Alternative low-bandwidth version Skip to main content

Éireoidh sé níos teo agus níos socra an deireadh seachtaine seo - an 27 Bealtaine 2021

I ndiaidh mhí Bhealtaine sách fuar, ardóidh na teochtaí an deireadh seachtaine seo chomh fada leis na déaga arda agus b’fhéidir na 20idí ísle Celsius in áiteanna.

Bhí na teochtaí laethúla ar fud na hÉireann faoin meán go dtí seo an mhí seo, agus taifeadadh teochtaí a bhí 2°C faoi bhun mheánteochtaí mhí na Bealtaine in go leor stáisiún.  I dtreo an deireadh seachtaine, áfach, bainfidh formhór na hÉireann tairbhe as tréimhse aimsire níos socra agus níos teo idir sin agus deireadh na míosa.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Aoife Kealy, meitéareolaí le Met Éireann: “Cé go bhfuil aimsir fhliuch i gceantair áirithe sa deisceart & san iarthar inniu (Déardaoin an 27ú lá), beidh lá tirim agus geall i dtuaisceart agus in oirthear na tíre den chuid is mó, ainneoin go mbeidh báisteach ag titim i gcaitheamh an tráthnóna agus níos déanaí sa lá.  Glanfaidh an córas seo de réir a chéile ar an Aoine, agus beidh tionchar tréimhse ardbhrú le brath i rith an deireadh seachtaine.

“Chomh maith leis sin, beidh na gaotha ag séideadh ón deisceart a bheidh mar bhonn le haer níos teo a thabhairt inár dtreo agus beidh sé seo, agus an ghrian láidir an t-am seo den bhliain, mar bhonn le teochtaí níos airde agus sna déaga arda agus sna fichidí ísle Celsius in áiteanna.”

Ba í an teocht ab airde a taifeadadh i mbliana, 21.2° Celsius, teocht a taifeadadh ar an 1 Aibreán ar Dhairbhre, Ciarraí.  Ó tharla aimsir níos teo a bheith romhainn i rith an deireadh seachtaine, d’fhéadfadh go mbeadh na teochtaí gar dó sin, go háirithe ar an Domhnach.

 

Cairt brú dromchla, Dé Sathairn, an 29 Bealtaine, ar a léirítear réimse ardbhrú ar fud na hÉireann

Beidh sé scamallach maidin Dé Sathairn agus beidh ceobhrán in áiteanna san iarthar agus ar chósta an oirthuaiscirt. Glanfaidh na scamaill i rith an tráthnóna agus beidh tréimhsí gréine ann agus beidh sé tirim seachas corr mhúr anois is anois. Beidh na teochtaí idir 16 agus 19 Celsius, b’fhéidir 20 Celsius fiú i gceantair san oirthear ina mbeidh an méid is mó gréine.

Lá te agus tirim den chuid is mó a bheidh ann ar an Domhnach agus beidh tréimhsí gréine le tabhairt faoi deara in go leor áiteanna, agus beidh na teochtaí idir 17 agus 21 Celsius.  Táthar ag súil leis na teochtaí is airde i lár agus in oirthear na tíre áit a mbeidh an méid is mó solas na gréine, agus beidh níos mó scamall sa spéir san iarthar agus san iardheisceart agus ní bheidh na teochtaí baileach chomh hard.

Beidh na leibhéil UV idir measartha agus ard i rith an deireadh seachtaine, go háirithe nuair a bhíonn solas na gréine láidir.  Is féidir leat súil a choinneáil ar an innéacs UV le haghaidh do réigiúin féin anseo agus ná déan dearmad aire a thabhairt duit féin nuair a bhíonn tú amuigh faoin ngrian.

Ar an Luan, beidh báisteach agus ceobhrán ag brú soir trasna na tíre, rud a bheidh mar bhonn le lá níos fuaire agus níos scamallaí agus teochtaí idir 13 agus 17 céim. Ba cheart go mbeadh sé tirim agus te i gceantair san oirthear agus san oirdheisceart agus go mbeadh tréimhsí gréine ann agus go mbeadh na teochtaí idir 18 nó 19 céim. Ina dhiaidh sin, ní féidir linn a bheith chomh cinnte faoin tseachtain seo chugainn ach ón bhfianaise atá againn táimid ag súil go mbeidh sé te agus go mbeidh tréimhsí gréine ann, cé go mbeidh tréimhsí báistí le tabhairt faoi deara i gceantair áirithe uaireanta freisin.


Beag beann ar an gcineál aimsire a bheidh ann, lean an chomhairle sláinte poiblí agus cabhraigh le gach duine a choinneáil sábháilte ó COVID-19.

Má theastaíonn an réamhaisnéis 7-lá, gach uair an chloig is beaichte agus is cothroime le dáta uait le haghaidh do cheantair áitiúil ar Oileán na hÉireann tabhair cuairt ar met.ie. Tá na treoracha agus na rabhaidh aimsire is déanaí d’Éirinn le fáil ar leathanach Rabhaidh Met Éireann. Tá na seirbhísí seo agus tuilleadh seirbhísí nach iad le fáil ar ár n-aip saor in aisce – atá ar fáil ar an App store le haghaidh an iPhone, agus ar an Play store le haghaidh Android. Leann muid ar  Twitter agus Facebook má theastaíonn eolas breise uait maidir le cúrsaí aimsire agus aeráide.

You are here: