Léarscáileanna nua de ualaí sneachta d\'Éirinn

Tá aeráid na hÉireann ag athrú. Mar thoradh air sin, mhaoinigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tionscadal seo chun ‘Mapaí agus sonraí aeráide a nuashonrú chun tacú le caighdeáin dearaidh foirgneamh in Éirinn’.

Ba é spreagadh an taighde seo ná léarscáileanna a tháirgeadh de leibhéil aischuir na n-ualaí sneachta ag 100m os cionn meánleibhéal na farraige ar feadh na dtréimhsí fillte de 50, 100 agus 120 bliain le húsáid i ndearadh foirgneamh chun athléimneacht a fheabhsú chun tacú le hoiriúnú don athrú aeráide in Éirinn. Tacóidh na léarscáileanna nua le dearadh struchtúrach foirgneamh agus oibreacha innealtóireachta sibhialta in Éirinn.

Rachaidh aschuir an taighde seo chun sochair do raon leathan páirtithe leasmhara atá ag comhoibriú faoi láthair le Met Éireann, mar an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Beidh an tuarascáil seo mar bhonn eolais freisin do bheartas maidir le príomhbhonneagair náisiúnta a sheachadadh mar thithíocht agus athchóiriú foirgneamh.

Ba cheart go nglacfadh geallsealbhóirí na léarscáileanna nua de luachanna aischuir ualaí sneachta ag 100m os cionn mheánleibhéal na farraige in Éirinn ar feadh tréimhsí fillte 50, 100 agus 120 bliain. Tá na léarscáileanna nua seo níos ionadaí agus tá siad in ionad na léarscáile roimhe seo de luachanna aischuir ualaí sneachta ag 100m os cionn meánleibhéal na farraige ar feadh tréimhse fillte 50 bliain.

Táthar ag súil go mbeidh an míniú mionsonraithe ar an modheolaíocht agus an soiléiriú ar an réasúnaíocht do na léarscáileanna nua a bheith níos cruinne ná an léarscáil roimhe seo a chuirtear ar fáil anseo ina chuidiú do rialtóirí in áiteanna eile agus iad ag glacadh leis na léarscáileanna nua seo ina ndlínsí féin.

 

Return values of snow loadings at 100m above mean sea level in Ireland for a 120-years return period

Luachanna aischuir ualaí sneachta ag 100m os cionn mheánleibhéal na farraige in Éirinn ar feadh tréimhse fillte 120 bliain

Léigh an tuairisc iomlán:

Mateus, C., agus Coonan, B. 2022. Ualaí sneachta ag 100m os cionn meánleibhéal na farraige in Éirinn. Nóta clíomeolaíochta Uimh. 20. Baile Átha Cliath: Met Éireann. TUAIRISC.