Tréimhse fhuar agus muid ag druidim leis an nGeimhreadh Meitéareolaíoch
Tosóidh an geimhreadh meitéareolaíoch Dé hAoine 1 Nollaig. Agus an dáta sin ag druidim linn, bunófar aershreabh ó thuaidh ar fud na hÉireann, a mbeidh dálaí i bhfad níos fuaire mar thoradh air, agus sioc forleathan ann agus roinnt oighir ag forbairt gach oíche. Beidh ceathanna ó am go chéile tríd an tseachtain freisin, a d’fhéadfadh a bheith geimhriúil, ach beidh na ceathanna sin éadrom go leor agus carnadh báistí fíorbheag ann.
Cé chomh fuar is a bheidh sé?
Mhínigh meitéareolaí Met Éireann Aoife Kealy, “Beidh aermhais Artach ag sleamhnú síos tharainn an tseachtain seo, rud a fhágann go mbeidh dálaí i bhfad níos fuaire ann ná mar a bhí againn le déanaí. Is ar éigean go n-éireoidh teochtaí i rith an lae os cionn 5 chéim, go háirithe ón gCéadaoin ar aghaidh. Beidh teochtaí oíche gar don reophointe, nó faoi, i rith na seachtaine freisin i gcaoi is go mbeidh sioc forleathan agus roinnt oighir ann. Anuas air sin, fágfaidh gaotha éadroma go dtiocfaidh ceo thar oíche, agus é ag éirí tiubh in áiteanna. Is go mall a ghlanfaidh aon sioc, oighear agus ceo ar maidin, agus beidh sé deacair taisteal in amanna. Mar sin, beidh gá le cúram breise ar na bóithre.”
An mbeidh sé fliuch nó tirim?
Cé go mbeidh sé fuar, beidh an tseachtain tirim den chuid is mó le roinnt tréimhsí géine. Is minic a bheidh brú ard gar d’Éirinn tríd an tréimhse, rud a fhágann go mbeidh dálaí socra go ginearálta, agus go gcuirfear cosc ar aon bháisteach shuntasach.
Lean Aoife ar aghaidh “D’fhéadfadh paistí báistí a bheith ann ó dheas oíche Dé Céadaoin, agus beidh cúpla cith ann uaireanta, go háirithe sa tuaisceart agus san oirthear, ach beidh na ceathanna sin éadrom. Mar sin, tríd is tríd beidh neart aimsire tirime ann.”
Agus an mbeidh sneachta ann?
Dúirt Aoife, “Mar gheall ar na dálaí fuara Déardaoin agus Dé hAoine, is féidir go luífeadh roinnt ceathanna chun cloch sneachta nó flichshneachta, agus seans go mbeidh sneachta éigin ann, go háirithe thar thalamh níos airde. Ach fiú nuair a éireoidh na ceathanna geimhriúil, beidh carnadh an-bheag ann.” Cá fhad a mhairfidh an tréimhse fhuar?
Méadaíonn an éiginnteacht ón deireadh seachtaine ar aghaidh. Tugann na comharthaí reatha le fios go bhfanfaidh na dálaí níos fuaire ná an meán agus ceathanna breise ann, ag éirí geimhriúil in amanna. Mar sin féin, d’fhéadfadh roinnt tréimhsí báistí níos faide a bheith ann má thrasnaíonn aer níos séimhe sinn ón deisceart.
Don réamhaisnéis is cruinne agus is cothroime le dáta do do cheantar, tabhair cuairt ar www.met.ie.
Chun comhairle a fháil maidir le hullmhú d’aimsir gheimhridh, tabhair cuairt ar www.winterready.ie.
Tréimhse fhuar agus muid ag druidim leis an nGeimhreadh Meitéareolaíoch
Tosóidh an geimhreadh meitéareolaíoch Dé hAoine 1 Nollaig. Agus an dáta sin ag druidim linn, bunófar aershreabh ó thuaidh ar fud na hÉireann, a mbeidh dálaí i bhfad níos fuaire mar thoradh air, agus sioc forleathan ann agus roinnt oighir ag forbairt gach oíche. Beidh ceathanna ó am go chéile tríd an tseachtain freisin, a d’fhéadfadh a bheith geimhriúil, ach beidh na ceathanna sin éadrom go leor agus carnadh báistí fíorbheag ann.
Cé chomh fuar is a bheidh sé?
Mhínigh meitéareolaí Met Éireann Aoife Kealy, “Beidh aermhais Artach ag sleamhnú síos tharainn an tseachtain seo, rud a fhágann go mbeidh dálaí i bhfad níos fuaire ann ná mar a bhí againn le déanaí. Is ar éigean go n-éireoidh teochtaí i rith an lae os cionn 5 chéim, go háirithe ón gCéadaoin ar aghaidh. Beidh teochtaí oíche gar don reophointe, nó faoi, i rith na seachtaine freisin i gcaoi is go mbeidh sioc forleathan agus roinnt oighir ann. Anuas air sin, fágfaidh gaotha éadroma go dtiocfaidh ceo thar oíche, agus é ag éirí tiubh in áiteanna. Is go mall a ghlanfaidh aon sioc, oighear agus ceo ar maidin, agus beidh sé deacair taisteal in amanna. Mar sin, beidh gá le cúram breise ar na bóithre.”
An mbeidh sé fliuch nó tirim?
Cé go mbeidh sé fuar, beidh an tseachtain tirim den chuid is mó le roinnt tréimhsí géine. Is minic a bheidh brú ard gar d’Éirinn tríd an tréimhse, rud a fhágann go mbeidh dálaí socra go ginearálta, agus go gcuirfear cosc ar aon bháisteach shuntasach.
Lean Aoife ar aghaidh “D’fhéadfadh paistí báistí a bheith ann ó dheas oíche Dé Céadaoin, agus beidh cúpla cith ann uaireanta, go háirithe sa tuaisceart agus san oirthear, ach beidh na ceathanna sin éadrom. Mar sin, tríd is tríd beidh neart aimsire tirime ann.”
Agus an mbeidh sneachta ann?
Dúirt Aoife, “Mar gheall ar na dálaí fuara Déardaoin agus Dé hAoine, is féidir go luífeadh roinnt ceathanna chun cloch sneachta nó flichshneachta, agus seans go mbeidh sneachta éigin ann, go háirithe thar thalamh níos airde. Ach fiú nuair a éireoidh na ceathanna geimhriúil, beidh carnadh an-bheag ann.”
Cá fhad a mhairfidh an tréimhse fhuar?
Méadaíonn an éiginnteacht ón deireadh seachtaine ar aghaidh. Tugann na comharthaí reatha le fios go bhfanfaidh na dálaí níos fuaire ná an meán agus ceathanna breise ann, ag éirí geimhriúil in amanna. Mar sin féin, d’fhéadfadh roinnt tréimhsí báistí níos faide a bheith ann má thrasnaíonn aer níos séimhe sinn ón deisceart.
Don réamhaisnéis is cruinne agus is cothroime le dáta do do cheantar, tabhair cuairt ar www.met.ie.
Chun comhairle a fháil maidir le hullmhú d’aimsir gheimhridh, tabhair cuairt ar www.winterready.ie.
eisithe: 1600u Dé Luain 27 Samhain 2023
Eolas Fúinn