Tá Podchraoladh Met Éireann ar ais don 4ú Séasúr!
Is beag rud a théann i bhfeidhm orainn go laethúil cosúil leis an aimsir; conas a oibrímid agus a thaistealaímid, conas a dhéanaimid aclaíocht agus a bhuailimid le chéile, conas a fhásaimid ár mbia, ár sábháilteacht agus fiú conas a mhothaímid.
Tá ár n-aimsir agus ár n-aeráid ag athrú, agus is féidir le tuiscint níos fearr ar ár n-atmaisféar cabhrú linn ár mbealach a dhéanamh trí na hathruithe sin. Fiosraíonn Podchraoladh Met Éireann gach rud a bhaineann leis an aimsir agus leis an aeráid, mistéirí ár n-atmaisféir, agus buaileann sé leis na daoine a oibríonn chun iad a thuiscint. Beidh aíonna nua i dteannta an Dr Noel Fitzpatrick i ngach eipeasóid agus iad ag cabhrú leis an eolaíocht agus a tionchair fhairsinge a nochtadh.
Eipeasóid 1 – Eachtraí ar theorainneacha an athraithe aeráide
Is ag an Dr Heïdi Sevestre atá ceann de na guthanna is mó ar domhan maidir leis an ngá atá le háiteanna fuara ár bpláinéid a chosaint agus leis an damáiste atá á dhéanamh ag athrú aeráide. San eipeasóid seo, pléann Heïdi agus Noel a turais is déanaí chuig an Artach, chuig an nGraonlainn agus chuig na hAindéis, teacht slán as stoirmeacha troma agus teagmhálacha le béir bhána, agus dul i bpáirt leis na dreapadóirí is fearr ar domhan chun cabhrú le taighde a dhéanamh in áiteanna priaclacha. Pléann Heïdi agus Noel freisin an tábhacht a bhaineann le cumarsáid eolaíochta agus an gá atá le heolaithe aeráide a nguth a ardú.
Breathnaigh ar leathanach The Met Éireann Podcast page Phodchraoltaí Met Éireann chun tuilleadh a fháil amach faoi eipeasóidí ó na séasúir roimhe seo.
Mar sin, is cuma más éisteoir nua nó reatha thú, bí cinnte síntiús a ghlacadh le sraith Phodchraoladh Met Éireann cibé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí.
Tá leagan Gaeilge den phodchraoladh seo againn freisin – Podchraoladh Met Éireann
Éist leis an eipeasóid seo – agus eipeasóidí roimhe seo – ar an seinnteoir thíos.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann Podchraolta ag podcast@met.ie nó úsáid #MetEireannPodcast ar Twitter