Deireadh le teacht leis an tréimhse the le stoirmeacha toirní - an 8 Meán Fómhair 2021

Bhí an chéad leath den tseachtain seo te agus tirim ar fud na hÉireann, ach ní bheidh an dara leath den tseachtain chomh socair céanna ná chomh te céanna agus beidh baol stoirmeacha toirní ann.

Taifeadadh an teocht is airde an tseachtain seo – 28.3°C – i nDarú, Co. Laoise ar an Máirt, is é seo, go sealadach, an chéad uair ar taifeadadh teocht níos airde ná 28°C in Éirinn i mí Mheán Fómhair le 30 bliain anuas.  Ba é an 5 Meán Fómhair 1991 an uair dheireanach ar shroich an teocht 28°C – ar an lá sin taifeadadh teocht de 28.4°C i nDairbhre, Co. Chiarraí.  Níor taifeadadh teochtaí de 28°C nó níos airde ach trí huaire i mí Mheán Fómhair ó thosaigh Met Éireann ag coinneáil taifead digiteach sna 1960idí.

Bíonn an mheánteocht uasta in Éirinn i mí Mheán Fómhair cothrom le thart ar 17°C, agus bíonn an mheánteocht íosta cothrom le 9°C. Is é 29.1°C an teocht uasta a taifeadadh in Éirinn i mí Mheán Fómhair, teocht a taifeadadh ar an 1 Meán Fómhair i gCill Dara ar an Satharn, an 1 Mheán Fómhair 1906.

Thaifead thart ar 10 stáisiún aimsire ar fud na hÉireann teochtaí uasta, go sealadach, le haghaidh Mheán Fómhair ar an Máirt, lena n-áirítear Inis Arcáin, Clár Chlainne Mhuiris agus Aerfort na Sionainne.

 

Airmass Analysis chart from 00 UTC Sept 8th 2021

Cairt Anailíse Aermhaise ó 00 UTC an 8 Meán Fómhair 2021

Tá athrú le tabhairt faoi deara ar choinníollacha aimsire inniu, áfach, (Dé Céadaoin, an 8 Meán Fómhair) de réir mar a ghluaiseann aermhais nach bhfuil chomh te ná chomh cobhsaí céanna isteach in ionad na haermhaise te agus an ardbhrú.  Bhí an méid seo a leanas le rá ag Matthew Martin, meitéareolaí le Met Éireann: “Ba cheart go mbeimis ag súil le teochtaí de thart ar 20 Celsius i gceantair áirithe as seo go ceann roinnt laethanta, ach níos déanaí an tseachtain seo agus i rith an deireadh seachtaine, titfidh teochtaí go dtí idir 16 agus 19°C, sin teochtaí atá níos airde ná na meánteochtaí don am seo bliana.”

“Chomh maith leis sin, tá aermhais níos éagobhsaí ag bogadh isteach os cionn na tíre agus ciallóidh sé seo go mbeidh baol ceathanna troma agus stoirmeacha toirní ann an chuid eile den tseachtain, cé go mbaineann dúshlán leis na hamanna agus na háiteanna a dtarlóidh na stoirmeacha toirní.

“Cé go mb’fhéidir nach mbeidh na ceathanna troma agus na duartain thoirniúla le tabhairt faoi deara in go leor ceantar, áit a dtarlaíonn siad d’fhéadfaidís a bheith mar bhonn le tuilte i gceantair áitiúla agus cur isteach ar chúrsaí iompair.  Dá bhrí sin, táimid ag moladh do dhaoine súil a choinneáil ar an réamhaisnéis agus ar na rabhaidh is déanaí, agus ar ár radar ionas gur féidir leo súil a choinneáil ar fhorbairt na stoirmeacha toirní.”

Rabhadh buí stoirm thoirní don tír ar fad eisithe ag Met Éireann ó inniu go dtí lár Déardaoin, an 9ú lá, tráth a bhféadfadh ceathanna troma scaipthe agus stoirmeacha toirní a bheidh mar bhonn le tuilte i gceantair áitiúla.  Tá rabhadh maidir le stoirmeacha toirní eisithe ag an Met Office le haghaidh Thuaisceart Éireann ar an Déardaoin.

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Matthew faoin réamhaisnéis don deireadh seachtaine freisin: “I láthair na huaire, is cosúil go mbeidh meascán de thréimhsí gréine agus ceathanna scaipthe ar an Satharn agus ar an Domhnach, cé nach bhfuilimid ag súil leis go mbeidh na ceathanna seo chomh trom agus a bheidh as seo go ceann cúpla lá.”

“Tá fianaise ann go mbeidh tréimhsí ardbhrú ann arís an tseachtain seo chugainn a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le tréimhsí níos socra, ach tá roinnt mhaith éiginnteachta fós ann maidir leis an réamhaisnéis ag an tráth seo.”


Beag beann ar an gcineál aimsire a bheidh ann, lean an chomhairle sláinte poiblí agus cabhraigh le gach duine a choinneáil sábháilte ó COVID-19.

Má theastaíonn an réamhaisnéis 7-lá, gach uair an chloig is beaichte agus is cothroime le dáta uait le haghaidh do cheantair áitiúil ar Oileán na hÉireann tabhair cuairt ar met.ie. Tá na treoracha agus na rabhaidh aimsire is déanaí d’Éirinn le fáil ar leathanach Rabhaidh Met Éireann. Tá na seirbhísí seo agus tuilleadh seirbhísí nach iad le fáil ar ár n-aip saor in aisce – atá ar fáil ar an App store le haghaidh an iPhone, agus ar an Play store le haghaidh Android. Leann muid ar  Twitter agus Facebook má theastaíonn eolas breise uait maidir le cúrsaí aimsire agus aeráide.