Alternative low-bandwidth version Skip to main content

Tús tirim leis an tseachtain – an 6 Meán Fómhair 2021

Inniu (Dé Luain, an 6ú lá) agus amárach ardóidh na teochtaí ó na 20idí ísle go dtí lár na 20idí ar fud na hÉireann, agus ní bheidh sé chomh te céanna ón gCéadaoin ar aghaidh.

Beidh réimse lagbhrú ar an taobh thiar den Spáinn mar bhonn le haer an-te ó thuaisceart na hAfraice a thabhairt chomh fada le hÉirinn, rud a bheidh mar bhonn le teochtaí os cionn an mheáin i rith mhí Mheán Fómhair.  I lár an tsamhraidh bheadh an cineál aermhaise seo mar bhonn le teochtaí níos airde ná 30 Celsius i gcodanna d’Éirinn, ach ó tharla go bhfuilimid ag druidim i dtreo chónocht an fhómhair agus go bhfuil na laethanta níos giorra – níl an oiread céanna ama ann le haghaidh bailiú teasa.

 

Airmass Analysis chart from 00 UTC Sept 6th 2021

Cairt Anailíse Aermhaise ó 00 UTC an 6 Meán Fómhair 2021

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Matthew Martin, meitéareolaí le Met Éireann: “I dteannta le haermhais the ón deisceart, beidh tionchar ag ardbhrú ar Éirinn as seo go ceann cúpla lá a chabhróidh le srian a choinneáil ar fhrontaí aimsire.  Ciallaíonn sé seo go mbeidh tréimhsí fada gréine i bhformhór na n-áiteanna inniu agus amárach, cé go mb’fhéidir go mbeadh ceobhrán agus ceo ag cóstaí áirithe sa taobh ó dheas agus sa taobh thoir den tír i rith an lae.

“Sroichfidh na teochtaí thart ar 25 Celsius inniu agus b’fhéidir go mbeidh siad chomh hard le 27 Celsius amárach, agus táthar ag súil leis na teochtaí is airde i lár na tíre.”

“Ní bheidh sé grianmhar agus tirim i ngach áit inniu agus beidh sé sách scamallach i gceantair áirithe in Ulaidh agus i gConnachta inniu agus beidh corr mhúr báistí ann, ach amárach beidh tréimhsí fada grianmhara le tabhairt faoi deara sna ceantair seo freisin díreach cosúil leis an gcuid eile den tír.”

Beidh sé sách té i rith na hoíche i gcaitheamh na seachtaine agus ní thitfidh na teochtaí faoi 15 nó 16 Celsius in áiteanna áirithe.

Bíonn an mheánteocht uasta in Éirinn i mí Mheán Fómhair cothrom le thart ar 17°C, agus bíonn an mheánteocht íosta cothrom le 9°C. Is é 29.1°C an teocht uasta a taifeadadh in Éirinn i mí Mheán Fómhair, teocht a taifeadadh ar an 1 Meán Fómhair i gCill Dara ar an Satharn, agus ar an 1 Meán Fómhair 1906.

Le linn dó a bheith ag trácht ar an réamhaisnéis don chuid eile den tseachtain, bhí an méid seo a leanas le rá ag an meitéareolaí Matthew Martin: “Beidh sé te arís ar an gCéadaoin agus beidh na teochtaí idir na 20idí ísle agus lár na 20idí.  Gach seans, áfach, go mbeidh roinnt ceathanna troma, scaipthe le tabhairt faoi deara de réir mar a bhogann réimse lagbhrú i dtreo na hÉireann a bheidh mar bhonn le haer níos éagobhsaí.

“Ar an Déardaoin agus ar an Aoine leanfaidh na tréimhsí gréine agus ceathanna scaipthe ar aghaidh, agus d’fhéadfaidís seo a bheith trom agus toirniúil agus forleathan, go háirithe ar an Déardaoin.  Ní bheidh sé chomh te céanna ag deireadh na seachtaine tráth a dtitfidh na teochtaí go dtí idir 17 agus 20 Celsius.”

Beidh na leibhéil UV measartha i solas na gréine an tseachtain seo, bí #SunSmart agus lean comhairle Éire na Sláinte:


Beag beann ar an gcineál aimsire a bheidh ann, lean an chomhairle sláinte poiblí agus cabhraigh le gach duine a choinneáil sábháilte ó COVID-19.

Má theastaíonn an réamhaisnéis 7-lá, gach uair an chloig is beaichte agus is cothroime le dáta uait le haghaidh do cheantair áitiúil ar Oileán na hÉireann tabhair cuairt ar met.ie. Tá na treoracha agus na rabhaidh aimsire is déanaí d’Éirinn le fáil ar leathanach Rabhaidh Met Éireann. Tá na seirbhísí seo agus tuilleadh seirbhísí nach iad le fáil ar ár n-aip saor in aisce – atá ar fáil ar an App store le haghaidh an iPhone, agus ar an Play store le haghaidh Android. Leann muid ar  Twitter agus Facebook má theastaíonn eolas breise uait maidir le cúrsaí aimsire agus aeráide.

You are here: