Leanfaidh an aimsir fhliuch ag tús mhí Feabhra agus leanfaidh an baol tuilte san oirthear agus san oirdheisceart

 

Tar éis seachtaine de bháisteach leanúnach, tá go leor aibhneacha ag leibhéal a mbruacha nó os a gcionn. Tá ithreacha sáithithe nó leathbháite i go leor áiteanna ar fud na tíre, rud a mhéadaíonn an baol tuilleadh tuilte abhann agus tuilte de bharr uisce dromchla.
Meastar go mbeidh tuilte abhann agus tuilte de bharr uisce dromchla mar thoradh ar aon bháisteach bhreise sna laethanta amach romhainn, go háirithe i lár na tíre agus i gcontaetha an deiscirt, an oirdheiscirt, an oirthuaiscirt agus an oirthir. Meastar go rachaidh aibhneacha thar a mbruacha agus go bhféadfadh craobh-aibhneacha cuir thar bruach níos tapúla.
Táimid ag druidim freisin le tréimhse taoidí arda earraigh, agus beidh gaotha láidre ón gcósta ann, go háirithe feadh chóstaí an deiscirt agus an oirthir. Méadóidh sé seo an baol tuilte i gceantair chósta ísle.

An Scéal ar an Talamh

Ba bháisteach rialta agus imeachtaí báistí an-áitiúla is mó a bhí i gceist le mí Eanáir. Léiríonn an íomhá thíos na méideanna báistí os cionn an mheáin a taifeadadh ar fud na tíre le seacht lá anuas, agus na diallais is mó ón meán le sonrú sa deisceart agus san oirthear.

Fíor 1: Báisteach: Na seacht lá atá caite

Tar éis na báistí le déanaí, tá go leor aibhneacha ag leibhéal a mbruacha nó os a gcionn. Mar gheall ar an mbáisteach sin, i gcomhar le hithreacha sáithithe, tá ardú suntasach tagtha ar leibhéil na n-aibhneacha agus ar charnadh uisce dromchla, go háirithe san oirdheisceart agus san oirthear.

Fíor 2: An Scairdsruth ó Dé Luain go Dé Céadaoin.

Tá Scairdsruth láidir fós suite ó dheas dínn, rud atá ag coinneáil limistéar lagbhrú gar dár gcósta thiar theas. Mar thoradh air sin, beidh tréimhsí báistí ann i rith na seachtaine seo chugainn, agus is iad contaetha an deiscirt agus an oirthir is mó a bheidh síos leis.
Sroichfidh an bháisteach deisceart na tíre, ar fud Chúige Mumhan agus dheisceart Chúige Laighean, tráthnóna Dé Luain. Tá tuairimí bhall foirne ensemble Met Éireann d’aon tuairim den chuid is mó maidir leis na limistéir ina mbeidh an bháisteach, mar a fheictear thíos.

Fíor 3: Báisteach in aghaidh na huaire ó DINI EPS.

 

Ag féachaint níos géire ar chairteacha dóchúlachta DINI-EPS, is léir go bhfuil an dóchúlacht ag méadú go sárófar na tairseacha le haghaidh foláirimh bhuí sa deisceart agus san oirthear.

Fíor 4: Dóchúlachtaí charnadh báistí ó DINI EPS.

 

I bhfianaise na leibhéal arda sna haibhneacha agus na hithreach sáithithe sna ceantair seo, tá seans go mbeidh tuilleadh tuilte abhann ann. Tá foláirimh bhuí bháistí eisithe don Luan agus ag is amhlaidh a bheidh Dé Máirt, agus ceaptar go mbeidh tuilte áitiúla agus tuilte abhann san áireamh leo.
Tá na foláirimh is déanaí ó Met Éireann ar fáil faoi Fholáirimh agus Comhairlí anseo.
Méadóidh taoidí arda earraigh go luath an tseachtain seo chugainn, i gcomhar le gaotha láidre agus borradh stoirme, an baol go mbeidh scaileogú agus tuillte cósta feadh gach cósta, go háirithe i gceantair chósta ísle.
Cuirfidh leibhéil arda uisce feadh an chósta srian ar shileadh uisce ó aibhneacha agus méadóidh siad an baol tuilte i gceantair chósta ísle agus inbhir, go háirithe tráth na hardtaoide.

