Stoirm Chandra le Tionchar a Imirt ar Chontaetha an Oirthir agus an Deiscirt Dé Máirt, an 27 Eanáir 2026

Nuashonraithe 26 Eanáir ag 19:45 agus i bhfeidhm go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

Tabharfaidh córas lagbhrú, ar thug Oifig Aimsire na Ríochta Aontaithe an t-ainm Stoirm Chandra air, gaotha láidre agus báisteach throm go hÉirinn ó oíche Dé Luain, an 26 Eanáir, agus i rith Dé Máirt, an 27 Eanáir.

Deir an meitéareolaí Rebecca Cantwell:
“Is córas lagbhrú é Stoirm Chandra a rachaidh ó dheas go tuaisceart trasna na tíre oíche Dé Luain agus Dé Máirt, agus tabharfaidh sí aimsir fhliuch agus ghaofar léi. Beidh tréimhsí de bháisteach throm ann in éineacht le gaotha láidre, go háirithe feadh an chósta. Glanfaidh sí ó thuaidh de réir a chéile níos déanaí Dé Máirt.

I bhfianaise na tréimhse aimsire athraithí atá againn le tamall anuas, titfidh an bháisteach seo ar ithreacha atá sáithithe cheana féin. Ina theannta sin, tá go leor aibhneacha ag druidim le leibhéal a mbruacha nó os a chionn, agus mar sin táimid ag súil le tuilte áitiúla agus tuilte abhann dá bharr. Tá foláirimh bhuí bháistí eisithe againn do chontaetha san oirdheisceart, áit a bhfuiltear ag súil go mbeidh tionchar is mó ag an mbáisteach.
Beidh gaotha láidre agus séideáin láidre ag gabháil leis an mbáisteach freisin, go háirithe i gceantair chósta, agus dá bhrí sin tá foláireamh buí gaoithe eisithe don tír ar fad.”
Lean Rebecca uirthi:

Mar gheall ar an tionchar comhcheangailte a bheidh ag an ngaoth agus ag an mbáisteach, beidh coinníollacha taistil deacra ann le linn thréimhse bailíochta na bhfoláireamh, agus molaimid do dhaoine é sin a chur san áireamh agus iad amuigh. Beidh na gaotha is láidre le brath gar don chósta agus i gceantair sceirdiúla, áit a bhféadfadh scaileogú a bheith. Dá bhrí sin, athdhearbhaímid comhairle shean-aitheanta Gharda Cósta na hÉireann: “Fan Siar, Fan Ard, Fan Tirim”. Mar achoimre, fan amach ó aibhneacha, lochanna agus ón gcósta, seachain bóithre faoi thuilte, agus lean an chomhairle is déanaí ó d’údarás áitiúil agus ó na húdaráis bhóthair.”

AN SCÉAL MEITÉAREOLAÍOCH

Mar thoradh ar ráig den aer fuar thar Mheiriceá Thuaidh, neartóidh Scairdsruth láidir polaigh an córas seo go tapa ó dheas d’Éirinn, i limistéar imeachta clé an Scairdsrutha. Rachaidh an stoirm i ngar don chósta theas i rith na hoíche sula ngluaisfidh sí ó thuaidh trasna na hÉireann Dé Máirt.

Fíor 1: Teocht féideartha fhliuchbholgáin

Ar dtús, bogfaidh banda báistí leanúnaí aníos ón oirdheisceart, a mbeidh báisteach fhorleathan mar gheall air. Meastar go mbuailfidh an córas le mais aeir mheasartha fhuar agus é ag gluaiseacht ó thuaidh, rud a chruthóidh an fhéidearthacht go mbeidh frasaíocht mheasctha ann, agus seans go dtitfidh flichshneachta ar thalamh ard sa tuaisceart agus san iarthuaisceart ar maidin. Glanfaidh an bháisteach seo ó thuaidh agus ina diaidh sin beidh tréimhse ghearr níos tirime agus níos gile ann, sula gcasaidh an córas céanna ar ais agus sula dtabharfaidh sé tuilleadh tréimhsí báistí trasna na tíre. Beidh aimsir fhliuch agus ghaofar i ngach ceantar, agus meastar gurb iad contaetha an deiscirt agus an oirthir a gheobhaidh na méideanna is mó báistí.

Fíor 2: Réamhaisnéis reatha samhail DINI ar an mbáisteach tráth foilsithe, Dé Luain, an 26 Eanáir, faoi réir athraithe.

