Ar 20:30 (Am na hÉireann) an 13 Nollaig 2022, d’éirigh an chéad satailít de ghlúin nua satailítí Eorpacha ó thalamh ag Spaceport de chuid na hEorpa i nGuáin na Fraince. De bharr shatailít Íomhadóir 1 de Thríú Glúin Meteostat (I1-TGM) seachadfar ardíomhánna dár n-atmaisféar agus dár bpláinéad agus cuirfear faisnéis ríthábhachtach ar fáil do réamhaisnéiseoirí aimsire agus d’eolaithe aeráide. Is comhoibriú é idir Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) agus EUMETSAT (an eagraíocht Eorpach um shatailítí meitéareolaíochta), agus tá Éire ina ball den dá cheann acu.
Is é I1-TGM an chéad satailít sa tríú glúin den chlár Meteosat atá i bhfeidhm le breis agus 40 bliain, a bhreathnaíonn ar aimsir agus aeráid na hEorpa, na hAfraice agus níos faide i gcéin. Tá satailítí de chuid Meteosat geochobhsaí, rud a chiallaíonn go bhféachann siad go leanúnach ar an réigiún céanna den phláinéad agus gur féidir leo uasdátuithe agus íomhánna a sholáthar go rialta ar dhálaí aimsire. Nuair a shroichfidh sé a fhithis oibriúcháin, beidh I1-TGM suite 36,000 km os cionn mheánchiorcal an Domhain ag domhanleithead 0°, áit ar féidir leis taobh iomlán nó ‘diosca’ den phláinéad a fheiceáil.
Soláthróidh I1-TGM íomhánna den diosca iomlán sin den Domhan gach 10 nóiméad le taifigh chomh hard le 1km (ciallaíonn sé sin go gcuireann picteilín amháin san íomhá 1 km2 den Domhan in iúl). Feabhsú mór a bheidh anseo ar na híomhánna de dhiosca iomlán Meteosat atá ann faoi láthair, a sheachadtar gach 15 nóiméad le taifigh suas le 3km. Cabhróidh minicíocht mhéadaithe agus taifeach I1-TGM le réamhaisnéiseoirí córais aimsire agus stoirmeacha atá ag forbairt go tapa a bhrath agus a rianú.
Tá braiteoir úrnua ag I1-TGM freisin chun tintreach a bhrath, ar a dtugtar an tÍomhadóir Tintrí. Is féidir leis an uirlis sin splancacha tintrí a bhrath, idir scamall agus talamh agus laistigh de na scamaill, agus seachadfaidh sí an fhaisnéis sin chuig ionaid aimsire gar d’fhíor-am. Beidh sé sin an-chabhrach do réamhaisnéiseoirí chun rabhaidh a eisiúint faoi stoirmeacha toirní tromchúiseacha agus freisin chun monatóireacht a dhéanamh ar athruithe ar dhéine stoirme, ar féidir leo teacht go minic le hathruithe ar mhinicíocht tintrí.
Nuair a shroicheann I1-TGM a fhithis os cionn an Domhain, beidh gá le tréimhse fhada thástála sula ndearbhaítear go bhfuil an tsatailít agus a sonraí ag obair. D’fhéadfadh sé sin suas le 12 mhí a thógáil agus tá sé sin lena chinntiú go bhfuil an tsatailít ag iompar mar a bhíothas ag súil léi, go bhfuil sonraí maithe á soláthar ag a braiteoirí agus gur féidir brath ar a feidhmíocht sna deich mbliana atá romhainn.
Nuair a bheidh sé oibríochtúil go hiomlán, beidh dhá shatailít bhreise i gceist le misean Thríú Glúin Meteosat. Soláthróidh an dara satailít íomháithe, ar a dtugtar I2-TGM, íomhánna ardtaifigh (suas le 500 m) os cionn na hEorpa gach 2.5 nóiméad. Beidh satailít fuaimnithe i gceist freisin, F1-TGM, a sholáthróidh próifílí ingearacha teochta agus taise tríd an atmaisféar, sonraí atá an-tábhachtach chun samhlacha aimsire cruinne a reáchtáil. Le chéile, soláthróidh na trí shatailít acmhainn faisnéise nach bhfacthas riamh roimhe chun monatóireacht a dhéanamh ar ár n-aimsir agus í a thuar agus chun staidéar a dhéanamh ar ár n-aeráid. Tá F1-TGM le seoladh in 2024 agus I2-TGM in 2025.
Is críoch agus tús é seoladh rathúil I1-TGM an tseachtain seo. Tá an tsatailít sin agus na braiteoirí a iompraíonn sí á bhforbairt le blianta fada, ón bpleanáil tosaigh go dtí dearadh agus déanamh a ionstraimí eolaíochta, ón tógáil agus tástáil fhairsing na satailíte agus na hullmhúcháin mhionsonraithe seolta. Chomhoibrigh na mílte duine chun I1-TGM a thabhairt chuig an gceap lainseála agus bheidís ag amharc go neirbhíseach de réir mar a thosaigh an comhaireamh síos Dé Máirt. Cé go gcuireann an lainseáil deireadh leis an gcéim forbartha sin, léiríonn sé gur tús ré nua i bhfaire na Cruinne atá ann, ina mbeidh eolaithe agus réamhaisnéiseoirí ag féachaint le hacmhainneacht na bhfoinsí nua faisnéise sin a bhaint amach agus na buntáistí dár sochaí a uasmhéadú.
An Dr Noel Fitzpatrick, Met Éireann

Soláthróidh Tríú Glúin Meteosat raon leathan breathnuithe chun tuiscint a fháil ar ár n-aimsir agus ar ár n-aeráid (EUMETSAT, 2022)
An Dr Noel Fitzpatrick, Met Éireann