I rith fhormhór na seachtaine, meastar go mbeidh na gaotha ag séideadh ón deisceart go dtí an oirdheisceart, rud a chiallaíonn gaotha ón gcósta do chontaetha i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean. In éineacht leis na taoidí arda, cuirfidh sé seo leis na dálaí aimsire neamhfhabhracha.
Ag féachaint chun cinn don chuid eile den tseachtain, fanfaidh an lagbhrú i réim. Mar thoradh air sin, leanfaidh tréimhsí báistí sa deisceart agus san oirthear.
Meastar go dtitfidh níos mó ná dhá oiread, agus b’fhéidir trí oiread, an ghnáthmhéid báistí le linn na seachtaine seo chugainn.

 

Fíor 5: Réamh-mheastacháin ECMWF ar charnadh báistí

 

Ag féachaint níos mine ar réamhaisnéis ensemble ECMWF maidir le carnadh báistí, meastar go dtitfidh idir 30 mm agus 45 mm báistí ón Domhnach, an 1 Feabhra go dtí an Aoine, an 6 Feabhra.

Fíor 6: Meáncharnadh báistí ECMWF go dtí Dé hAoine, an 6 Feabhra

 

Cé go dtitfidh an bháisteach seo i dtréimhsí thar roinnt laethanta ag tosú tráthnóna Dé Luain, titfidh sí ar ithreacha atá an-sáithithe cheana féin.
Léiríonn an réamhaisnéis seo an toradh meánach, ach d’fhéadfadh na méideanna iarbhír a bheith beagán níos airde nó níos ísle.
Mar sin, agus an patrún aimsire athraitheach ag leanúint ar aghaidh, d’fhéadfadh aon bháisteach bhreise sna laethanta amach romhainn san oirthear, san oirdheisceart agus sa deisceart tuilleadh tuilte abhann a chruthú. Is iad na dobharcheantair a bhíonn faoi thionchar go luath agus na dobharcheantair sléibhtiúla is mó atá i mbaol.

 

Comhairle Sábháilteachta don Phobal

  • Coinnigh súil ar réamhaisnéisí Met Éireann mar d’fhéadfadh na coinníollacha athrú go tapa. Tabhair cuairt ar https://www.met.ie/ chun an t-eolas is déanaí a fháil. Tá eolas ar fáil freisin tríd an Aip Met Éireann, ar na meáin shóisialta (@meteireann) agus i bhfeasacháin Met Éireann.
  • Féach ar shuíomhanna gréasáin agus ar chainéil mheán sóisialta na n-údarás áitiúil chun eolas a fháil faoi dhúnadh bóithre, nuashonruithe maidir le tuilte agus foláirimh phobail.
  • Cuir moilleanna san áireamh agus tú ag taisteal. Cuir am breise ar leataobh don turas agus laghdaigh do luas.
  • Cuir uisce dromchla, smionagar agus droch-infheictheacht san áireamh agus tú ar an mbóthar.
  • Ná téigh thar chomharthaí Bóthar Dúnta – tá an bóthar amach romhat neamhshábháilte, d’fhéadfadh an damáiste a bheith i bhfolach faoin uisce, agus d’fhéadfá do bheatha a chur i mbaol.
  • Ná tiomáin trí uisce tuilte – cas ar ais agus bain úsáid as bealach eile.
  • Seiceáil le hOibreoirí Iompair agus tú ag pleanáil turais
  • Fan amach ó bhruacha abhann, sruthchúrsaí agus canálacha mar d’fhéadfadh leibhéil uisce ardú go tapa.
  • Coinnigh leanaí agus peataí amach ó uiscebhealaí agus ó limistéir faoi thuilte.
  • Fan amach ó imeall an chósta, ó chalafoirt, ó chéanna agus ó phromanáidí ísle le linn na hardtaoide.
  • Tá comhairle Gharda Cósta na hÉireann mar a bhí: “Fan Siar, Fan Ard, Fan Tirim.”
  • Déan cinnte go bhfuil comharsana, daoine scothaosta agus aon duine eile a bhféadfadh cúnamh a bheith ag teastáil uathu slán, go háirithe má théann na coinníollacha in olcas.
  • Tá an t-eolas is déanaí faoin bhfreagairt do Stoirm Chandra ar fáil ag https://www.gov.ie/en/department-of-the-taoiseach/news/storm-response/