RABHAIDH AGUS TIONCHAIR: Tá na foláirimh seo a leanas eisithe ag Met Éireann (amhail an 26 Eanáir tráth an fhoilsithe):

Tá Foláireamh Buí Báistí i bhfeidhm do chontaetha an oirdheiscirt, áit a bhfuiltear ag súil le báisteach throm agus leanúnach ar ithreacha atá sáithithe cheana féin, agus go leor aibhneacha ag druidim le leibhéal a mbruacha tar éis tréimhse d’aimsir fhliuch agus athraitheach.

I measc na dtionchar féideartha tá:

  • Tuilte áitiúla cósta, tuilte de bharr uisce dromchla agus tuilte abhann,
    • Tar éis na báistí le déanaí, tá go leor aibhneacha ag druidim le leibhéal a mbruacha nó os a chionn. Is dócha go mbeidh tuilte abhann mar thoradh ar an mbáisteach throm atá tuartha, go háirithe i ndobharcheantair atá i mbaol tuilte. Laghdóidh ithreacha báite in uisce an méid uisce a shíolraíonn isteach sa talamh agus méadóidh siad sreabhadh uisce ar dhromchla na talún.
    • D’fhéadfadh aibhneacha móra dul thar a mbruacha, agus d’fhéadfadh aibhneacha beaga agus sruthanna a bheidh faoi thionchair níos tapúla agus cuir thar bruach níos luaithe. D’fhéadfadh go mbeadh uisce thar bruach ar thuilemhánna, ar thalamh talmhaíochta agus ar bhóithre ísle dár thoradh seo.
    • Leanfaidh an baol tuilte ón gCéadaoin go Déardaoin mar gheall ar an mbáisteach leanúnach atá tuartha agus ar an draenáil mhall ó ithreacha sáithithe.
    • D’fhéadfadh gaotha láidre ón gcósta agus tonnta arda scaileogú tonnta agus tuilte a chruthú i gceantair chósta ísle.
  • Dálaí taistil deacra
  • Drochléargas
  • Cur isteach ar ócáidí taobh amuigh

Tá Foláireamh Buí Gaoithe i bhfeidhm ar fud na tíre mar gheall ar na gaotha láidre agus na séideáin láidre a bhaineann le Stoirm Chandra, agus beidh na gaotha is láidre le brath feadh an chósta agus i gceantair sceirdiúla.
I measc na dtionchar féideartha tá:

  • Coinníollacha contúirteacha taistil
  • Scaileogú
  • Cur isteach ar ócáidí taobh amuigh

D’fhéadfaí na rabhaidh a nuashonrú de réir mar a dhéanfar anailís ar rithí nua na samhlacha agus de réir mar a mhéadóidh an chinnteacht. Chun na sonraí is déanaí faoi na rabhaidh a fháil, féach ar Rabhaidh & Comhairle – Met Éireann – Seirbhís Náisiúnta Mheitéareolaíochta na hÉireann

CONAS FANACHT SLÁN LE LINN DROCHAIMSIRE – BÍ RÉIDH DON GHEIMHREADH

Bí ar an eolas & déan pleanáil roimh ré:

  • Coinnigh suas chun dáta leis an réamhaisnéis agus leis na foláirimh do do chontae ar met.ie, ar aip Met Éireann nó ar chainéil shóisialta Met Éireann (@meteireann).
  • Coinnigh súil ar shuíomhanna gréasáin agus ar chainéil shóisialta d’údaráis áitiúla agus d’eagraíochtaí bainistíochta éigeandála (amhail Garda Cósta na hÉireann, An Garda Síochána agus eile) chun eolas a fháil faoi dhúnadh bóithre, faoi nuashonruithe tuilte agus faoi fhógraí pobail.
  • Cuir san áireamh cur isteach féideartha ar thaisteal le linn bhuaicthréimhsí comaitéireachta maidin agus tráthnóna Dé Máirt.
  • Cuir am breise ar leataobh don turas agus laghdaigh do luas.
  • Cuir uisce dromchla, smionagar agus droch-infheictheacht san áireamh agus tú ar an mbóthar
  • Déan cinnte go bhfuil comharsana, daoine scothaosta agus aon duine eile a bhféadfadh cúnamh a bheith ag teastáil uathu slán, go háirithe má théann na coinníollacha in olcas.

