MISEAN CHUIG IMEALL AN SPÁIS

Tá áthas ar Met Éireann a bheith páirteach sa mhisean ‘Spaceship Earth’, tionscadal eolaíochta atá dírithe ar mhic léinn a spreagadh faoi thábhacht na n-ábhar STEMM (Eolaíocht, Teicneolaíocht Innealtóireacht, Matamaitic agus Leigheas).  Is éard a bheidh i gceist leis an misean Spaceship Earth raon turgnaimh a dhear daltaí scoile go hard isteach sa strataisféar a sheoladh ag baint úsáide as balúin aimsire Met Éireann ag Réadlann Dhairbhre, Ciarraí, chun scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag gar-spás ar na turgnaimh.

Tá taighdeoirí in OÉ Gaillimh i gceannas ar chlár Discover Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) i gcomhar le Met Éireann, Ollscoil Luimnigh agus Lero, Lárionad Taighde Bogearraí SFI.  Dúirt an tOllamh Derek O’Keefe le Lero, ceannaire an tionscadail Spaceship Earth: “Tá sé mar aidhm ag misean spreagúil an tionscadail for-rochtana STEMM Spaceship Earth seo mic léinn a spreagadh agus a chumasú chun smaoineamh ar bhealach mór, thar na spéire agus a thaispeáint dóibh go mbaineann rannpháirtíocht in Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Matamaitic agus Leigheas le gach duine.”

 

Pupils at Scoil Mhuire Oranmare, Galway, who are taking part in the NUI Galway led 'SpaceShip Earth' mission

Daltaí ó Scoil Mhuire, Órán Mór, Gaillimh, atá ag glacadh páirte sa mhisean ‘Spaceship Earth’ faoi stiúir OÉ Gaillimh

Mhínigh an Dr Cornelia Connolly, Scoil an Oideachais in OÉ Gaillimh agus Lero: “Cuireann an tionscadal seo deis uathúil ar fáil agus ní hamháin taighde a dhéanamh ar fhreagairtí dearcaidh ar STEMM ach trí oibriú go díreach leis na múinteoirí agus na daoine óga táimid ag tabhairt isteach agus ag taispeáint tionscadail nuálacha STEMM, ag spreagadh rannpháirtíochta.”

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Láithreán Gréasáin SpaceShip Earth Project: 

www.SpaceShipEarth.ie