach 10 cm is ísle bunaithe ar an dáileadh luacha fhoircnigh ginearálaithe chun tacú le dearadh struchtúrtha foirgneamh in Éirinn.

Figure 5: 120-year return period of the lowest 10cm soil temperature (°C) for Ireland.

Fíor 5: Tréimhse tuairiscithe 120 bliain den teocht ithreach 10cm (°C) is ísle d’Éirinn.

 

Léarscáileanna d’ualaí sneachta

Is éard is ualach sneachta ann ná an fórsa ar dhromchla mar gheall ar dhoimhneacht an tsneachta charntha agus tá sé tábhachtach chun bonn eolais a chur faoi dhearadh struchtúrtha foirgneamh agus oibreacha innealtóireachta sibhialta, mar shampla, dearadh patrún tíleanna dín nó struchtúr tacaíochta dín. Is nuashonrú iad na léarscáileanna nua ualaí sneachta ar an obair a rinneadh in 2010 le greille níos láidre agus sonraí níos cothrom le dáta.

Figure 6: Return values of snow loadings at 100m above mean sea level in Ireland for a 50-year return period.

Fíor 6: Luachanna tuairiscithe ualaí sneachta ag 100m os cionn mheánleibhéal na farraige in Éirinn ar feadh tréimhse tuairiscithe 50 bliain.

Comhaid aimsire dearaidh foirgnimh le haghaidh measúnacht riosca róthéamh
Gineadh na comhaid aimsire ag sé shuíomh. Tá na comhaid seo ar fáil i bhfoirm Bliain Tagartha Tástála (meánchoinníollacha) agus Blianta Samhraidh Dearaidh (teagmhais róthéimh) do dhálaí aimsire san am atá thart agus do raon cásanna aeráide amach anseo. Soláthraíonn na sonraí seo faisnéis logánta atá inrochtana saor in aisce do dhearthóirí foirgneamh chun samhaltú teirmeach a dhéanamh ar fhoirgnimh nach raibh ar fáil roimhe seo, rud a chuireann ar chumas measúnú níos cruinne a dhéanamh ar rioscaí róthéimh d’fhoirgnimh in Éirinn.

Figure 7: Map with the six locations of the new weather files.

Fíor 7: Léarscáil le sé shuíomh na gcomhad aimsire nua.

Cuireadh an tionscadal i gcrích i gcomhairle le grúpa stiúrtha comhdhéanta d’ionadaithe ón Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann, ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann agus ó bhaill de choiste um Chaighdeáin Foirgníochta na Roinne faoin bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021.

Léiríonn an obair seo ról níos leithne Met Éireann maidir le seirbhísí aeráide chun leasa na sochaí i gcoitinne a fhorbairt mar chuid dá Phlean Straitéiseach ‘Éire a Ullmhú don Aimsir agus don Aeráid’, a dhíríonn ar chabhrú le sochaí na hÉireann a bheith réidh le rioscaí aimsire agus aeráide agus freagairt dóibh.
Is féidir breathnú ar an bPreaseisiúint faoin tionscadal seo ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta [1]. Déantar an fógra seo roimh Lá na Cruinne 2023 an 22ú Aibreán ar an ábhar go bhfeabhsaíonn an tionscadal seo athléimneacht chun tacú le hoiriúnú don athrú aeráide agus go gcomhlíonann sé téama na bliana seo, ‘Infheistigh inár bPláinéad’.

 

Léigh tuilleadh eolais sna tuarascálacha tionscadail seo a leanas:

Griffin, S., Mateus, C., Lambkin, K. 2023. Climate data for use in building design – past and future weather files for overheating risk assessment. Climatological Note No. 21. Dublin: Met Éireann. http://hdl.handle.net/2262/102418

Mateus, C., and Coonan, B. 2023. Estimation of point rainfall frequencies in Ireland. Technical Note No. 68. Dublin: Met Éireann. http://hdl.handle.net/2262/102417

Mateus, C., and Coonan, B. 2022. Snow loadings at 100m above mean sea level for Ireland. Climatological Note No. 20. Dublin: Met Éireann. http://hdl.handle.net/2262/101583

Mateus, C., and Coonan, B. 2022. Isothermal maps of the lowest 10cm soil temperatures in Ireland. Climatological Note No. 19. Dublin: Met Éireann. http://hdl.handle.net/2262/101584

Mateus, C., and Coonan, B. 2022. Isothermal maps of maximum and minimum shade air temperatures in Ireland. Climatological Note No. 18. Dublin: Met Éireann. http://hdl.handle.net/2262/101585

Mateus, C., and Coonan, B. 2024. Distribution of driving rain in Ireland. Climatological Note No. 17. Dublin: Met Éireann. http://hdl.handle.net/2262/101280