Is teagmhas ilghuaiseach é seo – bí ar an airdeall faoin mbaol méadaithe tuilte agus faoi ghaotha láidre:

  • Is dócha go mbeidh scaileogú i gceantair chósta, go háirithe in áiteanna ísle.
  • Fan amach ó imeall an chósta, ó chalafoirt, ó chéanna agus ó phromanáidí ísle le linn na hardtaoide. Tá comhairle Gharda Cósta na hÉireann mar a bhí: “Fan Siar, Fan Ard, Fan Tirim.”
  • Fan amach ó bhruacha aibhneacha, sruthchúrsaí agus canálacha mar d’fhéadfadh leibhéil uisce ardú go tapa.
  • Coinnigh leanaí agus peataí amach ó uiscebhealaí agus ó limistéir faoi thuilte.
  • Ná déan iarracht siúl, rothaíocht ná tiomáint trí limistéir faoi thuilte – cas ar ais agus bain úsáid as bealach eile.
  • Cuimhnigh: D’fhéadfadh is a laghad le 150mm d’uisce atá ag sreabhadh go tapa tú a chur de do chosa, agus is féidir le 300mm d’uisce atá ag sreabhadh go tapa formhór na gcarranna a bhrú den bhóthar.
  • Cinntigh go bhfuil do ghuthán póca lánluchtaithe chun cumarsáid a éascú roimh an teagmhas, agus coinnigh uimhreacha éigeandála áitiúla i do ghuthán.
  • Bí cúramach ar bhóithre agus droichid sceirdiúla.
  • Bí ag faire amach do bhrainsí tite agus smionagar.
  • Cuir am breise san áireamh do do thuras, agus má tá feithicil ard á tiomáint agat, bí ag súil le codanna sceirdiúla den bhóthar ina mbeidh na gaotha níos láidre.
  • Daingnigh earraí scaoilte lasmuigh roimh na gaotha láidre.
  • Tá Líonraí BSL ag cur béime ar an mbaol a bhaineann le sreanga leictreachais beo atá tite agus molann sé don phobal agus do na seirbhísí éigeandála fanacht glan uathu agus aon scéal dá leithéid a thuairisciú dó láithreach. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Éigeandála BSL ag 1800 372 999.
  • Is féidir leis an bpobal monatóireacht a dhéanamh ar PowerCheck.ie chun eolas a fháil faoi amanna athsholáthair an tsoláthair leictreachais.
  • Coinnigh soláthar beag bia, uisce agus leigheas sa bhaile ar fhaitíos nach mbeidh sé sábháilte dul amach.
  • Is féidir le Custaiméirí Uisce Éireann a suíomh gréasáin agus a gcainéil ar na meáin shóisialta a sheiceáil agus teagmháil a dhéanamh leo le ceist nó ábhar imní ar bith trína n-ionad cúraim custaiméirí 24/7 ag 1800 278 278. Is féidir leis an bpobal síniú suas ar líne le córas fógra téacs saor in aisce a fháil, chun nuashonruithe rialta a fháil maidir lena soláthairtí áitiúla – féach water.ie.”
  • ‘Bí réidh don Gheimhreadh’: Lean na moltaí roimh an teagmhas, lena linn, agus ina dhiaidh ag gov.ie – Bí Réidh don Gheimhreadh

TABHAIR FAOI DEARA: Is dócha go ndéanfar na foláirimh a nuashonrú. Coinnigh suas chun dáta le cuntais meán sóisialta Met Éireann, www.met.ie agus aip Met Éireann chun fanacht cothrom le dáta leis an réamhaisnéis agus le haon nuashonruithe ar rabhaidh.

Is féidir le ham agus suíomh imeachtaí aimsire foircneacha tionchar suntasach a imirt ar na hiarmhairtí a bheidh acu. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, in aon imeacht aimsire ar leith, nach mbeidh an leibhéal céanna aimsire ag gach láthair laistigh de limistéar rabhaidh.

Nuair atá droch aimsir geallta, tá níos mó seans ann go mbeidh aimsir agus tionchar na haimsire ag na leibhéil ísle le feiceáil freisin. Is féidir leis na dálaí aimsire roimhe seo cur isteach go láidir ar chineál agus leibhéal na dtionchar. Cuireann Met Éireann san áireamh na dálaí agus na tairseacha réamhaisnéise chomh maith le dálaí aimsire roimhe seo a d’fhéadfadh cur leis an leibhéal tionchair a bhfuiltear ag súil leis i gceantair áirithe agus rabhadh á eisiúint.

WHY AND HOW ARE STORMS NAMED?

Storms are named when they could cause ‘medium’ or ‘high’ impacts in one of the three partner countries. This enables consistent, authoritative messaging to the public and other stakeholders to help them to prepare for and stay safe during potentially severe weather events.

Since 2015, Met Éireann and the UK Met Office have been working together on the naming programme and were joined by the Netherlands’ KNMI in 2019, to form the ‘western group’ of European weather services.

When a storm is forecast, the national weather service that expects the biggest impact from the severe weather to hit its region, or is likely to be first affected by it, names the storm. Storm naming happens in conjunction with orange/red weather warnings, which could be for wind, rain or snow, or a combination of these conditions. Those warnings are, in turn, issued based on a combination of numerical thresholds and the potential impacts foreseen.

 

Ainmneacha Stoirme

Sheol Met Éireann, i gcomhpháirt le Seirbhísí Meitéareolaíochta Náisiúnta na Ríochta Aontaithe (Oifig Met) agus an Ísiltír (KNMI), liosta na n-ainmneacha nua do ’shéasúr stoirme’ 2025/26, a thosóidh inniu agus a leanfaidh go dtí an 31 st Lúnasa 2026. I mbliana, thug na trí sheirbhís mheitéareolaíochta cuireadh don phobal ainmneacha a mholadh.
As an liosta de 21 ainm, chuir gach ceann de na trí chomhpháirtí náisiúnta seacht n-ainm ar fáil. D’iarr Met Éireann ar mhuintir na hÉireann a rogha ainmneacha a chur isteach trí fheachtas ar na meáin shóisialta. Fuarthas níos mó ná 10,000 ainm ó 4,137 duine den phobal.

Seo a leanas an liosta iomlán d’ainmneacha shéasúr 2025/26 Amy, Bram, Chandra, Dave, Eddie, Fionnuala, Gerard, Hannah, Isla, Janna, Kasia, Lilith, Marty, Nico, Oscar, Patrick, Ruby, Stevie, Tadhg, Violet, Wubbo.

Fíor 3– Ainmneacha Stoirme 2025/26 (Tá na hainmneacha a roghnaigh Met Éireann i gcló trom. Níl na litreacha Q, U, X, Y, Z san áireamh, tá sé seo ag teacht le gnás ainmnithe Lárionad Náisiúnta Hairicín na SA).

STOIRMEACHA MHÍ EANÁIR IN ÉIRINN

Is cuid ghnáth den aeráid in Éirinn iad stoirmeacha mhí Eanáir, agus is minic a bhíonn an tionchar is mó ag conair stoirme an Atlantaigh ag an am seo den bhliain. Mar thoradh air sin, feictear tréimhsí báistí forleathana, gaotha láidre go gaoth fórsa gála, farraigí an-gharbh, scaileogú, agus baol méadaithe tuilte nuair a bhíonn ithreacha agus aibhneacha ag leibhéal a mbruacha cheana féin. Ní rud neamhghnách é go mbíonn scairdsruth láidir ann i mí Eanáir, is amhlaidh go mbíonn. Faoi láthair, tá an scairdsruth suite ó dheas d’Éirinn seachas ó thuaidh.

Ó cuireadh tús leis an scéim ainmniúcháin stoirme, ní raibh aon stoirm i mí Eanáir i dtrí cinn de na haon séasúr déag stoirme (2017, 2019 agus 2023).

Taispeánann an taifead stairiúil an raon ó chur isteach go himeachtaí an-mhóra: Bhí Oíche na Gaoithe Móire ar 6-7 Eanáir 1839 thart ar 187 bliain ó shin, bhí an stoirm mhór ghaoithe ar 5 Eanáir 1991 thart ar 35 bliain ó shin, bhí Stoirm Fhíochmhar Isha ar 21 Eanáir 2024 beagán os cionn 2 bhliain ó shin, agus bhí Éowyn de neart hairicín ar 24 Eanáir 2025 beagán os cionn bliain ó shin, rud a léiríonn, cé go mbítear ag súil le stoirmeacha i mí Eanáir, go mbíonn na himeachtaí suntasacha níos annamha agus go mbíonn cuimhne orthu ar feadh blianta fada.

  • 2024/25: Éowyn 24-Eanáir: gaoth, báisteach laethúil is airde (achoimre): 28.5 mm
  • 2023/24: Henk (Leoithne láidir, 2 Eanáir)
  • Isha (Stoirm fhíochmhar 21 Eanáir) : gaoth, báisteach laethúil is airde: 36.2 mm
  • Jocelyn (Fórsa stoirme 23 Eanáir): gaoth, báisteach laethúil is airde: 19.2 mm
  • 2021/22: Corrie (Fórsa Gála 30 Eanáir – Malik (Fórsa Gála, 29 Eanáir)
  • 2020/21: Christoph (Gar do ghaoth ghála 21 Eanáir)
  • 2019/20: Brendan (Fórsa stoirme 13 Eanáir): gaoth, báisteach laethúil is airde: 34.0 mm
  • 2017/18: Eleanor (Stoirm fhíochmhar 2 Eanáir) : gaoth, báisteach laethúil is airde: 38.2 mm
  • Fionn (Fórsa stoirme 16 Eanáir) gaoth, báisteach laethúil is airde: 37.8 mm
    David (17 Eanáir)
  • Georgina (Fórsa Gála 23 Eanáir): báisteach laethúil is airde: 42.0 mm
  • 2015/16: Gertrude (Fórsa Stoirme 29 Eanáir) báisteach laethúil is airde: 65.9 mm

Achoimre ar Shéasúir Stoirme atá caite

Sa séasúr 2024/25, bhí sé stoirm ainmnithe a raibh tionchar acu ar an limistéar, Ashley (Deireadh Fómhair 2024), Bert, Conall, Darragh, Éowyn, agus Floris (Lúnasa 2025). D’ainmnigh Grúpa Iarthar na hEorpa de Sheirbhísí Náisiúnta Meitéareolaíochta, ina bhfuil Met Éireann, Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe agus KNMI, na stoirmeacha sin uile.

  • Ba é 2023/24 an séasúr inar taifeadadh an líon ba mhó stoirmeacha ainmnithe a raibh tionchar acu ar Éirinn, agus 14 stoirm i gceist. D’ainmnigh Grúpa Iardheisceart na hEorpa (an Fhrainc, an Phortaingéil agus an Spáinn) dhá cheann de na stoirmeacha seo, Elisa agus Geraldine.
  • Ba é 2022/23 an séasúr leis an líon ba lú stoirmeacha ainmnithe a raibh tionchar acu ar Éirinn ó cuireadh tús leis an tionscnamh, le ceithre stoirmeacha.
  • Ar an meán, bíonn thart ar ocht stoirmeacha ainmnithe ann gach séasúr ó tugadh isteach an córas ainmniúcháin in 2015.
  • Ba é 2015/16 an séasúr leis an líon ba mhó stoirmeacha fós ag sroicheadh Fórsa Stoirme 10, nuair a tugadh faoi deara luasanna gaoithe marthanacha Fórsa Stoirme 10 nó níos mó ag stáisiúin chósta ar naoi gcinn de na haon stoirm déag ainmnithe.
  • Shroich ceithre cinn de na sé stoirmeacha ainmnithe luasanna gaoithe marthanacha de Fhórsa Stoirme 10 nó níos airde in Éirinn sa séasúr 2024/25:

– Ashley Dé Domhnaigh, 20 Deireadh Fómhair 2024, le séideáin suas le 137 km/u (Fórsa Stoirme).
– Bert Dé Sathairn, 23 Samhain 2024, le séideáin suas le 115 km/u (Fórsa Stoirme).
– Darragh ar Aoine 6 Nollaig 2024, le séideáin suas le 141 km/u (Fórsa Stoirme Tréan).
– Éowyn ar Aoine 24 Eanáir 2025, le séideáin suas le 184 km/u (Fórsa Hairicín).

  • Roimh Stoirm Éowyn, ba le linn Stoirm Darwin, ar an gCéadaoin, an 12 Feabhra 2014, a taifeadadh gaotha d’Fhórsa Hairicín ar thalamh in Éirinn den uair dheireanach, nuair a shroich na séideáin 159 km/u.
  • Le linn Stoirm Éowyn, taifeadadh séideán 184 km/u ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe, ar an 24 Eanáir 2025. Is é seo, go sealadach, an séideán gaoithe is láidre a taifeadadh riamh in Éirinn, agus sáraíonn sé an taifead roimhe sin de 182 km/u, a taifeadadh i bhFaing, Co. Luimnigh, sa bhliain 1945.

For more information on storm names and past storms, see Storm Centre and Major Weather Events.